Salm 110
110
Críost: Rí agus Sagart
1 Salm Dháiví.
Dʼfhoilsigh an Tiarna do mo thiarnasa:
“Bí i do shuí ar mo dheis
go gcuirfidh mé do naimhde mar stól faoi do chosa.”
2Sínfidh an Tiarna ríshlat do chumhachta
as Síón amach.
Bí ag rialú i measc do naimhde.
3Is leat-sa an ceannas ó lá do bhreithe
ar na sléibhte naofa;
is leat [an ríogacht ó fhíorthús dʼóige].
4Mhionnaigh an Tiarna, ní bheidh aithreachas air:
“Is sagart tú go brách
de réir ord Mheilcizidic.”
5Tá an Tiarna ina sheasamh ar do dheis;
déanfaidh sé smionagar de ríthe lá na feirge.
6Tabharfaidh sé breithiúnas ar na náisiúin,
déanfaidh sé carn de chonablaigh;
brisfidh sé cinn urra go fada fairsing.
7Ólfaidh sé as an sruth cois bóthair;
agus dá bhrí sin tógfaidh sé a cheann.
Currently Selected:
Salm 110: ABN2012
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.