YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 22

22
CAIBIDIOL XXII.
Pól ghá innsint do’n phobul conus a h-iompuigheadh chun an chreidimh é féin. É ’dul ó sgiúrsáil le n-a rádh gur bh’fhear Rómhánach é.
1A fheara, a bhráithre agus a aithreacha, éistidh leis an gcúntas atá agam le tabhairt daoibh. 2Nuair airígh-dan ag labhairt leó é sa teangain Eabhra chiúnuighdar níba mhó. 3Agus dubhairt sé: Fear Iúdach iseadh mise. i dTarsus Cilicia do rugadh mé, ach sa chathair seo iseadh do tógadh me, ag cosaibh Ghamaliéil, agus do múineadh mé do réir fírinne dlighe ár sínsear, chómh seasamhach do’n dlighe sin agus atáthaoi-se go léir indiu. 4#Supra 8:3.Agus dheineas géarleanmhaint go bás ar an slighe seo, ghá ngabháil, idir fhearaibh agus mnáibh, agus ghá dtabhairt chun lámha agus ghá gcur i mbraighdineas. 5Thug uachtarán na sagart, agus na seanóirí, teistiméireacht dom air sin; #Supra 9:2.agus fuaras leitireacha uatha ag triall ar na bráithribh i nDamascus, chun iad a thabhairt liom anso gabhtha go Ierúsalem i dtreó go gcurfí pionós ortha. 6Ach do thárla, agus mé ar an slighe agus ag teacht i gcómhgar do Dhamascus, i lár an lae, gur las am thimpal solus iomarcach ó neámh; 7Agus gur thuiteas chun tailimh agus gur airígheas an guth ghá rádh liom: A Shaul, a Shaul, cad ’n-a thaobh go bhfuilir ag géarleanmhaint orm? Agus d’fhreagaras: Cia h-é thu, a Thighearna? 8Agus dubhairt sé liom: Mise Íosa Nasareit atá agat d’á ghéarleanmhaint. 9Agus an mhuinntir a bhí le m’ choir dho chonnacadar an solus, ach níor airíghdar guth an t-é a bhí ag cainnt liom.#22:9 Ver. 9. níor airíghdar guth .i. Níor fhéadadar na focail do thuisgint ó na chéile bhíodh gur airíghdar fuaim na bhfocal (supra 9:7). 10Agus dubhart: Cad tá agam le déanamh, a Thighearna? Agus dubhairt an Tighearna liom: Eirigh agus imthigh, isteach go Damascus, agus neósfar duit ansan i dtaobh na neith go léir atá agat le déanamh. 11Ansan, mar gheall ar neart an tsoluis úd, bhios gan radharc agus do rug mo chomrádaidhthe ar láimh orm agus thánag go Damascus. 12Agus bhí fear dár bh’ainim Ananías. Fear go raibh creideamhaint aige, i dtaobh na dlighe, ó n-a raibh de Iúdáchaibh ’n-a gcómhnuighe sa n-áit. 13Agus tháinig sé chúgam agus sheásaimh se am fhiadhnaise agus dubhairt sé liom: A Shaul, a bhráthair, féach suas. Agus d’fhéachas-sa air-sean an uair chéadna. 14Ansan dubhairt sé: Do cheap Dia ár sinnsear thusa roim ré chun go dtuigfá a thoil agus go bhfeicfá an t-Aon Ceart. agus go n-aireóchfá guth a bhéil;#22:14 Ver. 14. an t-Aon Ceart. .i. Ár Slánuightheóir do thaisbheáin é féin do Pól. Gníomh. 9:17. 15Óir bheid tu ad fhinné dhó, i láthair na ndaoine go léir, ar na neithibh a dh’airíghis agur do chonnaicís. 16Anoir cad é an ríghneas so ort? Eirigh agus baistthear thu agus nigh díot do pheacaí le glaodhach a ainim. 17Agur nuair a thánag tar n-air go Ierúsalem do thárla go rabhas sa teampull ag guidhe agus gur thuit támhnéal aigne orm, 18Agur go bhfeaca é agus go ndubhairt sé liom: Brostuigh agus imthigh go luath a’ Ierúsalem, óir ní ghlacfaid siad t’fhiadnuise ormsa. 19Agus dubhartsa: A Thighearna, is eól dóibh go mbínnse ag cur na ndaoine a chreid ionat-sa isteach i bpríosún agus ’ghá mbualadh ins na sinagógaibh; 20Agus nuair a bhí suil Stiopháin t’ fhínné-se, d’á dhortadh bhíos-sa láithreach, agus bhíos toiltheanach, agus bhíos ag tabhairt aire do bhrataibh na ndaoine a bhí ’ghá mharbhú. 21Agus dubhaint sé liom: Imthigh leat, óir is ag triall ar na geintibh i gcéin a chuirfead-sa thu.
22D’éisteadar leis go dtáinig an focal san. Anran d’árduíghdar a nglór agus dubhradar: Cuir as an saoghal a leithéid sin. Ní cóir é bheith beó. 23Agus bhíodar ag liúirigh agus ag caitheamh a mbalcuisí dhíobh agus ag stealladh na cré sa n-aer. 24Ansan d’órduigh an tribhiún é thabhairt isteach sa longphort agus gabháil de sgiúirsíbh air, agus é phianadh, chun go bhfaghadh sé amach cad é an chúis go rabhdar ag liúirigh mar sin ’n-a choinnibh. 25Do cheangaladar Pól le téadaibh. Ansan dubhairt sé leis an dtaoiseach céad a bhí ’n-a sheasamh i n’aice: An bhfuil ceaduighthe dhaoibh gabháil de sgiúirsíbh ar fhear Rómhánach gan é dhaoradh ar dtúis? 26Nuair a dh’airigh an taoiseach céad an focal san chuaidh sé ag triall ar an dtribiún agus d’innis sé dhó e agus dubhairt ré: Cad é seo a mheasann tú a déanamh? Fear Rómánach iseadh an duine sin. 27Ansan do tháinig an tribhiún agus dubhairt sé leis: Innis dom an fear Rómánach tu? Agus dubhairt seisean: Iseadh. 28D’fhreagair an tribhiún: Dhíolas-sa mórán airgid as an bpríbhléid sin a dh’fhághail. Agus dubhairt Pól: Do rugadh mise amhlaidh. 29D’imthigh uaid láithreach na daoine a bhí chun é phianadh. Tháinig eagla ar an dtribhiún féin nuair a fuair sé gur bh’fhear Rómánach é agus go raibh sé tar éis é cheangal.
30Ansan, lár n-a mháireach an lae sin, ba mhian leis a dh’fhághail amach níos cruinne cad a bhí ag na Iúdaígh.#22:30 Supra 8:3.#22:30 Supra 7:57. ’á chur ’n-a leith, agus do sgaoil sé é, agus d’órduigh sé na sagairt agus an chómhairle do teacht i bhfochair a chéile agus thugh sé Pól amach agus chuir sé os a gcómhair é.

Currently Selected:

Gníomhartha 22: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in