Mar a ndeir sé: Imthigh ag triall ar an bpobul san agus abair leo: Cloisfidh sibh leis an gcluais agus ní thuigfidh sibh, agus chídhfidh sibh leis an súil agus ní thabharfaidh sibh fé ndeara; Óir tá croidhe an phobuil seo tuitithe i bhfeóil, agus le n-a gcluasaibh dheineadar éisteacht dhúr, agus do dhúnadar a súile, le h-eagla go bhfeicfidís le n-a súilibh agus go n-aireóchaidís le n-a gcluasaibh agus do dtuigfidís le n-a gcroidhe agus go n-iompóchaidís agus go slánóchainn iad.