YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 27

27
CAIBIDIOL XXVII.
Curtar Pól ar bórd luinge chun dul sa Róimh. A thaisteal agus a longbhrise.
1Ansan, do socaruigheadh ar dhul ar uisge go dtí an Eadáil agus ar Phól agus na príosúnaigh eile thabhairt ar láim do thaoiseach céad dár bh’ainim Iúlius, de bhuídhin Augustuis, 2#2 Cor. 11:25.Agus chuamair ar bórd luinge Adrumétíge, chun go seólfaimís fan chiumhais trágha na h-Ásia, agus thógamair ár seólta. Agus d’fhán i n-ár bhfochair Aristarcus an Macedonach, ó Tessaloníca.
3Thánamair an lá ’n-a dhiaidh san go Sídón. Agus bhí Iúlius ceannsa le Pól agus do leog sé dhó dul chun a cháirde agus aire thabhairt dó féin. 4Ansan d’fhágamair an áit sin agus sheólamair ar sgáth Chúpruis mar bhí an ghaoth i n-ár gcoinnibh. 5Agus sheólamair tré fharaige Chilicia agus Phamphilia, agus thánamair go dtí Lustra, atá i Lucia, 6Do fuair an taoiseach céad, sa n-áit sin, long Alecsandríneach a bhí ag dul san-Eadáil agus chuir sé uirthi sinn.
7Ansan bhíomair ag gluaiseacht go ríghin ar feach mórán laethanta teacht ach ar aghaibh Chniduis, mar bhí an ghaoth ’ghár gcosg, agus sheólamair i gcómhgar do Chréta, lámh lé Salmóné. 8Do sheolamair thar an áit sin, agus ba dheacair é, agus thánamair go dtí áit ar a dtugtí Deaghchuanta, i n-aice le cathair Talassa.
9Ansan bhi mórán aimsire caithte agus bhí taisdeal faraige contabharthach mar bhí aimsir an trosgaidh imighthe, agus bhí Pól ag tabhairt cómhairle a leasa dhóibh, 10’Ghá rádh leó: A fheara, chím go bhfuil trácht na faraige ag tusnú ar bheith ana-dhíobhálach agus ana-chontabhartach, ní h-amáin do’n luing agus do’n méid ualaigh atá inti ach d’ár n-anam féin chómh maith. 11Ach ba mhó an tsuim a chuir an taoiseach céad i ngiolla na luinge agus i máighistir na luinge ’ná i gcainnt Phóil. 12Agus toisg gan an cuan san a bheith oireamhnach go maith chun an gheimhridh a chaitheamh ann do chómhairligh an chuid ba mhó dhíobh imtheacht as agus féachaint an bhféadfaidís dul agus an geimhreadh chaitheamh i bhFoenícé, cuan de chuantaibh Chréta atá ag féachaint siar ó dheas agus siar ó thuaidh.
13Do shéid an ghaoth andeas dóibh agus mheasadar go raibh gach nídh ar a dtoil acu agus ghluaiseadar ó Assan agus fan chiumhais trágha Chréta. 14Ach go luath ’n-a dhiaidh san d’eirigh n-a coinnibh go stoirmeamhail an ghaoth ar a dtugtar Euroacuiló. 15Do sguabadh chun siúbhail an long mar níor fhéad sí cur i gcoinnibh na gaoithe, agus do sgaoileadh leis an ngaoith sinn. 16Do comáineadh isteach sinn fé sgháth oileáin dár bh’ainim Cauda, agus is ar éigin fhéadamair an bád do thógaint chúghainn; 17Do thógadar é agus dheineadar úsáid de chabharthaibh agus chuireadar fúnsaí fé’n luing; agus le h-eagla go dtuitfidís isteach sa bheóghainimh do leagadar na seólta, agus bhíodar ag imtheacht ar an gcuma san. 18An lá ’n-a dhiaidh san dheineadar caitheamh amach, óir bhíomair ghár suathadh go rómhór leis an stoirm. 19Agus an trímhadh lá do chaitheadar amach le n-a lámhaibh féin gléas na luinge. 20Ansan bhíomair mórán laethanta gan grian na réiltín a dh’fheisgint, agus stoirm nár bheag ag bagairt orainn, i dtreó go raibh gach súil le n-ár dteacht slán imighthe.
21Agus ansan, tar éis iad a bheith abhfad gan bia chaitheamh, do sheasaimh Pól eatartha agus dubhairt sé: A fheara, Is mairg nár glacadh mo chómhairle-se agus gan imtheacht ó Chréta, agus dul ó’n ndíobháil seo agus ó’n gcailleamhaint seo. 22Agus anois iarraim oraibh misneach a bheith agaibh. Ní caillfar aon duine agaibh, ach an long amháin. 23Óir do sheasaimh taoibh liom anocht aingeal Dé, n-ar leis mise agus dá ndeinim seirbhís, Agus dubhairt sé: 24Ná bíodh eagal ort, a Phóil. Ní foláir duit seasamh i láthair Chaesair; agus féach, gach a bhfuil de dhaoine ar aon luing leat táid siad bronnta ag Dia ortsa. 25D’á bhríg sin glacaidh mis-neach, a fheara; óir creidim-se ó Dhia, fé mar a dubhradh liom, gur mar sin a bheidh. 26Ach ní foláir dúinn dul isteach ar oileán áirithe.
27Ach nuair a tháinig an ceathrmhadh oidhche déag orainn agus sinn ag imtheacht san Adria tímpal an mheadhon oidhche, mheas na máirnéalaigh go bhfeacadar tír éigin. 28Do leogadar síos an luadh agus fuaradar fiche feádh ar doimhneas, agus nuair a dhruideadar tamall beag ó’n áit sin fuaradar chúig fheádh dhéag. 29Bhí eagal ortha go raighmís i n-áit gharbh agus chuireadar amach cheithre h-ancairí ó’n stiúir, agus b’é b’fhada leó go mbeadh sé ’n-a lá. 30Ansan do mheas na máirnéalaigh teithe as an luing. Do leogadar síos an bád, mar dh’eadh gur theastuigh uatha ancairí chur amach ó thusach na luinge. 31Ach dubhairt Pól leis an dtaoiseach céad agus leis na fir armtha: Mura bhfanaid siad san sa luing ní féidir daoibh-se dul slán. 32Ansan do ghearr na saighdiúirí téada an bháid agus do leogadar dó tuitim sa n-uisge.
33Agus nuair a thusnuigh an solus ar theacht d’iarr Pól ortha go léir bia chaitheam, agus dubhairt sé: Sidé an ceathrmhadh lá déag agaibh ag feitheamh agus sibh i nbhúr dtrosgadh, gan aon nídh a thógaint. 34D’á bhrígh sin larraim oraibh anois bia do chaitheamh ar son bhúr sláinte, óir ní caillfar oiread agus ruibe gruaige de cheann aon duine agaibh. 35Nuair a bhi an méid sin ráidhte aige do thóg se arán agus ghaibh se bhuidhchas le Dia os a gcómhair go léir, agus bhris sé an t-arán agus chrom sé ar ithe. 36Ansan tháinig suaimhneas aigne ortha go léir agus thógadar an bhia. 37Dá chéad duine agus sé dhuine dhéag a’s trí fichid againn iseadh a bhí sa luing ar fad. 38Nuair a bhí a ndóthin bídh ithte acu chaitheadar an chruithneacht amach sa bhfaraige chun na luinge d’éadtromú.
39Ansan, nuair a bhí sé ’n-a lá, níos aithnighdar an tír, ach thugadar fé ndeara bhléin ’na raibh tráigh inti agus cheapadar, d’á mb’ fhéidir é, go sádhfaidís an long isteach inti. 40Ansan do thógadar na h-ancairí agus do sguradar na stiúireana agus d’árduighdar an seól mór chun na gaoithe agus do ghluaiseadar leis an bhfaraige, ach do stiúruighdar í fé dhéin na trágha. 41Do thuiteamair isteach i n-áit a bhí idir dhá fharaige agus do buaileadh an longh uim thalamh i dtreó go raibh a tusach daingean agus gur bhris neart na faraige a deire.
42Ansan do mheas na saighdiúirí na príosúnaigh a chur chun báis le h-eagla go snámhfadh cuid acu agus go n-imtheóchaidís. 43Ach ní leogfadh an taoiseach céad dóibh é, mar theastuigh uaidh Pól do bhreith saor, agus d’órduigh sé do’n mhuinntir go raibh snámh acu iad féin do chaitheamh amach ar dtúis agus iad féin a shábháil agus dul i dtír. 44Agus do rugadh an chuid eile amach, cuid acu ar chlárachaibh agus cuid acu ar neithibh a bhain leis an luing. Agus mar sin do thárla go ndeaghaidh ghach duine acu beó amach ar an dtalamh tirim.

Currently Selected:

Gníomhartha 27: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in