Is follas iad gníomhartha na colainne, mar atá drúis gáirsiúlacht agus graostacht; íoladhradh agus asarlaíocht; eascairdeas, achrann, agus formad; fearg, bruíonta, clampar agus faicsin, éad, (murdail,) meisce, ragairne, agus a leithéid eile. Táim ag tabhairt foláirimh anois daoibh faoi mar a thug mé cheana: an mhuintir a dhéanann nithe den sórt sin ní bhfaighidh siad ríocht Dé mar oidhreacht.