Gníoṁarṫa 14

14
Caibidil XIV
Na heasbuil ag deanaṁ maiṫ ag Listra, 11 tugadar an-barr onóir ḋoiḃ áon la, 19 agus ġaḃadar do ċloċaiḃ orra la eile.
1Agus tárla a Nicónium, go ndeaċadar aráon a náoinḟeaċd go sionagóig na Níudaiġeaḋ, agus gur laḃradar, ar ġléus gur ċreideadar buiḋean ṁór do na Iúdaiġiḃ agus fos do na Gréugaċaiḃ. 2Aċd na Iúdaiġṫe díċreidṁeaċa, do ḃrosdaiġeadar agus do líonadar daingiḋeaċd, inntinn na Gcineaḋaċ a naġaiḋ na ndearḃraiṫreaċ. 3Uime sin dfanadar aimsear ḟada ag laḃairt go dána sa Tiġearna, noċ do rinne fíaḋnuise do ḃréiṫir a ġrás féin, agus tug fá deara coṁarṫaḋa agus miorḃuileaḋa do ḋéumaṁ tré na laṁaiḃsión. 4Agus tárla connspóid eidir luċd na caiṫreaċ: ionnus go raiḃ dream aca ris na Iúdaiġiḃ, agus dream eile ris na habsdalaiḃ. 5Agus ar dtosuġaḋ bruiġne do na Cineaḋaċaiḃ, agus do na Híudaiġṫiḃ maille ré na núaċdaránaiḃ, ċum íadsan do ṁaslúġaḋ, agus gaḃáil do ċloċaiḃ orrṫa, 6Ar na ṫuigsin ḋóiḃsion, do ṫeiṫeadar go Lístra, agus Derbe, caiṫreaċa na Licaónia, agus don regíon ar gaċ táoḃ: 7Agus do ḃádar ag seanmóruġaḋ an tsoisgéil ann sin.
8Fá a nám sin do ḃí duine áiriġe a Listra na ṡuiḋe, ag naċ raiḃ a ċosa ar a ċúmas, do ḃí na ṁairtíneaċ ó ḃroinn a ṁáṫar, agus nar ṡiúḃail a ríaṁ. 9Do ċualáiḋ sé so Pól ag laḃairt: agus ar mbeiṫ do Ṗól ag féuċain go gér air, agus ar mbreaṫnuġaḋ ḋó go raiḃ creiḋeaṁ aige ċúm a ṡlánuiġṫe, 10A duḃairt sé do ġúṫ mór, Seas súas go díreaċ ar do ċosaiḃ. Agus do léím seision súas, agus do ṡiúḃail sé.
11Agus ar ḃfaicsin a neiṫe do rinne Pól don ṗóbal, do árdaiġeadar a ngúṫ, ag ráḋ a dteangaiḋ na Licaónia, Tangadar dée a núas ċugainn a gcosaṁlaċd dáoine. 12Agus do ġoireadar Iupiter, do Ḃarnabas; agus Mercúrius, do Ṗól, do ḃríġ gur ḃfearr laḃarṫa é. 13Agus ar mbeiṫ do ṡagurt Iupiter, as coṁair a gcaiṫreaċ súd, ar dtaḃairt ṫarḃ agus atán ris ċim na ngeataḋ, bá mian leis íoḋbairt do ḋéunaṁ má ráon ris an bpóbal. 14Aċd ar na ċlos so do na habsdalaiḃ, Barnabas agus Pól, ag réubaḋ a gcúlaiḋeaċ ḋóiḃ, do riṫeadar a sdeaċ a measg an ṗoóbail, ag éiġme, 15Agus ag ráḋ, A ḋáoine, créud fá a ndéantáoi na neiṫese? Oir is dáoine sinnse féin, cosṁail a ḃfulangṫaiḃ riḃse, ag soisgéuluġaḋ ḋíḃ fileaḋ ó na neiṫiḃ dioṁáoineaċsa ċum Dé ḃí, noċ rínne neaṁ, agus talaṁ, agus a nfáirge, agus na huile neiṫe atá ionnta: 16Noċ do ḟulaing sna haimsiriḃ do ċuáiḋ ṫorainn, do na huile ċineaḋaċaiḃ siuḃal ann a sliġṫiḃ féin. 17Bíoḋ nar ḟág sé é féin gan ḟíaḋnuise, ag déunaṁ maiṫeasa, ag taḃairt feaṫanna ḋuinn ó neaṁ, agus seusúir ṫórṫaiġ, ag líonaḋ ar gcroiḋeaḋ do ḃíaḋ agus do ġáirdeaċus. 18Agus ar ráḋ na néiṫeannsa ḋóiḃ, is ré béigean do ċongḃadar an pobal, ó íoḋbairt do ḋéunaṁ ḋóiḃ.
19Giḋeaḋ tangadar Iúdaiġe ċuca ó Antíoċia agus ó Icóníum, noċ do ċoṁairliġ an pobal, agus ar ngaḃáil do ċloċaiḃ ar Ṗól, do ṫarruing amaċ as an gcaṫruiġ é, ar na ṡáoilsin dóiḃ go raiḃ sé marḃ. 20Aċd, ar mbeiṫ do na deisciobluiḃ na seasaṁ na ṫimċeall, do éiriġ sé súas na ṡeasaṁ, agus do ċuáiḋ sé a steaċ don ċaṫraiġ: agus ar na ṁáraċ do imṫiġ sé as sin má ráon ré Barnabas go Derbe.
21Agus ar seanmóruġaḋ an tsoisgéil don ċaṫraiġ sin doíḃ, agus ar dtarruing ṁóráin do ḋeiscioblaiḃ ċuca, dfilleadar go Listra, agus go Hicónium, agus go Hantíoċia. 22Ag neartuġaḋ anmann na deisciobal, agá dteagusg fá aṁuin sa gcreideaṁ, agus gur tré iomad buaiḋearṫa as éigean dúinn dul a steaċ go ríoġaċd Dé. 23Agus ar nórduġaḋ sinnsear ann gaċ eagluis, agus ar ndéunaṁ úrnaiġe ḋóiḃ maille ré trosgaḋ, do ċuireadar ar ċoiṁéud an Tiġearna, ionar ċreideadar íad.
24Agus ar ndul ḋóiḃ ṫríd Ṗisídia, tangadar go Pamṗília. 25Agus ar laḃairt na ḃréiṫre ḋoiḃ a Bperge, do ċúadar síos go Hatália: 26Agus do ṡéoladar as sin go Hantíoċía, a náit as ar cuireaḋ ar coiṁéud ġrás Dé íad ċum na hoibre do ċoiṁlíonadar. 27Agus ar dteaċd, agus ar gcruinniúġaḋ na heagluise a gceann a ċéile ḋóiḃ, do ḟoillsiġeadar méud na neiṫeann do rinne Día ṫríoṫaḋ, agus gur osgail sé doras an ċreidiṁ do na Cineaḋaċaiḃ. 28Agus do ċoṁnuiġeadar aimsir ḟada ann sin a ḃfoċair na ndeisciobail.

ទើបបានជ្រើសរើសហើយ៖

Gníoṁarṫa 14: BedellG

គំនូស​ចំណាំ

ចែក​រំលែក

ចម្លង

None

ចង់ឱ្យគំនូសពណ៌ដែលបានរក្សាទុករបស់អ្នក មាននៅលើគ្រប់ឧបករណ៍ទាំងអស់មែនទេ? ចុះឈ្មោះប្រើ ឬចុះឈ្មោះចូល