YouVersion Logo
Search Icon

Salm 107

107
An Cúigiú Leabhar
Moladh le Dia
1Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é,
toisc go maireann a bhuan-ghrá go brách.
2Abradh amhlaidh an dream ar shlánaigh an Tiarna iad,
an dream a shlánaigh sé ó láimh an namhad,
3agus a chruinnigh sé ó thíortha i gcéin,
anoir, aniar, aneas agus aduaidh.
4Ghabh siad ar seachrán in uaigneas an fhásaigh;
níor aimsigh siad slí chuig cathair chónaithe.
5Bhí ocras agus tart as cuimse orthu,
go raibh siad i ndeireadh a n‑anama.
6Ach ghlaoigh siad ar an Tiarna ina ngátar;
agus rinne sé a bhfuascailt óna n‑anacraí,
7agus sheol sé ar an mbóthar díreach iad
ionas gur aimsigh siad cathair chónaithe.
8Gabhaidís buíochas leis an Tiarna as ucht a bhuan-ghrá,
as ucht na n‑iontas a dhéanann sé don Ádhamchlann,
9de bhrí gur shásaigh sé an t‑anam tartmhar,
agus gur líon sé de nithe fónta an t‑anam ocrach.
10Bhí siad ina suí sa duifean agus sa dorchacht,
i gcuibhreacha na hainnise agus an iarainn,
11toisc go ndeachaigh siad in easumhlaíocht ar Dhia,
agus gur neamhshuim leo comhairle an Neach is Airde.
12Dʼísligh sé a gcroí le buairt;
thuisligh siad; ní raibh aon neach lena dtarrtháil.
13Ach ghlaoigh siad ar an Tiarna ina ngátar,
agus rinne sé a bhfuascailt óna mbuaireamh.
14Thug sé amach as an duifean agus an dorchacht iad;
agus réab sé a gcuibhreacha ó chéile.
15Gabhaidís buíochas leis an Tiarna as ucht a bhuan-ghrá;
as ucht na n‑iontas a dhéanann sé don Ádhamhchlann.
16Óir rinne sé smionagar de na doirse práis
agus réab sé na sparraí iarainn ó chéile.
17Buaileadh breoite iad de dheasca a bpeacaí;
bhíodar dá gcrá de dheasca a gcionta.
18Ba ghráin leo an uile shórt bia;
agus dhruid siad le doirse an bháis.
19Ach ghlaoigh siad ar an Tiarna ina ngátar;
agus rinne sé a bhfuascailt óna mbuaireamh.
20Chuir sé a bhriathar chucu dá leigheas;
agus saoradh iad ón scrios a bhí ag bagairt orthu.
21Gabhaidís buíochas leis an Tiarna as ucht a bhuan-ghrá;
as ucht na n‑iontas a dhéanann sé don Ádhamchlann.
22Ofrálaidís a n‑íobairtí buíochais,
agus fógraídís a éachtaí go háthasach.
23Sheol cuid acu an mhuir i loingeas;
a thrádáil ar an aigéan imleathan,
24mar a bhfaca siad oibreacha an Tiarna,
agus na héachtaí a dhéanann sé san fharraige.
25Óir labhair sé agus mhúscail sé an t‑anfa,
agus thóg sé mórthonnta na mara.
26Suas go haer leo agus síos leo go grinneall,
gur theip ar a meanma ina n‑anbhroid.
27Bhí siad ag tuisliú is ag titim amhail lucht meisce,
mar dhaoine a bhí i mbarr a gcéille.
28Ach ghlaoigh siad ar an Tiarna ina ngátar;
agus rinne sé a bhfuascailt óna mbuaireamh.
29Chiúnaigh sé an t‑anfa is an doineann;
agus chuir tonnta na mara ina dtost.
30Ghabh áthas iad as ucht an chiúnais;
agus sheol sé iad sa chuan ba mhian leo.
31Gabhaidís buíochas leis an Tiarna as ucht a bhuan-ghrá,
as ucht na n‑iontas a dhéanann sé don Ádhamhchlann.
32Tugaidís moladh dó i gcomh-thionól an phobail;
déanaidís a mhóradh i seanad na sean.
33Rinne sé fásach de shruthanna;
talamh tirim de thoibreacha uisce;
34riasca salainn de thalamh torthúil
mar gheall ar urchóid a lucht áitrithe.
35Agus rinne sé locha uisce den fhásach;
toibreacha uisce den talamh tur tirim.
36Agus chuir sé lucht an ocrais ag lonnú ann;
agus bhunaigh siad ann cathair ináitrithe.
37Chuir siad síol ann agus phlandaigh siad fíniúna;
agus thug an talamh barr ar fheabhas dóibh.
38Bheannaigh sé iad agus chuaigh siad i líonmhaireacht;
níor lig sé dá dtréada dul i laghad.
39Ach caitheann sé dímheas le flatha;
agus ligeann ar seachrán slí iad sa bhfásach.
40Agus téann siad i laghad agus i laige;
de thoisc iomad a n‑olc is a n‑angar.
41Ach tógann sé na boicht as a n‑ainnise,
go ndéanann a dteaghlaigh chomh líonmhar le tréada.
42Feiceann na fíréin agus déanann siad gairdeas,
agus cuirtear an uile urchóid ina tost.
43Tabharfaidh an t‑eagnaí na nithe seo dá aire;
agus beidh tuiscint aige ar bhuan-ghrá an Tiarna.

Currently Selected:

Salm 107: ABN2012

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in