YouVersion Logo
Search Icon

Salm 112

112
Aoibhneas an Fhíréin
Salm Aibítreach
1 Alleluia.
Is aoibhinn don fhear ar a mbíonn eagla an Tiarna;
a thugann taitneamh dá aitheanta uile.
2Beidh a shliocht siúd go tréan ar talamh;
is beannaithe clann an duine ionraic.
3Beidh maoin is maitheas ina theaghlach;
mairfidh a fhíréantacht go brách is choíche.
4Bíonn ina sholas sa dorchacht don dea-dhuine;
is trócaireach é, is fial, is ionraic.
5Bíonn an dea-dhuine carthanach fial lena chuid;
riarann sé a ghnó go ceart onórach.
6Ní chorrófar an fíréan choíche;
mairfidh a chuimhne go brách na breithe.
7Ní chuirfidh droch-scéala eagla air;
is daingean a chroí, is é an Tiarna a dhóchas.
8Is dílis daingean a chroí gan eagla;
feicfidh sé a naimhde dá dtreascairt.
9Dáileann sé a chuid go fial ar lucht an ghátair;
maireann a fhéile go brách agus choíche.
Tógfar a cheann, ardófar a chumhacht go glórmhar.
10Feicfidh an peacach agus beidh sé ar buile.
Bainfidh sé díoscán as a fhiacla agus leáfaidh sé;
agus meathfaidh mian an urchóidigh.

Currently Selected:

Salm 112: ABN2012

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in