D’á bhrigh sin leig Dia le h‐ainmhiantaibh déisteannacha iad: óir d’athruigh a mná an gnás atá de réir nádúire, ag cleachtadh gnáis atá i gcoinnibh nádúire: na fir, mar an gcéadna, ag tréigean gnáth‐úsáide na mná, do lasadar le h‐ainmhiantaibh d’á chéile, fir ag cleachtadh gníomhartha úr‐ghránna le fearaibh, go bhfuaradar ionnta féin an cúiteamh do bhí tuillte aca i n‐éiric a gcuirptheachta.
Agus ó nár thoiligheadar chum eolas ar Dhia d’admháil, thug Dia suas iad d’á ndroch‐mheon féin, chum neithe nach cuibhe do dhéanamh