Gníomhartha 28
28
CAIBIDIOL XXVIII.
Pól i Melita ar feadh trí mhí. A thaisteal airís ar an bhfaraige. A theacht chun na Rómha. A chómhrádh leis na Iúdaígh a bhí sa chathair.
1Agus ansan nuair a bhíomair tar éis dul slán fuaramair amach gur Melita a tugtí ar an oileán. Do ghlac na daoine iasachta san go ceannsa sinn. 2Do lasadar teine agus chuireadar compórd orainn, mar bhí fearthainn ag teacht agus bhí fuacht ann. 3Ansan bhí Pól tar éir rainnt adhmaid chrín do bhailiú agus do chur ar an dteine, agus do léim athair nimhe, ag teithe ó’n dteas, agus do rug sí ar láimh air. 4Nuair a chonnaic na daoine iasachta an phiast ar sile as a láimh dubhradar le n-a chéile: Is amhlaidh a mhairbh sé duine agus bíodh go dtháinig sé saor ó’n bhfaraige ní leogtar bheó ó’n ndíoltas é. 5Ansan do chroth seisean an phíast isteach sa teine agus ní raibh aon díobháil déanta dhó. 6Ach mheasadar go dtusnóchadh sé ar at agus go dtuitfeadh sé marbh gan mhoill. Bhíodar ag feitheamh leis sin, ach nuair a chonnacadar ná raibh aon nídh ag imtheacht air d’atharuíghdar a n-aigne agus dubhradar gur dhia éigin é.
7Sa n-áit sin iseadh bhí talamh an fhir a bhí n-a cheann ar an oileán. Publius ab ainim dó. Do ghlac sé sinn agus chuir sé cóir orainn go fial ar feadh trí lá. 8agus do thárla go raibh athain Phubhliuis ’n-a luighe le h-éagcrúas agus le teinneas cuirp. Chuaidh Pól isteach ag triall air agus dhein sé guidhe ar a shon agus chuir sé a lámha air agus do leighis sé é. 9Ansan, gach a raibh de dhaoine ar an oileán go raibh gearánta ortha thánadar agus do leighiseadh iad. 10Agus thugadar onóir Mhór dúinn, agus nuair a bhíomair chun dul ar luing thugadar dúinn na neithe a bheadh ríachtanach dúinn.
11Tar éis trí mhí do ghluaiseamair, ar luing Alecsandrínigh a bhí tar éir an gheímhridh a chaitheamh ag an oileán. Agus na Castóirí an suathantas a bhí uirthi. 12Agus thánamair go Suracúsa agus d’fhanamair trí lá ann. 13Ó’n áit sin do sheólamair tímpal fan na tíre agus thanamair go dtí Régium, agus tar éis aon lae amháin do shéid an ghaoth andeas agus thánamair go Putheolí. 14Fuaramair bráithre sa n-áit sin agus d’iarradar orainn fanmhaint ’n-a bhfochair agus d’fanamair seacht lá. Agus ansan thánamair go dtí an Róimh. 15Agus as san, nuair airigh na bráithre é, do chruinníghdar chúghainn go Forum Appiuis agus chun na dTrí dTabhairne, agus nuair a chonnaic Pól iadh thug se buidhchas do Dhia agus tháinig misneach dó.
16Agus nuair a bhíomair tagaithe chun na Rómha do tugadh cead do Pól fanmhaint i n’áit chómhnuighthe féin agus fear cimeádta, armtha, i n’fochair.
17Ansan, tar éis an trímhad lae, do ghlaoidh sé chuige maithe na nIúdach. Nuair a thánadar i bhfochair a chéile dubhairt sé leó: A fheara, a bhráithre, do tugadh mise gabhtha, ó Ierúsalem, i lámhaibh na Rómhánach, agus gan aon nídh agam ’á dheanamh i gcoinnibh na ndaoine ná i gcoinnibh nós ár sínsear. 18Do thrialadar mé agus bhíodar chun mé leogaint saor toisg ná fuaradar aon chúis bháis ionam. 19Ach do chuir na Iúdaigh ’n-a choinnibh sin i dtreó go mbh’ éigin dóm Caesar do ghairm, agus ní h-amhlaidh a bhí aon nídh agam lé cur i leith mo náisiúin féin. 20Siné cúis n-ar iarras sibhre a dh’feisgint agus labhairt libh. Mar gheall ar an ndóchas atá i n-Israél iseadh atá an slabhra so casta ormsa. 21Agus dúbh-radar-san leis: Ní bhfugramair-ne litreacha ad thaobh ó Iúdaéa, ná níor tháinig aoinne de sna bráithribh ag innsint ná ag labhairt aon droch-nídh ad thaobh. 22Ach iarraimíd ort a d’innsint dúinn cad is dóigh leat; óir i dtaobh na h-aicme seo, is eól dúinn go bhfuil-cear ag gabháil ’n-a gcoinnibh ins gach aon bhall.
23Ansan do cheapadar lá dhó, agus tháinig a lán acu go dtí an lóisdín chuige, agus do mhínigh sé dhóibh rígheacht Dé agus thug sé fiadhnuise dhóibh air. Agus bhí sé ó’n maidin go dtí an tráthnóna ag cur ’n-a luighe ortha i dtaobh Íosa, a’ dlighe Mhaoise agus as na fáidhibh. 24Agus do chreid cuid acu ins na neithibh a dubhradh, agus bhí cuid acu, ámhthach, nár chreid. 25Agus bhíodar ag imtheacht gan bheith ar aon-aigne, i dtreó go ndubhairt Pól an t-aon fhocal amháin: Is maith adubhairt an Spioraid Naomh é le n-ár n-aithreachaibh tré bhéal an fháidh Isáias, 26Mar a ndeir sé: #Isáias 6:9; Mait. 13:14; Marc. 4:12; Lúc. 8:10; Eóin 12:40; Rómh. 11:8.Imthigh ag triall ar an bpobul san agus abair leo: Cloisfidh sibh leis an gcluais agus ní thuigfidh sibh, agus chídhfidh sibh leis an súil agus ní thabharfaidh sibh fé ndeara; 27Óir tá croidhe an phobuil seo tuitithe i bhfeóil, agus le n-a gcluasaibh dheineadar éisteacht dhúr, agus do dhúnadar a súile, le h-eagla go bhfeicfidís le n-a súilibh agus go n-aireóchaidís le n-a gcluasaibh agus do dtuigfidís le n-a gcroidhe agus go n-iompóchaidís agus go slánóchainn iad. 28Dá bhrígh sin bíodh agaibh fios an méid seo, go bhfuil an slánú so ó Dhia d’á chur ag triall ar na Geintibh, agus éistfid siad leis. 29Nuair a bhí an méid sin ráidhte aige d’imthigh Iúdaígh amach uaidh, agus aighneas mór acu eatartha féin.
30Ansan d’fhan sé dhá bliain ar fad ’n-a thigh féin, agus ghlac sé gach aoinne do tháinig ag triall air. 31Agus rígheacht Dé aige ’á chraobhsgaoile, agus é ag múine na neith a bhaineann leis an dTighearna Íosa Críost le lánmhisneach agus gan chosg.
Currently Selected:
Gníomhartha 28: POL
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
historic text maintained by the Bible Society.