1
Matha 7:7
Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)
JOYNTG
Iarraiḋ, agus do‐ḃéarfar daoiḃ: loirgiḋ, agus do‐ġeoḃaiḋ siḃ; cnagaiḋ, agus fosclóċar daoiḃ.
So sánh
Khám phá Matha 7:7
2
Matha 7:8
Óir gaċ aoinneaċ iarras glacann sé; agus gaċ aoinneaċ loirgeas do‐ġeiḃ sé; agus an té ċnagas foscaltar dó.
Khám phá Matha 7:8
3
Matha 7:24
D’á ḃriġ sin, gaċ aoinneaċ do‐ċluin na briaṫra so agam‐sa agus ċuireas i ngníoṁ iad, saṁlóċar é le duine ciallṁar do ṫóg a ṫeaċ ar an gcarraig
Khám phá Matha 7:24
4
Matha 7:12
D’á ḃriġ sin, gaċ niḋ ba ṁaiṫ liḃ go ndéanfaḋ daoine ḋaoiḃ‐se, déanaiḋ‐se mar an gcéadna ḋóiḃ‐sean: mar is é sin an dliġe agus na fáiḋe.
Khám phá Matha 7:12
5
Matha 7:14
Óir is cuṁang an doras, agus is caol an bealaċ ṡeolas ċum na beaṫaḋ, agus is beag duine do‐ġeiḃ eolas air.
Khám phá Matha 7:14
6
Matha 7:13
Téiġiḋ isteaċ an doras cuṁang: óir is fairsing an doras, agus is leaṫan an bealaċ ṡeolas fá ḋéin an léirscriosta, agus is iomḋa duine ġaḃas é.
Khám phá Matha 7:13
7
Matha 7:11
D’á ḃriġ sin, má’s eol daoiḃ‐se, atá go h‐olc, cionnas deaġ‐ḃronntanais do ṫaḃairt d’ḃúr gclainn, naċ dóċaiġe go mór go dtiuḃraiḋ ḃúr nAṫair atá ar neaṁ deaġ‐ḃronntanais dóiḃ‐sean iarrfas air iad?
Khám phá Matha 7:11
8
Matha 7:1-2
Ná beiriḋ breiṫ ionnas naċ mbéarfaiḋe breiṫ oraiḃ féin. Óir, de réir na breiṫe do‐ḃeir siḃ is eaḋ do‐ḃéarfar breiṫ oraiḃ: agus an tóṁas le n‐a dtóṁaiseann siḃ, is leis tóṁaisfear ċugaiḃ?
Khám phá Matha 7:1-2
9
Matha 7:26
Agus gaċ aoinneaċ do‐ċluin na briaṫra so agam‐sa, agus naċ gcuireann i ngníoṁ iad, saṁlóċar eisean le duine gan ċéill do ṫóg a ṫeaċ ar an ngainiṁ
Khám phá Matha 7:26
10
Matha 7:3-4
Agus cad ċuige ḋuit an duḃradán atá i súil do ḃráṫar d’ḟeicsin, agus naċ mbreaṫnuiġeann tú an tsail atá id’ ṡúil fein? Nó cad ċuige ḋuit a ráḋ led’ ḃráṫair, leig dom an duḃradán do ḃaint as do ṡúil‐se; agus féaċ, atá an tsail id’ ṡúil féin?
Khám phá Matha 7:3-4
11
Matha 7:15-16
Seaċnuiġiḋ na fáiḋe fallsa, ṫig ċugaiḃ i rioċt caoraċ, aċt atáid ’n‐a madraiḃ allta leaṫ istiġ. Ar a dtorṫaiḃ is eaḋ aiṫneoċas siḃ iad. An mbailiġtear caora fíneaṁna de’n driseaċ, nó figí de na feoċadánaiḃ?
Khám phá Matha 7:15-16
12
Matha 7:17
Mar sin do‐ḃeir gaċ deaġ‐ċrann toraḋ maiṫ; aċt do‐ḃeir an droċ‐ċrann droċ‐ṫoraḋ.
Khám phá Matha 7:17
13
Matha 7:18
Ní féidir do’n deaġ‐ċrann droċ‐ṫoraḋ do ṫaḃairt, ’ná do’n droċ‐ċrann toraḋ maiṫ do ṫaḃairt.
Khám phá Matha 7:18
14
Matha 7:19
Gaċ crann naċ dtugann toraḋ maiṫ gearrtar é, agus caiṫtear sa teiniḋ é.
Khám phá Matha 7:19