Seanfhocal 12
12
1An té a mbíonn cion aige ar an smacht, bíonn cion aige ar an eolas;
an té ar fuath leis ceartú, is duine dúr é.
2Bíonn gnaoi an Tiarna ar an duine cóir,
ach daorann sé fear na ndrochbheart.
3Ní dhaingníonn an urchóid aon duine,
ach ní bhogfar fréamh an fhíréin go brách.
4Coróin a fir bean mhaith,
ach is fochall ina chnámha bean gan náire.
5Is ionraic iad smaointe an fhíréin;
ach is fealltach iad comhairlí na n‑urchóideach.
6Is gaistí le fuil a dhoirteadh iad briathra an urchóidigh;
ach fuasclaíonn béal an fhíréin daoine ó bhaol.
7Leagtar ar lár na hurchóidigh, agus sin deireadh leo;
ach seasóidh teach an fhíréin go daingean.
8Moltar duine ar fheabhas a chéille;
ach bíonn dímheas ar fhear an droch-chroí.
9Is fearr fear gan ghradam [a dhéanann a ghnó féin],
ná fear le héirí in airde a bhíonn gan arán.
10Tugann an fíréan aire dá chuid stoic,
ach is cruálach í trocaire an urchóidigh.
11Beidh flúirse aráin ag an té a shaothraíonn a chuid talún;
níl aon chiall ag an té a leanann beartais bhaotha.
12Scriostar túr daingean na n‑urchóideach,
ach maireann fréamha na bhfíréan go daingean.
13Trí choireanna a bhéil féin a ghabhtar an t‑urchóideach sa ghaiste;
ach tagann an fíréan slán ón tubaiste.
14Nuair a shásaítear fear le nithe fónta, sé toradh a bhriathar féin é;
filleann toradh shaothar a lámh ar an duine féin.
15I súile an amadáin is ceart é a chosán;
éisteann an t‑eagnaí le dea-chomhairle.
16Ní dhéanann an t‑amadán aon mhoill ach a fhearg a thaispeáint;
ach ní thógann an duine ciallmhar ceann dʼachasán.
17An té a labhraíonn an fhírinne, tugann sé fianaise chóir;
níl san fhinné bréagach ach calaois.
18Tá duine ann ar geall le sá claímh a mhearbhriathra;
ach bíonn cneasú á iompar ag teanga an eagnaí.
19Maireann beola fírinneacha go brách;
ach is gairid é saol na teanga bréagaí.
20Tá feall i gcroí lucht beartaithe oilc;
ach tá lúcháir ag lucht síocháin a chur i gcrích.
21Níl aon olc i ndán don fhíréan,
ach bíonn trioblóidí sa mhullach ar na hurchóidigh.
22Is fuath leis an Tiarna beola an éithigh;
ach is gean leis lucht labhartha na fírinne.
23Coimeádann an duine tuisceanach a chuid eolais i bhfolach;
ach fógraíonn croí na n‑amadán a mbaois.
24Údarás is dual don láimh bhríomhar;
ach saothar éigeantach is dual don leisciúil.
25Cuireann an imní ualach ar chroí an duine;
ach cuireann an dea-fhocal áthas air.
26Tugann an fíréan cúl leis an urchóid;
ach treoraíonn cosán na n‑urchóideach iadsan amú.
27Ní bheidh aon ní don phota ag an bhfear díomhaoin;
ach beidh saibhreas luachmhar ag an bhfear dícheallach.
28Lonnaíonn an bheatha ar chosán na córa;
ach treoraíonn slí na hearráide chun an bháis.
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.