YouVersion Logo
Search Icon

Eabhraigh 7

7
Meilcizidic Samhail de Chríost
1Rí Shálaem agus sagart an Dé is airde ab ea an Meilcizidic seo. Nuair a bhí Abrahám ag filleadh abhaile ó ár na ríthe bhuail Meilcizidic leis agus thug sé a bheannacht dó 2agus thug Abrahám an deichiú cuid den chreach go léir dósan. Is é “Rí na Fíréantachta” an chéad chiall atá ag ainm Mheilcizidic ach ciallaíonn sé “Rí Shálaem,” is é sin, “Rí na Síochána,” freisin. 3Ní luaitear a athair ná a mháthair ná a ghinealach ná a bhreith ná a bhás; ar nós Mhac Dé fanann sé ina ard-sagart go deo.
4Tugaigí faoi deara anois cé chomh tábhachtach a bhí an fear seo ós rud é gur thug an patrarc Abrahám an deichiú cuid de scoth na creiche dó. 5De réir an dlí, anois, tá sé de dhualgas ar an gcuid sin de chlann Léiví a ndéantar sagairt díobh deachúna a ghearradh ar an bpobal, is é sin, ar a mbráithre féin, siúd is gur de shliocht Abrahám iad-san freisin. 6Ach dʼainneoin nár de shliocht Léiví é ghearr Meilcizidic deachú ar Abrahám agus thug sé a bheannacht fiú dʼfhear na ngealltanas. 7Anois, gan aon amhras ar bith, is ó dhuine is uaisle céim ná é féin a fhaigheann duine beannacht. 8Ina theannta sin, is daoine básmhara a fhaigheann na deachúna; sa chás eile, áfach, is é a fhaigheann iad ná duine a ndearbhaítear faoi go bhfuil sé beo i gcónaí. 9Dʼfhéadfá a rá chomh maith, is dócha, gur gearradh deachúna fiú ar Léiví féin, fear tógtha na ndeachúna, trí Abrahám. 10Óir, bhí Léiví i gcorp a shinsir cheana féin nuair a bhuail Meilcizidic leis.
An Córas Léivíteach ar Ceal
11Fuair an pobal tofa dlí a bhí ceangailte go dlúth leis an tsagartacht Léivíteach. Más ea, dá mbeadh slánú iomlán le fáil tríd an tsagartacht sin cén fáth a mbeadh gá fós lena athrach sin ar fad de shagart, is é sin, ceann nach mbeadh ar nós Árón ach ar nós Mheilcizidic. 12Ar ndóigh, má athraítear an tsagartacht caithfear an dlí a athrú chomh maith. 13Anois, an té a bhfuiltear ag labhairt faoi anseo, ba de threibh eile é ar fad agus ní raibh baint ar bith ag aon duine den treibh sin leis an altóir riamh. 14Óir, mar is eol do chách, ba de threibh Iúdá é ár dTiarna agus nuair a bhí Maois ag labhairt faoi shagairt níor luaigh sé an treibh sin ar aon chor.
15Agus tá cruthú níos soiléire fós ann ar an bhfírinne sin. Óir ceapadh sagart eile dúinn atá cosúil le Meilcizidic. 16Ní dhearnadh sagart de, áfach, de réir rialacha a bhí bunaithe ar ghinealach daonna ach de bharr na cumhachta atá ag beatha dhoscriosta. 17A fhianaise sin na focail seo a leanas: “Is sagart síoraí thú ar nós Mheilcizidic.” 18Is é sin le rá, cuireadh na seanrialacha ar ceal toisc iad a bheith gan bhrí gan éifeacht. 19Óir níor thug an dlí aon ní chun foirfeachta riamh. Ar an taobh eile de, áfach, músclaítear dóchas níos fearr ionainn a sheolann sinn níos gaire do Dhia.
20Ina theannta sin, níor tugadh aon mhionn nuair a rinneadh sagairt de na daoine eile úd. 21Ach nuair a rinneadh sagart dʼÍosa, thug Dia mionn uaidh nuair a dúirt sé leis: “Thug an Tiarna mionn uaidh agus ní bheidh dada dá aiféala sin air: ‘Is sagart síoraí thú.’” 22Mar sin de, sa mhéid nach gan mhionn a rinneadh sagart dʼÍosa, is fearr dá réir an conradh a bhfuil sé ina urra air.
23Is amhlaidh freisin nárbh fholáir sluaite de na sagairt eile úd a bheith ann toisc nach raibh duine acu buanmharthanach mar gheall ar an mbás. 24Ach is sagartacht shíoraí atá ag Íosa de bhrí go bhfuil sé ann go deo. 25Dá thoradh sin, is féidir leis na daoine a thagann chun Dé tríd a shlánú go hiomlán de bhrí go maireann sé de shíor chun idir-ghuí a dhéanamh ar a son.
26Ba é a leithéid sin dʼard-sagart a bhí oiriúnach dúinn: sagart naofa, neamhurchóideach, gan smál, a bhí scartha ó na peacaigh agus tógtha suas os cionn na bhflaitheas; 27sagart nár ghá dó, faoi mar ba ghá do na hardsagairt eile úd, íobairt a ofráil go laethúil in éiric a pheacaí féin ar dtús agus ansin in éiric pheacaí an phobail. Níor ofráil seisean íobairt ach aon uair amháin riamh agus sin nuair a dʼofráil sé é féin. 28Rinne an dlí ardsagairt de dhaoine a raibh laige éigin iontu. Ach an briathar a neartaíodh le mionn a thug Dia i bhfad níos déanaí ná an dlí, rinne sé sin ard-sagart den Mhac, eisean a bhfuil buaic na foirfeachta bainte amach aige go deo.

Currently Selected:

Eabhraigh 7: ABN2012

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in