Gníoṁarṫa 10

10
Caibidil X
Corneliuis caiptín díaġa do na Cineuḋaċaiḃ, ar na ḃaisdeaḋ le Peadar.
1Agus do ḃí duine áiriġe a Séasárea, dar ḃainm Cornélius, caiptín an ḃanna ḋá ngóirṫear an banna Eadáilleaċ, 2Duine ríaġalta, ar a raiḃ eagla Dé, maille ré na ṫiġ uile, noċ do ḃeireaḋ iomad déirce donṗobal, agus do ḃíoḋ ag guiḋe Dé do ġnáṫ. 3Do ċonnairc sé go soilléir a dtáiḃse a dtimċeall a náoṁaḋ húair don ló aingeal Dé ag teaċd a steaċ ċuige, agus ag ráḋ ris, A Ċornéliuis. 4Agus ag féuċain dósan air go gér, agus ag gaḃáil eagla, a duḃairt sé, Créd é sin, a Ṫiġearna? Agus a duḃairt seision ris, Do ċuáiḋ húrnaiġṫe agus do ḋéirce súas a gcoiṁne a ḃfiaḋnuise Dé. 5Agus a nois cuir dáoine go Ioppá, agus cuir fios ar Ṡíomón, dar ab coṁainm Peadar: 6Atá sé ar áoiḋeaċd a ḃfoċair Ṡíomón áiriġe fear leasaiġe leaṫair, agá ḃfuil a ṫiġ láiṁ ris an ḃfairge: foillséoċaiḋ sé ḋuit créud is cóir ḋuit a ḋéunaṁ. 7Agus ar nimṫeaċd don aingeal do leaḃair le Cornéliuis, do ġoir sé ċuige dís dá ṁuinntir, agus saiġdiúír díaġa don druing do ḃí na ḟoċair; 8Agus ar ḃfoillsinġáḋ a niomláin dóiḃ, do ċuir sé íad go Híoppá.
9Agus ar ná ṁaraċ, ag síuḃal dóiḃsean, agus ag drud ris an gcaṫraiġ, do ċuáiḋ Peadar súas ar an dtiġ do ḋéanaṁ úrnaiġe dtimċeall an seaséaḋ húair. 10Agus tárla gur ġaḃ ocarus roṁór é, agus ba mían ris bíaḋ ċaiṫeaṁ: agus an feaḋ do ḃádarsan ag ullṁúġaḋ neiṫe, do ċúaiḋ seision a néull, 11Agus do ċonnairc sé neaṁ osgailte, agus soiġteaċ áiriġe ag teaċd a nsúas ċuige, aṁail ḃraiṫlín ṁór agus a ċeiṫre beanna ceangailte, noċ do léigeaḋ síos ar an dtalaṁ: 12Ann a raiḃ gaċ uile ġné ḃeaṫaiḋ ċeaṫairċosaiḋ na talṁan, agus ḃeaṫaiḋ allta, agus ṗíasd ṡnáṁus an talaṁ, agus éunlaiṫ a naicéir. 13Agus ṫáinic gúṫ ċuige, Eiriġ, a Ṗéadair; marḃ, agus iṫ. 14Aċd a duḃairt Peadar, Ní heaḋ, a Ṫiġearna; óir níor iṫ mé ríaṁ éinni coitċeann nó neaṁġlan. 15Agus a duḃairt an gúṫ ris a rís an dara huáir, Ná neíṫe ġlan Día, ná habairse neaṁġlan íad. 16Agus do rinneaḋ so fó ṫrí: agus a rís do tógḃaḋ an soiṫeaċ súas air neaṁ.
17Agus ar mbeiṫ do Ṗeadar ag déunaṁ áṁaruis ann féin créud í an táiḃsise do ċunnairc sé, Féuċ, na teaċdairiġe do cuireaḋ ó Ċornélius ag íarraiḋ ṫiġe Ṡiómóin, agus do ṡeasadar ag an dorus, 18Agus do ġoíreadar, agus dfíafruiġeadar an raiḃ Síomón dar ċóṁainm Peadar ann sin. 19Agus ar mbeiṫ do Ṗeadar ag smuáineaḋ ar an dtáiḃse, a duḃairt an Spiorad ris, Féuċ, atá tríur fear dod íarraiḋ. 20Uime sin éiriḋ, téiġ síos, agus imṫiġ ríu, gan aṁarus ar biṫ do ḃeiṫ ort: óir is misi do ċuir uáim íad. 21Ar ndul síos do Ṗeadar an tan sin ċum na ḃfear do cuireaḋ ċuige ó Ċornélius; a duḃairt sé, Féuċaiḋ, is misi an té atá siḃse íarraiḋ: créud é an taḋḃar fá dtangaḃair? 22Agus a duḃradarsan, Cornélius an caiptín, duine coṁṫrom, air a ḃfuil eagla Dé, agus fear deaġṫeasda ag an gcineaḋ Iúdaiġe uile, fuáir sé fógra ó Ḋía tré aingeal náoṁṫa fios do ċur ortsa dá ṫiġ féin, agus éisdeaċd ré briaṫra úaitse. 23An sin do ġoir sé a steaċ íad, agus tug sé áoiḋeaċd dóiḃ. Agus ar na ṁáraċ do imṫiġ Peadar ríu, agus dimṫiġ dream áiriġe do na dearḃraiṫreaċaiḃ do ḃí a Níoppá ma ráon ris.
24Agus an lá na ḋiáiġ sin do ċuádar a steaċ go Séasaréa. Agus do ḃí Cornélius ag fuireaċ ríu, ar ngairm a ġáoil agus a ċarad ndiongṁala a gceann a ċéile ḋó. 25Agus tárla ré dteaċd Ṗeadair a sdeaċ, go dtáinic Cornélius do ṫeagṁáil dó, agus do onóraiġ sé é, ḋá léigean féin síos agá ċosaiḃ. 26Aċd do ṫóg Peadar súas é, ag ráḋ, Eiriḋ; oír as duine misi féin. 27Agus ar mbeiṫ ḋó ag coṁráḋ ris, do ċuáiḋ sé a steaċ, agus fuair sé mórán ar gcruinniuġaḋ a gceann a ċéile. 28Agus a duḃairt sé ríu, Atá a ḟios agaiḃse náċ dliġṫeaċ do Iúdaiġe é féin do ċeangal deaċdrannaċ, nó teaċd dá ġoire; giḋeaḋ do ḟoillsiġ Día ḋaṁsa gan duine coitċeann nó neaṁġlan do ġairm do neaċ ar biṫ. 29Ar a naḋḃarsin ṫáinig mé gan díultaḋ, a núair do cuireaḋ fios oram: uime sin fíafruiġim créud é an táḋḃar fár ċuireaḃair fios oram? 30A duḃairt Cornélius an tan sin, Ré ceiṫre lá gus a nuáirse do ḃí mé ag déunaṁ troisge; agus sa náoṁaḋ huáir do ḃí mé ag déunaṁ urnaiġe ann mo ṫiġ féin, agus, féuċ, do ṡeas neaċ am ḟíaḋnuise a néudaċ ḋeallruiġṫeaċ, 31Agus a duḃairt sé, A Ċornélius, do héisdeaḋ húrnaiġe, agus do coiṁniġeaḋ do ḋéirc a ḃfíaḋnuise Dé. 32Uime sin cuir fios go Híoppá, agus goir ċugad Síomón, dar coṁainm Peadar; atá se ar aóiḋeaċd a dtiġ Ṡíomóin ḟir leasaiġṫe leaṫair láiṁ ris an ḃfáirrge: agus an tan ṫiucfas sé, laiḃeóruiġ sé riotsa. 33Ar a naḋḃarsa a nuáir sin féin do ċuir me fios ortsa; agus as maiṫ do rinne tú ṫeaċd. Uime sin a nois atámuid uile a ḃfiaḋnuise Dé, ċum eisdeaċda gaċa uile neiṫe do haiṫniġeaḋ ḋiotsa ó Ḋía.
34Agus ar nosglaḋ a ḃéil do Ṗeadar a duḃairt sé, Do ġeiḃim go fírinneaċ naċ ḃféuċann Día do ṗearsannaiḃ seaċ a ċéile: 35Aċd am gaċ uile ċineaḋ gaḃuiḋ sé ris an tí, air ambí a eagla agus do ní ceart. 36An ḃríaṫar noċ do ḟoillsiġ sé do ċloinn Israél, ag soisgéuluġaḋ síoṫċána tré Iósa Críosd: noċ atá na Ṫiġearna ós cionn na nuile: 37Atá a ḟios agaiḃse, créud do rinneaḋ feaḋ ṫíre Iúdaiḋe uile, ag tosuġaḋ ón Ngalilé, tar éis an ḃaisdiġ noċ do ṡeanmóraiḋ Eóin; 38Cionnus do ung Día Iósa Nasárrġa ris an Spiorad Náoṁ agus lé cuṁaċdaiḃ: noċ do ċuáiḋ timċeall ag déunaṁ maiṫeasa, agus ag sláunuġaḋ gaċ a raiḃ fá leaṫtrom tré ċuṁaċdaiḃ an diaḃail; óir do ḃí Día maille ris. 39Agus atámaóidbe dfíaḋnuise ar na huile neiṫe do rinne sé a ttír Iúdaiġe, agus a Niarusalém; noċ do ṁarḃadar ḋá ċroċaḋ a gcroiċ: 40Do ṫog Día é so súas an treas lá, agus dfoillsiġ sé é; 41Ni don ṗobál uile aċd do na fíaḋnuisiḃ do ṫoġ Día roiṁ láiṁ, eaḋon dúinne, noċ do iṫ agus do iḃ na ḟoċair tar éis a éiseirġe ó ṁarḃaiḃ. 42Agus tug áiṫne ḋúinne seanmóir a ḋéunaṁ don ṗobal, agus fíaḋnuise do déunaṁ gur ab eision do hórduiġeaḋ ó Ḋía na ḃreiṫeaṁ ar ḃéoḋaiḃ agus ar ṁarḃaiḃ. 43Do níd na fáiḋe uile fíaḋnuise ḋó so, go ḃfaġann gaċ áon ċreideas ann maiṫeaṁnus na bpeacaḋ tré na ainm. 44Ar mbeiṫ fós do Ṗeadar ag laḃairt na mbríaṫarsa, do ṫuirrling an Spiorad Náoṁ ar gaċ áon da ccúalaiḋ an ḃríaṫar. 45Agus na creidṁiġe don timċeallġearraḋ ṫáinic ré Peadar, do ġaḃ uaṫḃás íad, do ḃríġ gur dóirteaḋ fós ar na Cineaḋaċaiḃ tioḋlacaḋ an Spioraid Naóiṁ. 46Oír do ċúaladar íadsan ag laḃairt lé teangṫaiḃ, agus ag aḋṁolaḋ Dé. Do ḟreagair Peadar an tan sin, 47An féidir do neaċ ar biṫ uisge do ṫoirmeasg, do ċum naċ baisfi íad só, noċ do ġaḃ an Spiorad Náoṁ ċoṁmaiṫ rinne? 48Agus do aiṫin sé ḋíoḃ baisdeaḋ ġaḃail ċuca a nainm an Tiġearna. Do íarradar airsion an tan sin fanṁuin na ḃfoċair láeṫe áiriġe.

ទើបបានជ្រើសរើសហើយ៖

Gníoṁarṫa 10: BedellG

គំនូស​ចំណាំ

ចែក​រំលែក

ចម្លង

None

ចង់ឱ្យគំនូសពណ៌ដែលបានរក្សាទុករបស់អ្នក មាននៅលើគ្រប់ឧបករណ៍ទាំងអស់មែនទេ? ចុះឈ្មោះប្រើ ឬចុះឈ្មោះចូល