YouVersion Logo
Search Icon

Salm 106

106
1Ollmhaitheas Dé agus Diomaíochas Iosrael.
Alleluia.
Tugaigí buíochas don Tiarna toisc gur maith é;
toisc go maireann a bhuan-ghrá go brách.
2Cé ar féidir leis éachtaí an Tiarna a fhógairt?
cé a chraolfaidh a mholtaí go léir?
3Is méanar don dream a choinníonn an ceart,
agus a chloíonn leis an bhfíréantacht de shíor.
4Bí ag cuimhneamh orm, a Thiarna, bí go maith dom,
as ucht do ghrá do do phobal.
Tar chugam, a Thiarna, le do chúnamh;
5go bhfeice mé séan na ndaoine atá tofa agat,
go ndéana mé gairdeas faoi áthas do phobail;
is go ndéana mé mórtas mar aon le dʼoidhreacht.
6Pheacaíomar ar nós ar sinsir;
rinneamar an t‑olc agus an t‑éigeart.
7Níor thug ár n‑aithreacha san Éigipt
aon aird ar bith ar dʼéachtaí.
Rinne siad dearmad ar lánmhaire do bhuan-ghrá;
thugadar a slán faoin Neach is Airde ag an Muir Rua.
8Ach tharrthaigh sé iad as ucht a ainm,
dʼfhonn is go ndéanfadh sé a chumhacht a nochtadh.
9Thug sé casaoid don Mhuir Rua agus thiormaigh sí;
agus sheol sé trí na tonnta mar trí fhásach iad.
10Shaor sé ó láimh lucht a bhfuatha iad;
agus scaoil sé iad as greim a naimhde.
11Dʼfholaigh an tuile a gcéilí comhraic;
níor fágadh oiread is aon fhear amháin acu.
12Ansin is ea a chreid siad a bhriathra;
gur ghabh siad ag canadh a mholtaí.
13Ach ba ghearr go ndearna siad dearmad ar a éachtaí;
agus níorbh áil leo fanacht lena chomhairle.
14Ligeadar srian lena mianta sa bhfásach;
chuireadar cathú ar Dhia san uaigneas.
15Lig sé a n‑achainí leo;
ach chuir sé seirg-ghalar ar a n‑anam.
16Bhí éad orthu le Maois ina mbothanna,
agus le hÁrón, neach naofa an Tiarna.
17Dʼoscail an talamh agus shlog sé Dátán,
agus dʼfholaigh sé Aibíorám is a mhuintir.
18Fadaíodh tine i measc a mbuíne;
agus loisc na lasracha na meirligh.
19Dhealbhaigh siad lao ag Horaeb;
rinne siad íol dʼór leáite a adhradh.
20Rinne siad Dia na glóire a mhalartú
ar íomhá tairbh a mhaireann ar fhéar.
21Rinne siad dearmad ar Dhia a shlánaigh iad,
agus a rinne éachtaí móra dóibh san Éigipt,
22a rinne na hiontais dóibh i dtír Hám,
agus nithe uamhnacha le hais na Mara Rua.
23Agus dúirt sé go scriosfadh sé iad dá bhrí sin,
murach Maois, an té a roghnaigh sé
a dhul roimhe sa bhearna dʼfhonn a fhearg
a mhaolú sula ndéanfadh sé a milleadh.
24Ba tháir leo dá éis sin tír an aoibhnis;
níor mhuinín leo, ach oiread, a bhriathar.
25Ach bhídís ag cásamh ina mbothanna,
agus ní éistfidís le glór an Tiarna.
26Dʼardaigh sé a lámh agus mhionnaigh dóibh
go leagfadh sé ar lár iad sa bhfásach,
27go scaipfeadh sé a síol i measc na náisiún
a scaoileadh ar fud na cruinne.
28Dʼumhlaigh siad ansin do Bhál Peór,
agus dʼith siad íobairtí na marbh.
29Spreag siad é chun feirge lena ngníomhartha,
agus buaileadh iad ansin leis an bplá.
30Dʼéirigh Píneachás gur imir sé breithiúnas,
gurb amhlaidh a cuireadh cosc leis an bplá.
31Measadh sin mar fhíréantacht dó dá bharr
go dtí an uile ghlúin go brách na breithe.
32Chuir siad fearg air ag uiscí Mhiríbeá;
agus smachtaigh sé Maois dá dheasca.
33Óir chuir siad a chroí chun seirbhe,
ionas gur labhair sé briathra míchríonna.
34Ní dhearna siad na náisiúin a dhíothú
de réir mar a dʼordaigh an Tiarna dóibh.
35Ach is amhlaidh a rinne siad caidreamh leis na ciníocha,
go ndearna siad a ngníomharthasan a fhoghlaim.
36Thug siad fónamh dʼíola na náisiún,
gurb uime sin a cuireadh ó rath iad.
37Óir dʼíobair siad a macra féin,
agus a n‑iníonacha féin do na deamhain.
38Dhoirt siad fuil na neamhurchóideach,
fuil a mac is a n‑iníonacha,
a dʼíobair siad do íola Chanán
gur truaillíodh an tír le fuil.
39Trochlaíodh iad lena n‑oibreacha féin;
agus ghabh siad le striapachas ina ngníomhartha.
40Bhladhm fraoch Dé in aghaidh a phobail;
ghlac sé déistin lena oidhreacht féin.
41Thug sé faoi smacht na náisiún iad,
agus chuir lucht a bhfuatha faoi chois iad.
42Rinne a naimhde cos ar bolg orthu,
agus fágadh faoi smacht a lámh iad.
43Tharrthaigh sé arís agus arís eile iad,
ach spreag siad chun feirge é lena scéimeanna,
agus leag a n‑urchóid féin ar lár iad.
44Dá ainneoin sin chuir sé spéis ina mbuaireamh,
nuair a chuala sé a nglao.
45Ar a son siúd chuimhnigh sé ar a chonradh.
Ghlac sé trua dóibh as ucht a lánmhaire a bhuan-ghrá,
46agus fuair sé trócaire dóibh
ó na dreamanna go léir a rinne braighdeanaigh díobh.
47Tarrthaigh sinn, a Thiarna, ár nDia;
bailigh le chéile sinn as measc na náisiún
go dtugaimis buíochas do dʼainm naofa,
is go ndéanaimis do mholadh a chanadh.
48Moladh leis an Tiarna, Dia Iosrael,
ó aois go haois go brách.
Agus go gcana na daoine go léir:
áiméan! áiméan! Alleluia!

Currently Selected:

Salm 106: ABN2012

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in