Seanfhocal 10
10
Seanfhocail Sholaimh
1Cuireann mac eagnaí gliondar ar a athair;
ach cúis bhróin dá mháthair amadán mic.
2Ní bhíonn an rath ar mhaoin mhíchnuasta;
ach fuasclaíonn an fhíréantacht ón mbás.
3Ní fhágann an Tiarna an fíréan gan bhia,
ach cuireann sé bac ar chraos an urchóidigh.
4Leanann an bhochtaine an lámh gan fhuaimint,
ach tuilleann an lámh fhuinniúil maoin.
5Mac críonna a chnuasaíonn sa samhradh,
ach cúis náire é an mac a chodlaíonn le linn an fhómhair.
6Tá beannachtaí an Tiarna ar cheann an fhíréin,
ach tá an foréigean i bhfolach i mbéal an urchóidigh.
7Beidh cuimhne ar an bhfíréan faoi bheannacht,
ach lobhfaidh ainm an urchóidigh.
8Géilleann croí an eagnaí do theagasc
ach tá tubaiste i ndán don chabaire baoth.
9An té a shiúlann ar chosán na fíréantachta, ní baol do;
ach an té leanann na casáin chama, béarfar air.
10An té a luíonn súil, adhnann sé aighneas,
[ach an té a cheartaíonn go dána, déanann sé síocháin].
11Is fionse beatha é béal an fhíréin,
ach bíonn foréigean i bhfolach i mbéal an urchóidigh.
12Gineann fuath achrann,
ach cuireann an grá brat thar gach cóir.
13Bíonn an eagna le fáil i mbéal an tuisceanaigh;
ach an bata ar dhroim an duine éaganta.
14Cuireann lucht na heagna an t‑eolas i dtaisce;
ach leanann an tubaiste go dlúth ar an mbéal baoth.
15A mhaoin is cathair dhaingean ag an duine saibhir;
ach milleann a mbochtaine na bochtáin.
16Tuilleann a thuarastal beatha don fhíréan;
ní bhíonn ach [an bás] mar luach saothair ag an urchóideach.
17An té a ghéilleann don smacht, tá sé ar chosán na beatha;
ach an té a dhiúltaíonn don cheartú téann sé amú.
18Cuireann béal [lucht na córa] gobán ar an bhfuath;
is amadán é fear na tromaíochta.
19Nuair is líonmhar iad na briathra, ní bhíonn an choir in easnamh;
is críonna é an té ag a bhfuil srian ar a theanga.
20Togha an airgid ghil í teanga an fhíréin;
ní fiú tráithnín aigne an urchóidigh.
21Beathaíonn béal an fhíréin mórán daoine,
ach faigheann amadáin bás le díth céille.
22Beannacht an Tiarna a bhronnann saibhreas,
agus ní chuireann seisean dólás léi.
23Is geal leis an amadán an t‑olc a dhéanamh;
ach teacht ar an eagna is gean le fear na gaoise.
24An rud is eagal leis an urchóideach,
tiocfaidh sé sa mhullach air;
ach faigheann an fíréan mian a chroí mar fháltas.
25Tar éis na stoirme, bíonn deireadh leis an urchóideach;
ach bíonn bonn faoin bhfíréan go brách.
26Dála an fhínéagra leis na fiacla, nó an deataigh leis na súile,
sin mar bhíonn ag an leadránaí leis an té a sheol é.
27Tugann eagla an Tiarna fad saoil,
ach déanfar blianta an urchóidigh a chiorrú.
28Suáilceas ar fad é dóchas na bhfíréan,
ach rachaidh meath ar dhóchas an urchóidigh.
29Dún daingean é an Tiarna dʼfhear na beatha fíréanta,
níl ann ach scrios do lucht an oilc a dhéanamh.
30Ní chuirfear an fíréan go deo as a láthair,
ach ní bheidh áit lonnaithe go brách ag an urchóideach.
31As béal an fhíréin tagann eagna,
ach gearrfar teanga na calaoise ar shiúl.
32Tá an chneastacht ar sileadh le beola an fhíréin,
ach calaois le beola an urchóidigh.
© An Sagart 1981
Úsáidtear le cead. Used by permission.