YouVersion Logo
Search Icon

2 Corantaigh 9

9
An Bailiúchán
1Ní gá dom aon ní a scríobh chugaibh faoin mbailiúchán i gcomhair na naomh. 2Mar tá a fhios agam an díograis atá ionaibh faoi agus bím ag déanamh gaisce asaibh le muintir na Macadóine agus ag rá go bhfuil an Acháia faoi réir chuige le bliain anuas. Go deimhin féin is í bhur ndíograis-se a spreag a bhformhór eile chun gnímh. 3Ach ar eagla nach mbeadh i mo chuid mórtais sa chás seo ach caint dhíomhaoin, táim ag seoladh na mbráithre chugaibh i dtreo go mbeidh sibh ullamh faoi mar a dúirt mé. 4Mar dá dtagadh roinnt Macadónach le mo chois agus gan sibh-se a bheith ullamh rompu, nach orm-sa a bheadh an náire, gan trácht oraibh féin–tar éis dom a bheith chomh teann sin asaibh? 5Mheas mé dá bhrí sin nár mhór dom a iarraidh ar na bráithre dul ag triall oraibh romham agus an deontas a bhí geallta agaibh a eagrú roimh ré i dtreo go mbeadh sé réidh i mo chomhair agus é ina dheontas fial in áit a bheith ina ainchíos.
Is Geal le Dia an Té
a Thugann go Fáilteach
6Seo mar atá an scéal: an té a chuireann an síol go gann, is gann an fómhar a bhainfidh, ach an té a chuireann go fairsing, bainfidh sé fómhar fairsing. 7Déanadh gach duine dá bhrí sin mar a bhí beartaithe ina chroí aige, agus déanadh sé sin gan doicheall gan éigean mar is geal le Dia an té a thugann go fáilteach. 8Tá ar chumas Dé gach tabhartas a bhronnadh go fairsing oraibh, i dtreo go mbeadh lán bhur ndóthain agaibh den uile shórt i gcónaí agus fuílleach i gcomhair gach dea-chúise, 9de réir mar atá scríofa: “Roinn sé go fial ar na boicht, mairfidh a mhaoin go deo.”
10An té úd a sholáthraíonn síol don síoladóir agus a thugann arán le hithe, soláthróidh sé an síol daoibhse chomh maith; méadóidh sé an síol agus iomadóidh sé torthaí bhur bhfíréantachta. 11Beidh sibh saibhir bhur ndóthain i gcónaí chun a bheith fial le cách agus beidh ár mbuíochas dá bharr sin ar Dhia. 12Mar an tseirbhís naofa seo atá idir lámha againn, ní hé amháin go bhfuil sí ag soláthar riar a gcáis do na naoimh ach tá rabharta buíochais dá thuilleamh chomh maith aici do Dhia. 13De bharr na seirbhíse profa seo beidh siad ag moladh Dé as bhur n-umhlaíocht ag admháil dhea-scéal Chríost agus as an bhflaithiúlacht lenar roinn sibh bhur gcuid orthu féin agus ar chách eile. 14Agus beidh siad ag guí oraibh go geanúil de bharr an ghrásta as cuimse a bhronn Dia oraibh. 15Buíochas le Dia mar gheall ar a thabhartas do-inste!

Currently Selected:

2 Corantaigh 9: ABN2012

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in