YouVersion Logo
Search Icon

Salm 100

100
Gairdígí don Tiarna
1 Salm buíochais.
Gairdígí don Tiarna, a thíortha uile;
2fónaigí don Tiarna go lúcháireach.
Tagaigí ina láthair le hamhráin áthais.
3Bíodh a fhios agaibh gurb é an Tiarna is Dia ann.
Eisean a rinne sinn; is leis féin sinn.
Sinne a phobal agus caoirigh a pháirce.
4Gabhaigí buíochas leis ag dul isteach ina dhoirse daoibh.
Siúlaigí isteach ina chúirteanna le cainticí.
Tugaigí moladh dó agus móraigí a ainm.
5Nach maith é go deimhin an Tiarna;
maireann a bhuan-ghrá go brách.
Is dílis é ó ghlúin go chéile.

Currently Selected:

Salm 100: ABN2012

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Salm 100