1
Eifisigh 1:18-21
An Bíobla Naofa 1981
ABN
Go soilsítear súile bhur n‑aigne ar shlí go dtuigfidh sibh cad é mar údar dóchais daoibh bhur ngairm aige agus cad é mar oidhreacht fhairsing ghlórmhar atá aige i ndán don phobal naofa agus ollmhaitheas na cumhachta a chuir sé i bhfeidhm ar ár son-na, creidmhigh–an chumhacht éachtach úd a chuir sé ag obair i gCríost nuair a thóg sé ó mhairbh é agus chuir ina shuí ar a dheis sna flaithis é go hard os cionn gach ceannas agus údarás agus cumhacht agus tiarnas agus os cionn gach ainm dar féidir a ainmniú ní sa saol seo amháin é ach sa saol atá le teacht chomh maith.
Compare
Explore Eifisigh 1:18-21
2
Eifisigh 1:4-5
Roimh thúsú an domhain roghnaigh sé sinn i gCríost chun bheith naofa gan locht os a chomhair. Le barr grá dúinn leag sé amach ó thús de réir mhian a thola féin go mbeimisne inár gclann aige
Explore Eifisigh 1:4-5
3
Eifisigh 1:7
Is sa Mhac sin, as ucht a chuid fola, atá ár bhfuascailt faighte againne, maithiúnas ár gcionta
Explore Eifisigh 1:7
4
Eifisigh 1:3
Moladh le Dia, le hAthair ár dTiarna Íosa Críost, a bhronn orainn, i gCríost, gach tabhartas spioradálta sna flaithis.
Explore Eifisigh 1:3