YouVersion Logo
Search Icon

Salm 109

109
1 Do stiúrthóir an chóir. Salm le Dáiví.
A Dhia, dá dtugaim moladh ná bí i do thost,
2óir tá béal na n‑éagráifeach agus na bhfealltach
ar leathadh i mʼaghaidh.
3Labhraíonn siad liom i mbriathra éithigh,
timpeallaíonn siad mé le briathra an fhuatha;
tugann siad fúm gan fáth.
4I ndíol mo ghrá dóibh bíonn siad do mo chúiseamh;
ach bímse ag guí.
5Díolann siad liom an t‑olc in aghaidh na maitheasa,
an fuath in aghaidh an ghrá.
6Gríosaigh fear na hurchóide ina choinne;
agus seasadh an cúisitheoir ar a dheis.
7Nuair a thugtar breith air go ndéantar a dhaoradh;
agus go raibh a achainí in aistear.
8Gura tearc iad laethanta a shaoil;
agus go nglaca neach eile a chúram.
9Go raibh a chlann ina ndílleachtaí gan athair;
agus go bhfágtar a bhean chéile ina baintreach.
10Go raibh a chlann ina lucht fáin ag iarraidh déirce;
agus go bhfágtar iad gan teach gan treabhchas.
11Go bhfaighe fear an ghaimbín a bhfuil aige;
agus go mille strainséirí toradh a shaothair.
12Ná raibh neach ann chun gar a dhéanamh dó
ná chun trua a ghlacadh dá dhílleachtaí.
13Go ndéantar a shliocht a mhilleadh,
agus a shloinne a scriosadh in aon ghlúin amháin.
14Cuimhníodh an Tiarna ar urchóid a aithreacha
agus nár scriostar peaca a mháthar amach.
15Go raibh siad i bhfianaise an Tiarna de shíor;
go staithe sé a gcuimhne ó fhréamh as an talamh.
16Toisc nárbh áil leis trócaire a dhéanamh
ach go ndearna géar-leanúint go bás ar an ainniseoir agus an dearóil,
agus gur mharaigh sé fear an chroí chráite.
17An mhallacht ina raibh a dhúil go dtaga sí anuas air;
gura fada uaidh an bheannacht nárbh áil leis.
18Go raibh sé gléasta i mallachtaí mar a bheadh in éadach;
go dté siad isteach ina bhaill bheatha amhail uisce
agus isteach ina chnámha amhail ola.
19Go raibh siad mar chulaith dá chlúdach,
mar chrios a bheadh dá chrioslú de shíor.
20Gurab amhlaidh a roinnfidh an Tiarna le lucht mo chúisithe,
agus leis an dream a dhéanann béadán ar mʼanam.
21Bí i do thaca agam, a Thiarna Dia, as ucht dʼainm;
agus fóir orm le feabhas do bhuan-ghrá.
22Óir táim-se go dearóil dealbh;
agus tá mo chroí dá chrá istigh ionam.
23Leáim as mar scáil fhada an tráthnóna
scuabtar chun siúil mé mar an lócaiste.
24Tá mo ghlúine ag imeacht uaim le troscadh;
agus mo cholainn dá snoí agus dá caitheamh.
25Ráinig mé i mʼábhar scige ag gach aon neach;
agus bíonn a bhfeiceann mé ag croitheadh a gceann.
26Cabhraigh liom, a Thiarna, a Dhia liom;
saor mé de réir do bhuan-ghrá.
27Bíodh a fhios acu gurb í seo do lámh-sa,
gur tusa, a Thiarna, a rinne é seo.
28Mallachtaídís! ach bí-se dár mbeannachadh;
go ndéantar mo naimhde a náiriú
agus go ndéana do ghiolla gairdeas.
29Go n‑éadaítear lucht mo chúisithe i dtarcaisne;
agus go gclúdaítear iad le náire mar le fallaing.
30Gabhfaidh mé buíochas leis an Tiarna os ard;
tabharfaidh mé moladh dó i measc an tslua.
31Óir bhí sé ina sheasamh ar dheasláimh an bhochtáin
lena shábháil ó lucht a dhaortha.

Currently Selected:

Salm 109: ABN2012

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in