2 Corantaigh 7
7
1Nuair atá a leithéidí sin de ghealltanais againn, a mhuintir na páirte, glanaimis dínn gach smál coirp agus anama agus cuirimis ár naomhú i gcríoch faoi eagla Dé.
Sólás tar éis an Dóláis
2Déanaigí áit dúinn in bhur gcroí. Ní dhearnamar éagóir ná dochar ná calaois ar dhuine ar bith agaibh. 3Ní dá chasadh libh atáim, mar tá ráite agam cheana libh go bhfuil sibh i gcochall mo chroí agam chun bás nó beatha a fháil liom ann. 4Is mór í mʼiontaoibh asaibh agus is mór é mo bhród. Agus ainneoin mo chuid anacra táim lán de shólás agus ag cur thar maoil le háthas.
5Ar theacht dúinn chun na Macadóine ní raibh aon suaimhneas le fáil ag ár gcolainn ach crosa ar gach taobh, achrann ón taobh amuigh agus imní ón taobh istigh. 6Ach an Dia a thugann sólás do na huirísle, thug sé sólás dúinne nuair a tháinig Títeas ar an láthair. 7Agus níorbh é a theacht sin amháin a chuir misneach orainn ach an spreagadh a bhí faighte aige uaibh-se chomh maith; thug sé cuntas dom ar a mhéad a bhí sibh ag tnúth liom, ar an mbrón a bhí oraibh agus ar a dhíograisí a bhí sibh dom, rud a chuir go mór le mo lúcháir.
8Más ea féin gur chuir mé brón oraibh leis an litir úd agam, níl aon aiféala orm faoi. Nó má bhí aiféala orm tuigim gur ghoill an litir sin oraibh dʼala na huaire, 9tá áthas anois orm, ní de chionn go raibh sibh-se buartha ach de chionn gur thug an bhuairt chun aithrí sibh. Bhí bhur mbuairt de réir thoil Dé agus dá bhrí sin ní raibh sibh aon ní chun deiridh linne. 10Mar an bhuairt a bhíonn de réir thoil Dé, saothraíonn sí an aithrí úd a sheolann daoine ar bhóthar a slánaithe agus ní haon chúis aiféala é sin, ach ní thagann ón mbuairt shaolta ach an bás. 11Féach an toradh a bhí ar an mbuairt sin a chuir Dia oraibh; cad é mar dhúthracht a chothaigh sí ionaibh, cad é mar fhonn cosanta, cad é mar mhíchéadfa, cad é mar fhaitíos! Cad é mar dhíograis agus mar fhonn cúitimh a spreag sí ionaibh! Chruthaigh sibh go raibh sibh neamhurchóideach sa ghnó seo ar fad.
12Nuair a scríobh mé an litir úd chugaibh, ní ar mhaithe le fear déanta na héagóra a bhí mé, ná ar mhaithe leis an té a ndearnadh an éagóir air, ach dʼfhonn bhur ndílseacht dom-sa a chur ar bhur súile daoibh i bhfianaise Dé. 13Sin é an fáth a bhfuil sólás orainn. Agus mar bharr ar ár sólás, bhí áthas níos mó fós orainn faoin ngliondar a bhí ar Thíteas toisc gur chuir sibh-se go léir a aigne chun suaimhnis. 14Cibé mórtas a rinne mé asaibhse leis, níorbh aon chúis náire dom é, ach faoi mar nár labhair mé riamh libh-se ach an fhírinne ghlan, an maíomh a rinne mé asaibh le Títeas tháinig sé isteach fíor chomh maith céanna. 15Agus is ag dul i méid atá a chion oraibh nuair a chuimhníonn sé ar chomh humhal agus a bhí sibh go léir dó, agus ar chomh hurramach uamhnach agus a dʼfháiltigh sibh roimhe. 16Is cúis áthais dom-sa go dtig liom a bheith lánmhuiníneach asaibh.
Currently Selected:
2 Corantaigh 7: ABN2012
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.