YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 26

26
CAIBIDIOL XXVI.
Cúntas ag Pól dhá thabhairt d’ Agrippa ar a bheatha, ar conus a h-iompuigeadh chun an chreidimh é, agus ar an obair a bhí le déanamh aige.
1Ansan dubhairt Agrippa le Pól: Tá cead cainnte ar do shon féin agat. Do shín Pól a lámh agus chrom sé ar a sgéal a dh’innsint.
2Is maith an bhail orm, dar liom, a rí Agrippa, gur ad lathair-se atá orm me féin a chosaint indiu ar na neithibh seo go léir atá ag na Iúdaígh ’á chur am leith, 3Go mór mór, toisg eolus a bheith agat ar na nósaibh agus ar na ceisteanaibh atá ameasg na n-Iúdach. Uime sin iarraim ort éisteacht go foidhneach liom.
4Tá aithne ag na Iúdaígh go léir ar an saghas bheatha chaitheas ó m’óige, óir is ameasg mo náisiúin féin i nIerúsalem a chaitheas í. 5Tá fhios acu, (dá mba maith leó é dh’innsint i bhfiadnuise), gur mhaireas, do réir na h-aicme is deimhnighthíghe i n-ár gcreideamh, am Fhairisíneach. 6Agus tá breith ’á thabhairt orm anois mar gheall ar an mainighin atá agam as an ngeallamhaint a thug Dia d’ár n-aithreachaibh, 7An gheallamhaint sin go bhfuil an dá threibh déag againn, atá ann, ag déanamh réir Dé do ló agus d’oidhche, ag brath ar í dh’fhagáil. Isí an mhainighin sin atá ag na Iúdaígh ’á chur am leith-se, a rí. 8Cad ’n-a thaobh nách féidir, dar libhse, a chreideamhaint go n-aithbheódhann Dia na mairbh?
9Bhí sé buailte isteach am aigne-se féin go raibh ceangailte orm mórán neithe dhéanamh i gcoinnibh ainime Íosa Nasareit. 10#Supra 8:3.Agus do dheineas, i nIerúsalem. Chuireas mórán daoine naomhtha isteach i bpríosúnaibh. Fuaras úghdarás ó uachtaránaibh ná sagart agus nuair a bhídís (na naoimh) le cur chun bháis is mise thugadh an t-órdú liom chuige. 11Agus ins na sinagógaibh go léir bhínn go minic ag cur pionóis ortha, agus chuirinn fhiachaibh ortha diamhasladh dhéanamh, agus do méaduigheadh mo bhuile ’n-a gcoinnibh i dtreó go mbhínn ’ghá ngéarleanmhaint isteach ins na catharachaibh iasachta féin.
12 # Supra 9:2. Agus bhíos ag dul go Damascus ar an inntinn sin agus úghdarás agus cead agam ó uachtaránaibh na sagart, 13Agus, a rí, do chonnac ar an slighe i lár an lae, ag taithneamh am thímpal agus thimpal ar na daoine a bhí le m’chois, solas as na flathais agus é níos treise ná solus na gréine. 14Agus thuiteamair go léir chun tailimh, agus d’airigheas-sa an ghuth ag labhairt liom sa teangain Eabhra: A Shaul, a Shaul, cad chuige dhuit bheith ’am ghéarleanmhaint? Is deacair duit bheith ag speachuíol i n-aghaidh an phriocaire.
15Agus dubhart-sa: Cia h-é thu, a Thighearna? Agus dubhairt an Tíghearna: Mise Íosa atá agat d’á ghéarleanmhaint. 16Ach eirigh agus seasaimh ar do chosaibh, óir is chuige thaisbeánas me féin duit chun go ndéanfainn díot seirbhíseach agus fínné ar na neithibh a chonnaicís agus ar na neithibh ’na bhfeicfir me, 17’Gat thabhairt saor ó’n bpobul agus ós na geinte na bhfuilim ’ad chur chúcha anois, 18Chun a súl a osgailt dóibh ionus go n-iompóchaidís ó’n ndoircheacht chun an tsoluis agus ó chómhacht Shátain chun Dé, ionus go bhfaighdís maitheamhnachas peacaí agus inead ameasg naomh tríd an gcreideam atá ionamsa.
19Dá bhrígh sin, a rí Agrippa, níor thugas-sa diúlta do’n radharc ó neamh, 20#Supra 9:20.Ach do chraobhsgaoileas é, do’n mhuinntir atá i nDamascus ar dtúis, agus i nIerúsalem, agus i gcrích Iúdaea ar fad, agus do sna Geintibh ionus go ndéanfaidís aithríghe agus go n-iompóchaidís ar Dhia, ag déanamh diongabhála na h-aithrighe d’oibreachaibh. 21Mar gheall air sin iseadh #Supra 21:31.do rug na Iúdaígh orm nuair bhíos sa teampull agus mheasadar me mharbhú. 22Ach do chabhruigh congnamh Dé liom agus táim am sheasamh go dtí an lá indiu, ag déanamh fiadhnuise do bheag a’s do mhór, gan aon rud do rád lasmuigh de sna neithibh adubhairt na fáidhe a bhí le teacht agus Maois, 23Go ndéanfadh Críost fulag agus gur bh’é an chéad duine é d’eireóchadh ós na mairbh agus do nochtfad an solus do’n phobhul agus do sna Geintibh.
24Le linn na cainnte sin do rád dhó agus é ghá chosaint féin dubhairt Féstus do ghuth árd: As do mheabhair ataoi, a Phóil. Tá iomad léighinn ’ad chomáint as do mheabhair. 25Nílim as mo mheabhair, a Fhéstuis oirdheirc. Táim ag innsint na fírinne gan bhaois. 26Tá eolus ar na neithibh seo ag an rí atá ag éisteacht le m’chainnt gan sgáth; óir ní mheasaim gur féidir aon níd acu bheith lasmuigh d’á eólus. Ní h-i gcúinne a deineadh aon nídh acu. 27An gcreideann tú na fáidhe, a rí Agrippa? Tá ‘fhios agam go gcreideann tú. 28Ansan dubhairt Agrippa le Pól: Is bheag ná go n-áitígheann tú orm iompáil am Críostaíde. 29Agus dubhairt Pól: Go dtugaid Dia dhom, ’n-a bheag a’s ’n-a mhór, ní h-amháin tusa ach gach a bhfuil de dhaoinibh anso ag éisteacht liom d’iompáil ar an gcuma san agus iad a bheith mar me féin, ach gan na slabhraí seo bheith ortha.
30Ansan d’eirigh an rí agus an gobhernóir agus Bernícé agus a raibh ’n-a suidhe ’n-a bhfochair. 31Agus d’imthíghdar i leith taoibh agus bhíodar ag cainnt, agus dubhradar: Ní’l aon rud déanta ag an nduine sin a thuillfeadh bhás ná braighdineas dó. 32Agus dubhairt Agrippa le Féstus: D’fhéadfí an duine sin do leogaint chun siúbhail mura mbeadh gur ghairm sé Caesar.

Currently Selected:

Gníomhartha 26: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in