YouVersion Logo
Search Icon

2 Corantaigh 8

8
Flaithiúlacht Chríostaí
1Ba mhaith liom fios a thabhairt anois daoibh, a bhráithre, ar an ngrásta atá bronnta ag Dia ar eaglaisí na Macadóine. 2Cé gur promhadh go dian san anró iad, tá siad lán dʼáthas, agus dʼainneoin iad a bheith beo bocht is iad croí na féile iad. 3Thug siad uathu de réir a n-acmhainne, ní hea, ar mʼanam, ach thar a n-acmhainn; agus dá ndeoin féin 4dʼimpigh siad orainn go bog agus go crua ligean dóibh a bheith páirteach sa ghar seo atá dá dhéanamh do na naoimh. 5Agus, rud nach raibh aon súil againn leis, thug siad suas iad féin ar dtús don Tiarna agus dúinne ina dhiaidh sin de dheonú Dé. 6Sin é an fáth gur mholamar do Thíteas an gnó carthanachta seo a thabhairt chun críche in bhur measc ó ba é a chuir tús leis. 7Agus ós rud é go bhfuil flúirse den uile shórt agaibh, flúirse den chreideamh, den líofacht, den eolas, den uile dhíograis agus den ghrá a dʼfhoghlaim sibh uainne, bígí flaithiúil sa charthanacht seo chomh maith.
8Ní ag tabhairt orduithe daoibh atáim ach ag iarraidh dáiríre bhur ngrá a mheas de réir díograis daoine eile. 9Tá a fhios agaibh go maith an chomaoin a chuir ár dTiarna Íosa Críost oraibh: siúd is go raibh sé saibhir rinne sé bochtán de féin ar mhaithe libh-se, dʼfhonn is go ndéanfaí daoine saibhre díbh trína bhochtaineacht-san. 10Tá comhairle agam, áfach, le tabhairt daoibh sa ghnó seo, comhairle bhur leasa, mar ní hé amháin gur sibh-se na chéad daoine a thosaigh ar an ngnó seo a chur i ngníomh bliain ó shin ach bhí sibh ar na chéad daoine a bheartaigh é. 11Tugaigí an gnó chun críche anois agus bígí chomh fonnmhar céanna dá chríochnú de réir bhur ngustail agus a bhí sibh dá bheartú. 12Má bhíonn an dea-thoil ann beifear sásta leis an duine a thugann de réir a acmhainne agus gan dul thar a acmhainn, 13mar ní gá daoibh sibh féin a chreachadh ag fóirithint ar dhaoine eile. 14Níl ann ach ceist cothroime: an fuílleach atá agaibh-se i láthair na huaire, coinneoidh sé riar a gcáis leo siúd: agus an fuílleach a bheidh acu sin coinneoidh sé riar bhur gcáis libh-se ar ball, agus sa tslí sin beidh cothrom ann 15de réir mar atá scríofa: “An té a chnuasaigh mórán, ní raibh an iomarca aige, agus an té a chnuasaigh beagán, ní raibh easnamh air.”
Títeas agus a Chompánaigh
16Míle buíochas le Dia a chuir an díograis chéanna chun cabhraithe libh i gcroí Thíteas. 17Ní hé amháin gur aontaigh sé le mʼachainíse ach bhí sé chomh díograiseach sin go ndeachaigh sé ag triall oraibh dá dheoin féin. 18Agus chuireamar lena chois an bráthair úd a bhfuil moladh air mar shoiscéalaí ar fud na n-eaglaisí go léir. 19Agus ní hamháin sin, ach is é atá tofa ag na heaglaisí ina chompánach aistir agam-sa sa bheartas carthanachta seo atá idir lámha againn ar son ghlóir an Tiarna agus dʼfhonn ár ndíograis a thaispeáint. 20Táimid ar ár n-aire, áfach, nach mbeidh gearán ag duine ar bith orainn faoin gciste fial seo atá faoinár gcúram. 21Mar is é ár n-aidhm an rud ceart a dhéanamh ní hamháin i bhfianaise an Tiarna ach i bhfianaise daoine chomh maith. 22Agus chuireamar bráthair dár gcuid lena gcois, fear a bhfuil a dhíograis tástáilte againn go mion minic agus gur díograisí ná riamh anois é le méid na hiontaoibhe atá aige asaibhse. 23Maidir le Títeas, is páirtí liom féin é agus cúntóir chun freastail oraibhse. Agus i dtaca lenár mbráithre de, is teachtaí ó na heaglaisí iad agus is creidiúint iad do Chríost. 24Taispeánaigí, dá bhrí sin, i bhfianaise na n-eaglaisí go bhfuil grá agaibh dóibh agus nach miste dúinne a bheith bródúil asaibh.

Currently Selected:

2 Corantaigh 8: ABN2012

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in