1
Galataigh 6:9
An Bíobla Naofa 1981
ABN
Ná bímis cortha choíche den mhaith a dhéanamh; má leanaimid de gan staonadh bainfimid an fómhar in am is i dtráth.
Compare
Explore Galataigh 6:9
2
Galataigh 6:10
Fad atá an deis againn, mar sin, déanaimis an mhaith do chách agus go háirithe do líon tí an chreidimh.
Explore Galataigh 6:10
3
Galataigh 6:2
Déanaigí ualaí a chéile a iompar agus sa tslí sin beidh sibh ag comhlíonadh dlí Chríost.
Explore Galataigh 6:2
4
Galataigh 6:7
Ná bíodh aon dul amú oraibh: ní féidir bob a bhualadh ar Dhia. Mar a chuireann duine an síol is ea a bhainfidh sé an fómhar.
Explore Galataigh 6:7
5
Galataigh 6:8
An té a chuireann síol i ngort na colainne bainfidh sé fómhar an mhillte, ach an té a chuireann síol i ngort an Spioraid, bainfidh sé fómhar na beatha síoraí.
Explore Galataigh 6:8
6
Galataigh 6:1
A bhráithre, má bheirtear ar dhuine ag déanamh rud éigin as an tslí, sibhse a bhfuil an Spiorad agaibh, déanaigí é a cheartú go mín réidh agus féach chugat féin nach gcuirfear an cathú ort féin leis.
Explore Galataigh 6:1
7
Galataigh 6:3-5
Nuair is dóigh le duine gan aird gur mór le rá é féin, is á mhealladh féin atá sé. Déanadh gach duine a shaothar féin a thástáil, agus ansin beidh rud éigin dá chuid féin amháin aige le maíomh as in ionad cuid duine eile. Mar beidh a ultach féin le hiompar ag cách.
Explore Galataigh 6:3-5