Rómhánach 1
1
1Pól seirbhíseach Íosa Críost, do glaodhadh chum bheith ’n‐a abstal, do cuireadh ar leith le h‐aghaidh soiscéil Dé, 2do gheall sé roimh ré tré n‐a fháidhibh ins na scrioptúiribh naomhtha, 3i dtaobh a Mhic Íosa, do geineadh de shiol Dáibhí do réir na feola, 4do dearbhuigheadh bheith ’n‐a Mhac do Dhia le cumhacht do réir spioraid na naomhthachta, tré aiséirghe ó na marbhaibh; Íosa Críost ár dTighearna, 5tré n‐a bhfuaramair‐ne grása agus abstalacht, chum na Cineadhacha uile do thabhairt chum umhlachta do’n chreideamh, 6ar son a ainme‐sean; agus do glaodhadh sibh‐se, leis, ’n‐a measc, 7mar dhaoine le h‐Íosa Críost; chugaibh‐se uile atá san Róimh, ionmhain le Dia, do glaodhadh chum bheith ’n‐bhur naomhaibh, Grása agus síothcháin daoibh ó Dhia ár nAthair, agus ó’n Tighearna Íosa Críost.
8Ar dtús, do‐bheirim buidheachas dom’ Dhia tré Íosa Críost ar bhur son‐sa uile, de bhrigh go bhfuil tuairisc bhur gcreidimh scaipthe ar fud an domhain ar fad. 9Óir atá Dia mar fhiadhnaidhe agam, Dia d’á ndéanaim seirbhís im’ spiorad i soiscéal a Mhic, go mbím gan stad g‐bhur luadh, 10g‐á iarraidh air de shíor im’ urnaighthibh, dá mb’ fhéidir é, go réidhteochar bealach dom anois fá dheireadh, ar chuma éigin, le toil Dé, chum teacht chugaibh. 11Óir is mian liom go mór sibh d’fheicsin, ionnas go roinnfinn tíodhlacadh spioradálta éigin libh, chum go neartóchar sibh; 12is é sin go bhfaighmíd neart i n‐éinfheacht le chéile, agus mé ’n‐bhur measc, gach duine againn de bhárr creidimh a chéile, bhur gcreideamh‐sa agus mo chreideamh féin.
13Agus, a bhráithre, níor mhian liom gan a fhios bheith agaibh gur minic do chuireas rómham teacht chugaibh (acht do cuireadh cosc orm go dtí anois), ionnas go mbéadh toradh éigin agam de bhárr mo shaothair ’n‐bhur measc, fá mar bhí agam i measc na gCineadhach eile. 14Táim fá chomaoin ag Gréagachaibh agus ag Barbarachaibh, ag lucht céille agus ag lucht dith‐céille. 15Ar an adhbhar sin, im’ thaobh‐sa dhe, atá fonn orm an soiscéal do sheanmóiriú daoibh‐se atá san Róimh, leis. 16Óir, ní nár liom an soiscéal: mar is é cumhacht Dé é chum gach duine chreideas do shlánú; do’n lúdach ar dtús, agus do’n Ghréagach mar an gcéadna. 17Óir is ann foillsightear fíréantacht Dé tré chreideamh chum creidimh: mar tá scríobhtha, Is tré chreideamh mhairfeas an fíréan.
18Óir foillsightear díbheirg Dé ó neamh i n‐aghaidh gach aindiadhachta agus i n‐aghaidh gach éigcirt daoine choisceas an fhírinne leis an éigceart; 19óir is léir dóibh gach eolas ar Dhia atá le fágháil; mar rinne Dia soiléir dóibh é. 20Óir ó cruthuigheadh an domhan atá a thréithe do‐fheicsiona, is iad sin a chumhacht síorraidhe agus a dhiadhacht, tá siad go soiléir le feicsin agus le tuigsin; 21ar mhodh go bhfuilid gan leithscéal: de bhrigh, nuair bhí eolas aca ar Dhia, nach dtugadar glóir dó mar Dhia, ná nach dtugadar buidheachas dó; act gur éirigheadar baoth n‐a smaointibh; agus gur dorchuigheadh a gcroidheacha dith‐céillidhe. 22Ag maoidheamh as a n‐eagna dhóibh do‐rinneadh amadáin díobh, 23agus d’athruigheadar glóir Dé neamh‐thruaillidhe i gcosamhlacht íomháighe duine sho‐thruaillighthe, agus i gcosamhlacht éanacha, agus ainmhidhthe ceathair‐chosach, agus piastaí.
24Ar an adhbhar sin do leig Dia le droch‐mhiantaibh neamh‐ghlana a gcroidheacha féin iad; chum a gcuirp féin d’easonórú eadortha féin: 25mar d’athruigheadar fírinne Dé ’n‐a bréig, ag déanamh adhartha agus seirbhíse do’n nidh do cruthuigheadh thar an gCruthuightheóir, an té atá beannuighthe go deo. Amén.
26D’á bhrigh sin leig Dia le h‐ainmhiantaibh déisteannacha iad: óir d’athruigh a mná an gnás atá de réir nádúire, ag cleachtadh gnáis atá i gcoinnibh nádúire: 27na fir, mar an gcéadna, ag tréigean gnáth‐úsáide na mná, do lasadar le h‐ainmhiantaibh d’á chéile, fir ag cleachtadh gníomhartha úr‐ghránna le fearaibh, go bhfuaradar ionnta féin an cúiteamh do bhí tuillte aca i n‐éiric a gcuirptheachta.
28Agus ó nár thoiligheadar chum eolas ar Dhia d’admháil, thug Dia suas iad d’á ndroch‐mheon féin, chum neithe nach cuibhe do dhéanamh; 29do líonadh iad d’olcas, de chuirptheacht, de shainnt, de mhailís; do bhíodar lán d’fhormad, de dhúnmharbhadh, d’achrann, de cheilg, de dhroch‐rún; 30lucht bíodáin, lucht cúl‐chainnte, lucht gránna le Dia, tarcuisneach, uaibhreach, bladhmannach, lucht ceaptha olcais, easumhal d’aithreachaibh agus do mháithreachaibh, 31daoine gan tuigsin, neamhchoingheallach, gan croidhe nádúrtha, míothrócaireach: 32daoine, gidh gur ab eol dóibh breith Dé, is é sin go dtuilleann a leithéidí bás, ní h‐é amháin go ndéanann siad féin iad, acht go n‐aon‐tuigheann siad leis an dream do‐ghní iad.
Currently Selected:
Rómhánach 1: ATN1951
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932