YouVersion Logo
Search Icon

Galataigh 6

6
Ualaí a Chéile a Iompar
1A bhráithre, má bheirtear ar dhuine ag déanamh rud éigin as an tslí, sibhse a bhfuil an Spiorad agaibh, déanaigí é a cheartú go mín réidh agus féach chugat féin nach gcuirfear an cathú ort féin leis. 2Déanaigí ualaí a chéile a iompar agus sa tslí sin beidh sibh ag comhlíonadh dlí Chríost. 3Nuair is dóigh le duine gan aird gur mór le rá é féin, is á mhealladh féin atá sé. 4Déanadh gach duine a shaothar féin a thástáil, agus ansin beidh rud éigin dá chuid féin amháin aige le maíomh as in ionad cuid duine eile. 5Mar beidh a ultach féin le hiompar ag cách.
6An duine a bhíonn ag foghlaim an chreidimh, roinneadh sé a chuid maoine ar a oide múinte. 7Ná bíodh aon dul amú oraibh: ní féidir bob a bhualadh ar Dhia. Mar a chuireann duine an síol is ea a bhainfidh sé an fómhar. 8An té a chuireann síol i ngort na colainne bainfidh sé fómhar an mhillte, ach an té a chuireann síol i ngort an Spioraid, bainfidh sé fómhar na beatha síoraí. 9Ná bímis cortha choíche den mhaith a dhéanamh; má leanaimid de gan staonadh bainfimid an fómhar in am is i dtráth. 10Fad atá an deis againn, mar sin, déanaimis an mhaith do chách agus go háirithe do líon tí an chreidimh.
An Focal Scoir
11Féachaigí na litreacha móra seo ina bhfuilim ag scríobh chugaibh le mo láimh féin. 12Na daoine seo atá ag brú an timpeallghearrtha oraibh, is iadsan ar mhaith leo bheith taibhseach sa cholainn agus gan dʼaidhm acu ach go n‑éalóidís ó ghéarleanúint mar gheall ar chrois Chríost. 13Fiú amháin na daoine a ndéantar timpeallghearradh orthu, ní choimeádann siad féin an dlí, ach is maith leo sibhse a bheith timpeallghearrtha dʼfhonn is go mbeidís ag maíomh as bhur gcolainn.
14Nár lige Dia go ndéanfainnse maíomh as rud ar bith ach amháin as crois ár dTiarna Íosa Críost, an chros trína bhfuilimse céasta i dtaca leis an saol agus trína bhfuil an saol céasta i dtaca liom. 15Is cuma timpeallghearradh, nó gan timpeallghearradh, ach cruthú as an nua. 16Síocháin agus trócaire ar an uile dhuine a leanann an prionsabal seo agus ar Iosrael Dé.
17Ná bíodh aon duine do mo bhuaireamh as seo amach, mar tá marcanna ár dTiarna Íosa Críost ar mo chorp agam. 18Go raibh grásta ar dTiarna Íosa Críost agaibh, a bhráithre. Amen.

Currently Selected:

Galataigh 6: ABN

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in