YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 21

21
CAIBIDIOL XXI.
Cuaird Phóil go Ierúsalem. É dhá ghabháil aige sna Iúdaígh sa teampull.
1Agus nuair á thárla go raibh sgartha againn leó agus sinn ag gluaiseacht fé sheól,#21:1 .i. an long fé sheól againn. thánamair ceann ar aghaidh go Cóos, agus an lá ’n-a dhiaidh san go Rodos, agus as san go Patara. 2Ansan do fuaramair long a bhí ag dul treasna go Phoenicé, agus chuamair ar bórd agus ghluaiseamair. 3Thánamair i radharc Chuprois agus d’fhágamair ar ár láimh chlé é agus sheólamair go Síria agus thánamair go Túros; óir is ann a bhí ar an luing a h-ualach do chur aisti. 4Fuaramair deisgiobuil sa n-áit sin agus d’fhanamair ann seacht lá, agus bhíodar, tríd an spioraid, ghá rádh le Pól gan dul suas go Ierúsalem. 5Ach nuair a bhí na laethanta caithte do ghluaiseamair agus bhíomair ag imtheacht, agus thánadar go léir, iad féin agus a mná agus a gclann, ghár dtionnlacan, go geataí na catharach; agus do leogamair sinn féin ar ár nglúinibh ar an dtráigh agus do ghuídhmair. 6Ansan d’fhágamair slán ag á cheile agus chuamair-ne ar an luing agus chuadar-san abhaile. 7Dheineamair-ne ár gcuaird ar uisge ó Thúros síos go Ptolemáis agus bheannuighmair do sna bráithribh a bhí ann agus d’fhanamair lá ’n-a bhfochair. 8Ghluaiseamair an lá ’n-a dhiaidh agus thánamair go Caesaréa. Chuamair, ansan, go tigh Philibh, an soisgéalaidhe, #Supra 6:5.duine de’n mhórsheisear, agus d’fhanamair aige.#21:8 Ver. 8. an soisgéalaidhe, .i. seanmóraídhe an tsoisgéil. an fear céadna úd d’iompuigh na Samaritánacha agus do bhaist an coillteánach (Caibh. 8.), duine de sna seacht ndiachonaibh tosaigh abh eadh é.
9Bhí aige sin ceathrar inghean, ceathrar maighdean, agus dheinidís targaireacht. 10Do stadamair ann rainnt laethanta agus tháinig chúghainn ó Iúdaéa fáidh n-ar bh’ainim dó Agabus. 11Nuair a tháinig sé sin chúghainn do thóg sé crios Phóil agus cheangail sé a lámha féin agus a chosa agus dubhairt sé: Seo mar adeir an Spioraid Naomh, an fear gur leis an crios so, sin mar a cheangalóchaid na Iúdaígh é i n-Ierúsalem, agus tabharfaid siad i lámhaibh na nGeinte é. 12Nuair airighmair-ne an méid sin bhíomair féin agus muinntir na h-áite sin ag tathant air gan dul suas go Ierúsalem. 13Ansan dubhairt Pól ’ár bhfreagrad: Cad tá agaibh á dhéanamh, ag gol agus ag cur buartha ar mo chroide? Táimse ollamh, ní h-amháin chun ceangail d’fhulag ach fós chun báis d’fhulag, ar son ainime an Tighearna Íosa. 14Ansan, nuair a theip orainn é bhogadh d’éisteamair agus dubhramair: Toil an Tighearna go ndeintear!
15Agus tar éis na laethanta san d’ollmhuighmair sinn féin agus bhíomair ag dul suas go Ierúsalem. 16Agus tháinig i n-aonfheacht linn cuid de sna deisgiobuil ó Chaesaréa, agus Cupriánach ’n-a dteannta, duine dár bh’ainim Mnasón, seana-dheisgiobul, n-a rabhmair chun bheith ar lóisdín aige.
17Thánamair go Ierúsalem agus do ghlac na bráithre sinn go fáilteach. 18Amáireach a bhí chúghainn chuamair féin agus Pól go tigh Shéamuis agus bhí na sínsir go léir cruinnighthe ann. 19Bheannuigh sé dóibh agus d’innis sé dóibh, tríd síos, gach a raibh déanta ag Dia, tré n-a fhrithálamh féin, ameasg na nGeinte. 20Agus nuair airighdar é thugadar glóire do Dhia, agus dubhradar leis: Chíonn tú, a bhráthair, cad iad na mílte de sna Iúdaígh atá tar éis creideamhaint, agus tá báidh acu go léir do’n dlighe. 21D’airighdar ámhthach, go bhfuilirse ghá chur ’n-a luighe ar na Iúdaígh atá ameasg na nGeinte nach misde dhóibh imtheacht ó Mhaois, agus ná fuil fhiachaibh ortha tímpallghearradh do dhéanamh ar a gclainn, ná réir na dlíghe do leanmhaint. 22Cad ’tá le déanamh mar sin? Gan amhras caithfid na daoine cruinniú mar aireóchaid siad gur thánaís. 23Dein an níd seo a deirimíd leat dá bhrígh sin: Tá ceathrar fear againn go bhfuil móid ortha. 24Tóg leat iad san agus glantar thu i n-aonfheacht leó. Ansan díol-se asta i dtreó, go #Uimh. 6:18; supra 18:18.mbheárrfar a gcinn. Ansan chífidh gach aoinne gur b’éitheach ar airíghdar ad thaobh, go bhfuilir féin ag siúbhal ad chosnamhaidhe do’n dlígh.#21:24 Ver. 24. ad chosnamhaidhe do’n dlígh. Bíodh go raibh an dligh sin a deirtear imighthe a’ feidhm um an dtaca san bhí na Críostaidhthe Iúdacha gha cimeád, agus do leanadar ’ghá cimeád ar feadh rainnt aimsire, chun na sinagóige, mar a déarfí, d’adhlacadh le h-onóir. 25Ach i dtaobh na nGeinteach a chreid, #Supra 15:20,29.do sgríobhmair-ne ghá órdú dhóibh cimeád ó’n rud a h-ídhbireach d’íodholaibh, agus ó fhuil, agus ó nídh a tachtadh, agus ó dhrúis. 26Ansan do thóg Pól leis na fir lár n-a mháireach agus do glanadh é i n-aonfheacht leó agus chuaidh sé isteach sa teampull, tar éis laethanta a nglanta d’fhógairt, chun go ndéanfí ofráil ar son gach duine acu.
27Ach bhí Iúdaígh ó’n Ásia ann agus nuair a bhí na seácht laethanta dhá gcríochnú chonnacadar sa teampull é agus do ghríosadar an pobul go léir agus chuireadar a lámha. air agus do liúghdar: 28Congnamh! a fheara Israéil. Sidé an duine atá ag múine na ndaoine ins gach aon bhall i gcomnibh an phobuil seo agus i gcoinnibh na dlighe agus i gcoinnibh na h-áite seo. Thug sé daoine geinteacha isteach sa teampull agus do sháruigh sé an áit bheannuighthe seo. 29Óir bhíodar tar éis Trophimuis ó Ephesus a dh’fheiscint sa chathair ’n-a theannta agus cheapadar go raibh Pól tar éis é thabhairt isteach sa teampull. 30Agus bhí an chathair go léir ar buile, agus do chruinnigh na daoine. Do rugadar ar Phól agus tharraigeadar amach as an dteampull é agus do dúnadh na dóirse láithreach.
31Agus bhí fonn ortha é mharbhadh, ach do h-innseadh do thribhiún an airm Ierúsalem go léir a bhéith tré n-a cheile. 32Thóg sé sin leis saighdiúirí agus taoiseacha céad agus do rith sé chúcha síos. Nuair a chonnacadar an tribiún agus na saighdiúirí do stadadar de bheith ag bualadh Phóil. 33Ansan do tháinig an tribiún agus thóg sé é agus d’órduigh sé é ceangal le dhá shlabhra agus d’fhiafraigh sé cia’r bh’é agus cad a bhí déanta aige. 34Ach bhí án tsluagh ag liúirigh, duine ghá rádh so agus duine ghá rádh súd. Agus nuair nár bh’fhéidir dó deimhin a dh’fhághail mar gheall ar an gcur tré chéile, d’órduigh sé é thabhairt chun an longphuirt. 35Agus nuair a tháinig sé go dtí an staighre do thárla go raibh na saighdiúirí ghá lompar mar gheall an dhéine na ndaoine; 36Óir bhí an tsluagh ’n-a ndiaidh agus iad ag liúirigh: Tóg uainn é.
37Agus le linn e bhreith isteach sa longphort dubhairt Pól leis an dtribiún: An misde dhom bheagán cainnte dhéanamh leat? Agus dubhairt seisean: An dtuigeann tú Gréigis? 38Nách tusa an t-Éigipteach úd a dhein an chíréib ins na laethanta roimis seó agus do rug leat isteach sa bhfásach cheithre mhíle de ropairíbh. 39Agus dubhairt Pól leis: Iúdach iseadh mé go deimhin, ó Tharsus i gCilicia. Is cómhnuightheach mé do chathair nach suarach. Iarraim ort leogaint dom labhairt leis an bpobul. 40Thug sé cead dó. Ansan do sheasaimh Pól ar an staighre agus bhagair sé a lámh ar an sluagh agus do deineadh ana-chiúnas agus do labhair sé leó sa teangain Eabhra, agus dubhairt sé:

Currently Selected:

Gníomhartha 21: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in