Salm 101
101
An Rí Fíréanta
1 Salm [le] Dáiví.
Canfaidh mé faoi dhílse agus fíréantacht
duit-se, a Thiarna.
2Gabhfaidh mé sa tslí gan mháchail;
cathain a thiocfaidh tú?
Siúlfaidh mé le croí gan cháim
i lár mo thí.
3Ní chuirfidh mé os comhair mo shúl
aon ní suarach.
Is gráin liom slí na n‑urchóideach;
ní bheidh páirt agam leo.
4Beidh an croí calaoiseach i bhfad uaim;
ní aithneoidh mé an t‑olc.
5Fear clúmhillte a chomharsan os íseal,
millfidh mé an té sin.
Fear na mórchúise agus na mórála,
ní fhéadaim cur suas leis.
6Beidh súil agam le fíréin na tíre
a bheith in aontíos liom.
An té a shiúlann sa tslí gan máchail,
is é a dhéanfaidh fónamh dom.
7Ní dhéanfaidh fear na ceilge choíche
cónaí i mo theachsa.
Ní mó ná sin a ligfidh mé don bhréagaire
fanacht in éineacht liom.
8Scriosfaidh mé maidin ar mhaidin
peacaigh na tíre;
agus dítheoidh mé as cathair an Tiarna
lucht déanta an oilc.
Currently Selected:
Salm 101: ABN2012
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.