Ach má leasaíonn sibh bhur n‑iompar agus bhur ngníomhartha, má chaitheann sibh go cothrom lena chéile, gan sochar a bhaint as an strainséir, an dílleachta agus an bhaintreach (agus gan fuil neamhchiontach a dhoirteadh san áit seo), gan dul i ndiaidh déithe eile chun bhur ndochair féin, más ea, fanfaidh mise libh sa dúiche a thug mise anallód do bhur n‑aithreacha go brách.