YouVersion Logo
Search Icon

Rómhánach 9

9
1Adeirim an fhírinne i gCríost, ní abraim bréag, agus mo choinsias ag déanamh fiadhnaise dhom tríd an Spiorad Naomh, 2go bhfuil doilgheas mór agus crádh croidhe gan faoiseamh orm. 3Óir do thoileochainn go mbéinn féin fá mhallacht ó Chríost ar son mo bhráithreach, mo dhaoine muinnteardha do réir na feola: 4Israelítigh, gur leo an uchtcacht, agus an ghlóir, agus na connartha, agus an dlighe, agus adhradh Dé, agus na geallamhnacha; 5gur leo na h‐aithreacha, agus gur uatha‐san do shíolruigh Críost do réir na feola, an té atá os cionn an uile nidh, Dia beannuighthe go deo. Amén. 6Acht ní h‐é sin a rádh go bhfuil briathar Dé fágtha gan éifeacht mar ní h‐Israelíteach gach aoinneach do shíolruigh ó Israel: 7agus ní h‐i dtaobh gur daoine de shliocht Abrachaim iad gur daoine d’á chloinn iad go léir: acht, I nÍosóg ainmneochar sliocht duit. 8Is ionann sin agus a rádh, nach iad clann na feola clann Dé; acht gur ab iad clann na geallamhna meastar mar shliocht. 9Óir is é seo briathar na geallamhna, Tiocfad fá’n tráth so, agus beidh mac ag Sára. 10Agus ní h‐é sin amháin é; acht Rebeca, mar an gcéadna, nuair bhí toircheas uirthi, tríd ár n‐athair Íosóg; 11óir sara rugadh an chlann, gan éinnidh maith ná olc bheith déanta aca, chum go mbéadh cuspóir Dé san togha seasmhach, ní mar gheall ar oibreachaibh é, acht de thoil an té ghlaodhas; 12adubhradh léi, Déanfaidh an té is sine seirbhís do’n té is óige. 13Mar tá scríobhtha, Thugas grádh do Iácób, acht thugas fuath d’Ésau.
14Créad adéarfaimíd, mar sin? An bhfuil éagcóir i nDia? 15Nár leigidh Dia é. Óir is é adubhairt sé le Maois, Cibé duine ar a ndéanfad trócaire, déanfad trócaire air, agus cibé duine d’á ndéanfad truagh, déanfad truagh dhó. 16Ar an adhbhar sin, ní leis an duine gur toil leis é, ná leis an duine go bhfuil tréin‐rith aige, bhaineas sé, acht le Dia do‐ghní trócaire. 17Óir is é adeir an scrioptúir le Farao, Chuige seo is eadh do thógas suas thú, chum mo chumhacht do nochtadh ionnat, chum go luadhfaidhe m’ainm ar fud an domhain uile. 18Uime sin do‐ghní sé trócaire ar an té is toil leis, agus cruadhann sé an té is toil leis.
19Adéarfaidh tú liom annsin, Cad chuige dhó bheith ag fágháil locht fós? óir cia h‐é atá ag cur i gcoinne a thola? 20Ar an taobh eile dhe, cia thusa, a dhuine, atá ag bréagnú Dé? An nidh atá cumtha, an n‐abróchaidh sé leis an té do chum é, Cad chuige a ndearnais san tslighe seo mé? 21Nach bhfuil cumhacht ag an gcriadóir ar an gcré chum an soitheach so do dhéanamh chum onóra, agus an soitheach eile do dhéanamh chum easonóra as an aon chnap amháin? 22Agus má’s toil le Dia a dhíbheirg do nochtadh, agus a chumhacht do chur i dtuigsin, gur ghlac sé go foighdeach le soithighibh feirge do cumadh chum a scriosta; 23chum go nochtfadh sé saidhbhreas a ghlóire do shoithighibh trócaire, d’ullmhuigh sé roimh ré, chum glóire, 24is é sin dúinne, do ghlaodh sé, ní h‐é as na h‐Iúdachaibh amháin, acht as na Cineadhachaibh mar an gcéadna? 25Mar adeir sé i leabhar Óséa?
Pobal nach liom‐sa, goirfead pobal liom féin díobh:
Agus bean nár ghrádhuigheas, goirfead bean mo ghrádha dhi;
26Agus is amhlaidh bhéas, san áit ’n‐a ndubhradh, Ní sibh‐se mo phobal,
Annsin is eadh goirfear maicne Dé dhíobh.
27Agus glaodhann Ésáias i dtaobh Israel, Má bhíonn clann Israel chómh líonmhar le gaineamh na fairrge, ní slánóchar acht a bhfuigheall: 28óir cuirfidh an Tighearna a bhriathar i bhfeidhm ar talamh, g‐á thabhairt chum críche go luath. 29Agus mar adubhairt Ésáias roimhe sin,
Muna mbéadh gur fhág Tighearna na Sluaigheadh sliocht againn,
Do bhéimís ar nós Sodaim, do bhéimís cosmhail le Gomórra.
30Créad adéarfaimíd mar sin? Gur ab iad na Cineadhaigh, nach raibh ag lorg fíréantachta, do fuair fíréantacht, is í sin an fhíréantacht thig ó chreideamh: 31acht Israel, do bhí ag lorg dlighe fíréantachta, níor éirigh leo an dlighe sin d’fhágháil. 32Cad chuige sin? De bhrigh nár tré chreideamh do bhíodar g‐á lorg, acht mar bhéadh tré oibreachaibh. Do baineadh tuisleadh asta ar cheap an tuislidh: 33fá mar tá scríobhtha,
Féach, cuirim i Síon ceap tuislidh agus carraig scannail,
Agus cibé chreideas ann, ní náireochar é.

Currently Selected:

Rómhánach 9: ATN1951

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in