Salm 108
108
Is Gaire Cabhair Dé ná an Doras
1Tá mo chroí go daingean, a Dhia;
tá mo chroí go daingean;
canfaidh mé agus seinnfidh mé do mholtaí.
2Múscail, a anam liom!
Músclaígí, a chláirseach asgus a chruit;
músclóidh mé féin an maidneachan.
3Gabhfaidh mé buíochas leat idir na ciníocha, a Thiarna;
molfaidh mé thú i measc na náisiún.
4Óir síneann do bhuan-ghrá chun na bhflaitheas,
agus do dhílse chun na spéartha.
5Éirigh in airde os cionn na bhflaitheas, a Dhia;
bíodh do ghlóir os cionn an domhain uile.
6Ionas go ndéanfaí dʼaos grá a shaoradh,
fóir orainn le do dheasláimh agus éist linn.
7Labhair Dia ina shanctóir agus gheall sé:
“Roinnfidh mé Seicim go ríméadach
agus déanfaidh mé Gleann Sucót a thomhas.
8Is liom tír Ghileád, is liom Manaise;
is é Eafráím clogad mo chinn.
Is é Iúdá mar an gcéanna mo ríshlat;
9Is é Móáb mo bháisín níocháin.
Ar Eadóm a bhuailfidh mé mo bhróg;
agus béarfaidh mé bua ar Fhilistía.”
10Cé sheolfaidh isteach mé sa chathair chosanta?
Cé thabharfaidh go hEadóm isteach mé?
11Nach tú a chuir uait sinn, a Dhia;
ionas nach ngabhann tú amach lenár sluaite?
12Tabhair cúnamh dúinn in éadan ár naimhde,
óir is díomhaoin é cúnamh ón duine.
13Déanfaimid gaisce le cúnamh ó Dhia,
óir is é a ghabhfaidh de chosa inár naimhde.
Currently Selected:
Salm 108: ABN2012
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.