رفتن به محتوا

Seanfhocal 11

11
1Tá an ghráin ag an Tiarna ar an meá éagórach,
ach is gean leis an meáchan cóir.
2Tagann an t‑uabhar ar dtús, ansin an náire;
tá an eagna ar fáil i measc na n‑uiríseal.
3Déanann a n‑ionracas na hionraice a stiúradh,
ach scriosann a bhfeall na feallairí.
4Ní aon chabhair an mhaoin lá na feirge,
ach fuasclaíonn an fhíréantacht ón mbás.
5Réitíonn a shuáilcí an cosán don neamhchiontach,
ach baineann a urchóid féin an t‑urchóideach dá bhonna.
6Déanann a bhfíréantacht na hionraice a fhuascailt,
ach cuireann a n‑ainmhianta féin na feallairí i ngeimhle.
7Ní chuireann an bás deireadh le dóchas an fhíréin,
ach téann muinín lucht na haindiagachta amú.
8Saortar an fíréan ón tubaiste,
ach titeann sí ar an urchóideach ina ionad.
9Scriosann an t‑aindiaga a chomharsa lena theanga,
ach saortar na fíréin le barr eolais.
10Nuair a ritheann leis na fíréin, bíonn lúcháir ar an gcathair;
nuair a scriostar na hurchóidigh, cuirtear na gártha áthais suas.
11Tógtar cathair trí bheannachtaí na bhfíréan,
ach scartáiltear í trí bhéal na n‑urchóideach.
12Amadán an té a dhéanann magadh faoina chomharsa;
fanann an duine tuisceanach ina thost.
13Sceitheann an duine béalscaoilteach nithe a bhíonn faoi cheilt
ach coimeádann an duine iontaofa rúin.
14Teipeann pobal cheal treorach;
ní baol dóibh nuair is iomadúil iad na comhairleoirí.
15An té a théann i mbannaí ar strainséir, beidh thiar air;
an té ar fuath leis dul i mbannaí, tá sé ar láimh shábháilte.
16Tuilleann bean ghrástúil onóir [dá fear];
[níl sa bhean gan meas ar an gcóir ach easonóir faoi réim].
17Fónann an fial dó féin;
ach goineann an duine cruálach é féin.
18Saothraíonn an t‑urchóideach beatha bhaoth;
an té a shíolann an fhíréantacht beidh fómhar teann aige.
19An té a bhíonn daingean san fhíréantacht, beidh fad saoil aige;
níl ach an bás i ndán don té a bhíonn ar thóir na hurchóide.
20Is fuath leis an Tiarna lucht droch-chroí;
is geal leis an mhuintir nach cam cosán.
21Déan deimhin de, ní rachaidh an t‑urchóideach as gan phionós;
ach déanfar lucht na fíréantachta a fhuascailt.
22Is cuma nó fáinne óir i bpus muice,
bean bhreá gan stuaim.
23Sonas is críoch ar mhian na bhfíréan;
téann dóchas na n‑urchóideach amú.
24Bíonn duine fial, ach méadaíonn ar a mhaoin;
bíonn duine eile sprionlaithe, ach is i mbochtaine a théann sé.
25Éireoidh an fial saibhir;
an té thugann deoch, gheobhaidh sé deoch.
26Cuireann daoine mallacht ar an té a choimeádann an t‑arbhar i dtaisce;
ach beannacht ar an té a dhíolann é.
27An té a thóraíonn an mhaith, tóraíonn sé fabhar;
ach an té a lorgann an urchóid, tagann an urchóid ina threo.
28An té a bhfuil a mhuinín ina mhaoin, feofaidh sé;
ach beidh an fíréan faoi bhláth mar an duilliúr glas.
29An té a bhuaireann a theaghlach, beidh an ghaoth aige mar oidhreacht;
beidh an baoth mar dhaor ag an eagnaí.
30Bíonn crann na beatha mar thoradh ag an bhfíréan;
ach sciobtar na hurchóidigh ar shiúl [roimh am].
31Má fhaigheann an fíréan an luach saothair is dual dó ar talamh,
nach mó ná sin a gheobhaidh an t‑urchóideach agus an peacach!