YouVersion Logo
Search Icon

Salm 105

105
Dílseacht Dé dá Ghealltanais
1Altaígí don Tiarna, glaoigí ar a ainm;
foilsígí a ghníomhartha do na náisiúin.
2Bígí ag canadh dó, déanaigí a mholadh;
insígí a éachtaí go léir.
3Déanaigí mórtas as a ainm óir is naofa é;
gairdígí, a lucht iarrtha, an Tiarna.
4Breathnaígí an Tiarna agus a chumhacht;
lorgaígí a ghnúis de shíor.
5Cuimhnigí ar na héachtaí a rinne sé;
ar a mhíorúiltí agus ar bhreitheanna a bhéil.
6A shliocht Abrahám, a lucht fónaimh féin!
a chlann Iacób dá ndearna sé rogha!
7Is é an Tiarna féin ár nDia
a bhfuil a bhreitheanna i réim ar fud na cruinne.
8Cuimhníonn sé ar a chonradh go brách,
ar a ghealltanas go dtí míle glúin,
9an conradh a cheangail sé le hAbrahám,
an mionn a mhionnaigh sé do Íosác.
10Dhaingnigh sé ina reacht é do Iacób,
ina chonradh dʼIosrael go brách,
11dá rá leis: “Tabharfaidh mé Canán duit,
chun a bheith mar oidhreacht agat féin.”
12An uair ba thearc a líon,
glac bheag díobh, ina gcoimhthígh sa tír,
13ag imeacht ó chine go cine dóibh,
is iad ag fánaíocht ó ríocht go ríocht.
14Níor lig sé dʼaon neach cos ar bolg a dhéanamh orthu;
ach rinne bagairt ar ríthe ar a son.
15“Ná leomhadh sibh baint le mʼungthaigh;
ná déanaigí dochar do mʼfháithe.”
16Nuair a ghlaoigh sé gorta ar an tír sin,
agus gur mhill sé an t‑arán ar fad orthu,
17is amhlaidh a bhí fear curtha rompu aige,
mar a bhí, Iósaef, a díoladh i ndaorbhroid.
18Ceanglaíodh a chosa le cuibhreacha;
crioslaíodh a mhuineál le hiarann,
19go dtí gur comh-líonadh a fháistine;
is gur dhearbhaigh briathar an Tiarna é.
20Chuir an rí dá a fhios agus dʼfhuascail é;
rinne taoiseach na gciníocha é a shaoradh.
21Cheap sé ina thiarna ar a theaghlach é,
ina mhaor ar a mhaoin go léir,
22dʼfhonn a mhaithe a mhúineadh mar ba mhian leis,
agus saoithe a dhéanamh dá sheanóirí.
23Tháinig Iosrael isteach san Éigipt dá éis sin;
agus bhain Iacób faoi i dtír Hám.
24Mhéadaigh sé a phobal go mór,
go ndearna ní ba láidre ná a naimhde iad.
25Dʼathraigh sé a gcroí siúd ionas gurbh fhuath leo a phobal,
agus gur bhaineadar mealladh as a sheirbhísigh.
26Chuir sé Maois, a sheirbhíseach, ag triall orthu,
agus Árón, an duine a roghnaigh sé.
27Dʼoibrigh siad a chomharthaí ina measc,
agus a iontais i bhfearann Hám.
28Chuir sé an dorchacht chucu agus dhorchaigh sé,
ach níor thug siad aird ar a bhriathar.
29Rinne sé fuil dá n‑uiscí
i dtreo is gur mharaigh sé a n‑iasc.
30Bhí a dtír ag brúchtaíl le froganna,
fiú amháin i seomraí a ríthe.
31Labhair sé agus tháinig saithe de chuileoga,
agus de mhíolta ar fud na tíre.
32Chuir sé cloichshneachta chucu in áit fearthainne;
agus tine chraosach trína gcríocha go léir.
33Bhuail sé a bhfíniúna is a gcrainn fígí;
agus threascair sé crainn uile a gcríocha.
34Labhair sé agus tháinig na lócaistí,
agus dreoiliní teaspaigh gan áireamh.
35Shlog siad a raibh de luibheanna sa tír,
agus dʼith siad toradh a dtalaimh.
36Bhuail sé gach céad-ghin ina bhfearann,
céadtoradh a nirt go léir.
37Sheol sé amach iad le hór is le hairgead,
gan lagrachán ar bith ina dtreibheanna.
38Bhí áthas ar na hÉigiptigh nuair a dʼimigh siad
óir bhí uamhan agus eagla orthu rompu.
39Leath sé néal ina dtimpeall dá gclúdach,
agus tine a thug solas dóibh san oíche.
40Chuir sé gearra goirt chucu ar a n‑iarratas;
agus líon sé le bia ó neamh iad.
41Scoilt sé an charraig gur bhrúcht an t‑uisce ina shlaoda;
agus scaird sé ina abhainn tríd an bhfásach.
42Óir ba chuimhin leis a bhriathar naofa
a thug sé dʼAbrahám, a ghiolla.
43Agus sheol sé a phobal amach le gairdeas;
agus a mhuintir thofa le gártha áthais.
44Agus thug sé dóibh críocha na gciníocha;
agus ghabh siad a raibh saothraithe ag na náisiúin,
45i dtreo go gcoimeádaidís a reachtanna;
agus go gcomhlíonaidís a dhlíthe. Alleluia.

Currently Selected:

Salm 105: ABN2012

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in