Gníoṁarṫa 15

15
Caibidil XV
Prioṁ-ċoṁairle na neasbul ag Ierusalem, ioma ttimċillġearraḋ.
1Agus ar dteaċd do ḋruing áiriġe a núas ó ṫír Iudaiġe do ṫeaguisgeadar na bráiṫre, ag raḋ, Muna dtimċeallġearrṫar siḃ do réir reaċda Ṁáoisi, ní héidir ḃur slánuġaḋ. 2Uime sin tair éis Pól agus Barnabas conspóid agus diosbóireaċd nar ḃeag do ḋéanaṁ na naġaiḋ, dorduiġeadar Pól agus Barnabas, agus cuid eile ḋíoḃsab, do ḋul súas go Híarusalem ċum na nabsdal agus na sinnsear a dtimċeall na ceasda so. 3Agus ar na séolaḋ do neagluis, do ġaḃadar tré Ṗeníce agus Ṡamária, ag innisin ḟillte na Gcineaḋaċ: agus do ċuireadar lúṫġáir ṁór ar ná bráiṫriḃ uile.
4Agus ar dteaċd go Hiarusalém ḋóiḃ, do ġaḃadar a neagluis, agus na habsduil agus na sinnsir ċuca íad, agus dinniseadarsan méud na niṫeann do rinne Día ṫríoṫaḋ. 5Giḋeaḋ déirġe dream áiriġe deiriceaċd na Bṗairsíneaċ do ċreid, ag ráḋ, Go ccaiṫfiḋ a ttimċeallġearraḋ, agus a ċur dfíaċuiḃ orrṫa dliġeaḋ Ṁáoisi ċoiṁéud.
6Ar a naḋḃarsin tangadar na habsduil agus na seinnsir ar áonball dféuċuinn a dtimċeall a neiṫse. 7Agus ar ndéunaṁ móráin diosbóireaċda ḋóiḃ, déiriġ Peadar súas, agus a duḃairt sé ríu, A ḟeara agus a ḃraiṫreaċa, atá a ḟios aguiḃsi gur ṫog Día eadruinne fada ó ṡin, go gcluinfidis na Cineaḋaċa briaṫar an tsoisgéil as mo ḃéalsa, agus go gcreidfidís. 8Agus do rinne Día, dar ab aiṫne na croiḋṫe, fínné ḋóiḃsion, ag taḃuirt an Spiorad Náoiṁ ḋóiḃ, ċoṁmaiṫlinne; 9Agus ní ḋearna sé éidirḋéaluġaḋ ar biṫ eadruinne agus íad, ag glanaḋ a gcróiḋeaḋ lé creideaṁ. 10Uime sin a nois créud fá ḃfuiltí ag cur ċaṫúiġṫe ar Ḋía, ag cur ċuinge ar ṁuinéuluinḃ na ndeisciobal, nar ḟéudadar ar naiṫreaċa ná sinn féin iomċar? 11Aċd creidmíd go sláinéoċṫar sinn coṁmaiṫ léosan, tré ġrasuiḃ an Ṫiġearna Iósa Ċríosd.
12Ann sin do ṫoċdadar an ċuideaċda uile, agus tugadar éisdeaċd do Ḃarnabas agus do Ṗól, ag innisin créad é méud na gcoṁarṫaḋ agus na míorḃuileaḋ do rinne Día ṫríoṫaḋ féin eidir na Cineaḋaċuiḃ.
13Agus ar sgur ḋa dtagra ḋóiḃ, do ḟreaguir Séumus, ag ráḋ, A ḟeara agus a ḃráiṫreaċa, éisdiġ riumsa: 14Dinnis Siomón dáoiḃ cionnus dféuċ Dia ó ṫosaċ, ċum pobail do ḃuáin as na Cíneaḋaċniḃ ḋá ainm féin. 15Agus tigid bríaṫra na ḃfaiḋeaḋ leis an nisi; do réir mar atá sgríoḃṫa, 16Fillfiḋ mé na ḋiáiġ so, agus tóigéuḃuiḋ mé súas a rís tábernacuil Ḋáiḃi, atá ar dtuitim; agus cóiréoċaiḋ mé an ní do ṫuit de, agus cuirfiḋ mé súas é a rís: 17Do ċum go níarrfaidís an ċuid eile do na dáoiniḃ an Tiġearna, agus na huile Ċineaḋaċa, ar a ngoirṫear mainm, a deir an Tiġearna noċ do ní na neiṫesi uile. 18Atá fios a oinreaċa féin uile ó ṫosaċ an tsáoġáil ag Día. 19Uime sin measuimsi, naċ cóir míṡuáiṁneas do ċur air a ndreim do na Cineaḋaċuiḃ, dfill ċum Dé: 20Aċd as insgríoḃṫa ċuca, iad féin do ṡeaċna ar ṫruáilliġṫiḃ na nioḋal, agus ar stríopṫaċus, agus ó ní taċduiġṫe, agus ó ḟuil. 21Oír atáid ag Maóisi ó na seanaimsireaċuiḃ a nall dáoine do nía ṡeanmóruġaḋ a ngaċ áon ċaṫruiġ, ann sna sinagóguiḃ ann a léuġṫar gaċa sábbóid é.
22Ann sin do ċonncas do na habsdalaiḃ agus do na sinnsearaiḃ, maille ris a neagluis uile, dáoine toġṫa ḋíoḃ féin do ċur go Hantíoċia lé Pól agus lé Barnabas; eaḋon, Iúdas dar coṁainm Barnabas, agus Sílas, dáoine oirrḋeirc eidir na bráiṫreaċuiḃ: 23Ag sgríoḃaḋ leiṫreaċa ríu mar so; Beaṫa agus sláinte ó na heasbuluiḃ agus ó na seinnsearuiḃ agus ó na bráiṫriḃ ċum na mbráṫar do na Cineaḋaċuiḃ átá a Naintíoċia agus a Síria agus a Cilícia: 24Dó ḃríġ go gcúalamar, go ndeaċadar dáoine áiriġe úáinne noċ do ḃuaiḋir siḃse lé briaṫruiḃ, agus do ċláoċluiḋ ḃur ninntinne, dá ráḋ riḃ, Ḃeiṫ ar ḃur dtimċeallġearraḋ, agus an reaċd do ċoiṁéud: dá naċ dtugamar a leiṫeid sin dáiṫne: 25Do ċonncas dúinn, air tteaċd déuntoil a gceann a ċéile, dáoine tóġṫa do ċur ċugaiḃsi má ráon ré ar mbráiṫriḃ gráḋaċa Barnabas agus Pól, 26Daóine ṫug a nanmanna féin ar son anma ar Dtiġearna Iósa Críosd. 27Ar a naḋḃarsin do ċuireamar ċuguiḃ Iúdas agus Sílas, noċ ínnéosas na neiṫesi as béul mar an gcéudna. 28Oír do ċonncas don Spiorad Náoṁ, agus dúinne, gan ni as mó dúalaċ do ċur oruiḃ ná na neiṫe ríaċdanaċaso; 29Go seaċna siḃ féin ar neiṫiḃ do níṫear ofráil dioḋaluiḃ, agus ar ḟuil, agus ar ní taċduiġe, agus ar striopṫaċus: má ċongḃuiṫí siḃ féin úaṫa so, is maiṫ do ḋéuntáoi. Slán liḃ.
30Agus ar na léigeansan air siuḃal, tangadar go Hantíoċia: agus ar gcruinniuġaḋ don ṗobal a gceann a ċéile, túgadar an leitir úaṫa: 31Agus an tan do léiġeadarsan an leitir, do ġaḃ gáirdeaċus íad tres an ccoṁfurtaċd. 32Mar an gcéadna ar mbeiṫ do Iúdas agus do Ṡílas, na ḃfaiḋiḃ, do ṫeaguisgeadar agus do neartuiġeadar, na bráiṫre lé mórán briaṫar. 33Agus tair éis íad ḟuireaċ ann sin ar feaḋ tamuill, do leigeadar na bráiṫre íad a sioṫċáin úaṫa ċum na nabsdal. 34Aċd do ċonncas do Ṡilás coṁnuiġe ann sin. 35Aċd do ḟan Pól agus Barnabas fós a Naintíoċia, ag teagusg agus ag soisgéuluġaḋ ḃreiṫre an Tiġearna, máráon fós ré mórán eile.
36Aċd a ndiáiġ láeṫeaḋ áiriġe a duḃairt Pól ré Barnabas, Filleam dféuċain ar mbráiṫreaċ atá ann gaċ áon ċaṫruiġ ann a ndearnamar bríaṫar an Tiġearna do ṡeanmóir, cionnus atáid síad. 37Agus do ṡanntuiġ Barnabas Eóin dá ngoirṫear Marcus, do ḃreiṫ léo. 38Aċd níor ḃáill lé Pól an té, dó ċúaiḋ úaṫa as Pamṗília, agus naċ deaċaiḋ ríu ċum na hoibre, do ḃreiṫ na gcuideaċda. 39Uime sin do éiriġ easáonta eatorra, a gcrúṫ gur sgaradar ré ċéile: aċd rug Barnabas Marcus leis, agus do ċúaiḋ sé a luing go Cíprus; 40Aċd dó ṫóġ Pól Silas dó féin, agus do imṫiġ sé roiṁe, ar na ċur ar comairce ġrás Dé do na bráiṫriḃ.
41Agus do ṡioḃail sé ar feaḋ Ṡíria agus Ċilícia, ag coiṁneartuġaḋ na néagluiseaḋ.

ទើបបានជ្រើសរើសហើយ៖

Gníoṁarṫa 15: BedellG

គំនូស​ចំណាំ

ចែក​រំលែក

ចម្លង

None

ចង់ឱ្យគំនូសពណ៌ដែលបានរក្សាទុករបស់អ្នក មាននៅលើគ្រប់ឧបករណ៍ទាំងអស់មែនទេ? ចុះឈ្មោះប្រើ ឬចុះឈ្មោះចូល