YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 20

20
CAIBIDIOL XX.
Cuaird Phóil tré Mhacedonia agus tríd an nGréig. Duine aige á thógaint ó’n mbás i dTsóás. A chainnt le cléir Ephesuis.
1Ansan, nuair a bhí an toirmeasg imighthe do ghlaoidh Pól chuige na deisgiobuil agus do chómhairligh sé iad, agus d’fhág sé slán acu agus do ghluais sé chun dul go Macedonia. 2Agus nuair a bhí na triúcha san siúbhalta aige agus mórán cainnte déanta aige leis na daoine tháinig sé sa Ghréig. 3Bhí sé trí mhí sa n-áit sin. Ansan cheap sé dul go Síria ar luing ach bhí na Iúdaígh i gceilg ag faire air agus shocaruigh sé ar theacht tré Mhacedonia. 4Agus chuaidh i n-aonfheacht leis Sópatér Mac Phirruis, ó Bheréa; agus Aristarchus agus Secundus Tessalónais; agus Gaius ó Dherbhé, agus Tímoteus; agus Tuchicus agus Trophimus, beirt Ásiánach. 5Chuadar san rómhainn agus d’fhanadar linn i dTróas.
6Agus do chuamair-ne ar luing ó Philippí, tar éis laethanta an aráin gan giost, agus bhíomair chúig lá ag teacht go Tróás agus d’fhanamair ann seacht lá.
7Ansan, an chéad lá de’n tseachtmhain do thánamair i bhfochair a chéile chun arán do bhrise, agus bhí Pól ag tabhairt teagaisg dóibh, mar bhí sé le h-imtheacht ar maidin amáireach a bhí chúghainn, agus do lean sé ar an dteagasg go meadhon oidhche.#20:7 Ver. 7. an chéad lá de’n tseachtmhain Míníghid Chrusostom Naomhtha, agus a lán eile de lucht sgrúduighthe an Sgriptúra, i dtaobh na bhfocal san go raibh na Críostaidhthe, um an dtaca san féin tar éis lae na Sabbóide do chur i dtusach na seachtmhaine (.i. ar an ndomhnach), mar atá sé anois ag na Críostaidhthibh go léir. Is deimhin gur le h-úghdarás na h-Eagailse a deineadh an t-atharú san. Mar sin do dhein sí úsáid dé’n cómhacht a bhí tabhartha ag an dTighearna dhi, óir is é Rí an Domhnaigh é. 8Ach bhí lóchrainn ár ndóthin againn sa tseómra mór ’na rabhmair cruinnighthe. 9Agus bhí bhuachaill dár bh’ ainim Eútuchur ’n-a shuidhe ar an bhfinneóig, agus thuit sé ’n-a chodla go sámh an fhaid a bhí Pól ag cainnt. Le truime a chodlata do thuit sé síos ó’n dtrímhadh lochta agus do tógadh suas marbh é. 10Ach do chuaidh Pól síos chuige agus do luigh sé anuas air agus chuir sé a lámha ’n-a thímpull agus dubhairt sé: Ná bíodh ceist oraibh. Tá a anam ann. 11Ansan chuaidh sé suas agus bhris sé arán agus do bhlais. agus dein sé cainnt ar feadh abhfad, go dtáinig an solus, agus ansan d’imthigh sé. 12Agus do rugadar leó an buachaill, agus é bheó, agus níor bheag é a n-áthas.
13Ansan do chuamair-ne ar an luing agus sheólamair go h-Assos, i dtreó go mbéarfaimís Pól linn ó’n áit sin, óir sin mar a bhí socair aige, agus go raghadh sé féin ann ar tír. 14Agus tháinig sé chúghainn i n-Assos agus thógamair chúghainn é agus thanamair go Mitiléné. 15Agus sheólamair ó’n áit sin agus thánámair, amáireach a bhí chúghainn, ar aghaidh Chíos amach agus an lá ’n-a dhiaidh san do shroiseamair Sámos, agus an lá ’n-á dhiaid san airís do thánamair go Milétus; 16Óir do bhí Pól ceapaithe ar sheóladh thar Ephesus i dtreó ná curfí aon ríghneas air sa n-Ásia, mar bhí dithineas air chun, dá mb’ fhéidir dó é, lá na Cíngcíse#20:16 .i. lá an Spioraid Naoimh do theacht. thabhairt i n-Ierúsalem.
17Ach do chuir sé teachtaireacht ó Mhilétus go h-Ephesus ’ghá rádh le sinnsearaibh na h-eagailse teacht chuige. 18Thánadar, agus nuair á bhíodar ’n-a láthair dubhairt sé leó:
Is eól daoibhse conus mar atá an aimsir go léir tabhartha agam i nbhúr bhfochair ó’n gcéad lá a thánag isteach sa n-Ásia, 19Agus me ag déanamh seirbhíse Dé le fíosúmhluigheacht, ag sile deór, agus ag fulag na dtrioblóidí a tháinig orm tré cheilgibh na n-Iúdach; 20Conus mar nár chimeádas siar aon nídh de sna neithibh a bhí tairbhtheach daoibh, gan iad a theagasg daoibh go puibilídhe agus i nbhúr dtighthibh, 21agus me ag deimhniú aithrighe chun Dé, agus creidimh i n-ár dTighearna Íosa Críost, do Iúdaígh agus do Gheintibh.
22Agus féach táim ag dul go Ierúsalem fé cheangal na spioraide, agus ní fios dom cad ’tá le h-imtheacht orm ann, 23Ach go bhfuil an Spioraid Naomh ag labhairt liom coitchianta, ins na cathrachaibh go léir, ’ghá rádh liom gur slabhraí agus pionóisí atá am chóir i n-Ierúsalem. 24Ach ní h-eagal liom aon nídh dhíobh san ná ní mheasaim gur mó is fiú mo bheatha ’ná me féin, ach go gcomhlíonfad mo thurus, agus seirbhís an bhréithir, a fuaras ó’n dtighearna Íosa, fiadhnuise dhéanamh ar shoisgéal ghrásta Dé. 25Agus féach anois, is eól dómhsa ná feicfidh sibh mo ghnúis a thuille, sibhse go léir n-a bhfuil siúbhaltha i nbhúr measg agam ag craobhsgaoile righeachta Dé.
26D’á bhrígh sin cuirim a fhiadhnuise oraibhre, sa lá so atá indiu againn, go bhfuilim glan ar chuid fola gach duine, 27Mar níor staonas ó chomhairle Dé do chur i n-iúil daoibh go h-iomlán. 28Tugaidh aire dhaoibh féin agus do’n tréad go léir, ar ar chuir an Spioraid Naomh sibh i n-bhúr n-easbogaibh ag riaghladh eaglaise Dé a cheannuigh sé le n-a chuid fola féin. 29Tá ’fhios agamsa go dtiocfaidh isteach i n-bhúr measg, nuair a bheadsa imighthe, faolchoin chraosacha, agus ná staonfaid siad ó’n dtréad. 30Agus eireóchaid, oraibh féin, fir a labharfaid neithe tuathalaca, chun deisgiobul a tharrac n’a ndiaidh. 31D’á bhrígh sin déinid faire, agus cimeadaidh i nbhúr gcuimhne conus mar nár stadas ar feadh trí mblian, do ló ná d’oidhche, ach ag cómhairliú an uile dhuine agaibh agus deóra le m’shúilibh.
32Agus anois tugaim suas do Dhia sibh agus do bhriathar a ghrásta, ó’s ar a chumas atá an obair do chríochnú agus an oighreacht a thabhairt daoibh ameasg na naomh go léir. 33Níor shanntuigheas airgead ná ór ná éadach aon duine, 34Mar is eól daoíbh féin, #1 Cor. 4:12; 2 Tess. 3:8.gurab iad an dá láimh seo sholáthair gach a raibh riachtanach dom féin agus do sna daoine atá am fhochair. 35Tá gach aon nídh taisbeánta agam daoibh, gur ag obair ar an gcuma san is ceart dúinn fóirithint ar na daoine laga, agus cuimhneamh ar bhriathar an Tighearna Íosa mar go ndubhairt sé féin: Is mó an t-aoibhneas go mór rud a bhronnadh ná rud a ghlacadh.
36Agus nuair a bhí an méid sin ráidhce aige do leog sé é féin ar a ghlúinibh agus dhein sé guidhe chun Dé ’n-a dteannta go léir. 37Ansan bhíodar go léir ag gol go fuígheach agus ag cur a lámh tímpal ar mhuinéal Phóil agus ’ghá phógadh, 38Ag déanamh buartha go mór mar gheall ar an bhfocal adubhairt sé, ná feicfidís a ghnúis a thuille. Agus dheineadar é thionnlacan síos chun na luinge.

Currently Selected:

Gníomhartha 20: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in