Psalm 47
47
XLVII Psalm.
1Buailidhe bhar mbasa uile shlóigh,
Ta ’gaitreabh ann sgach ait;
Le guth ’s le gárdeachas do Dhia,
Suas toguidhe iolach árd.
2Óir Dia ro ard is uamhunn é,
Righ mor ós cionn gach tír;
3An pobul cuiridh se fo’r smacht,
Fo’r ccois na slóigh go léir.
4Oighreacht Iacoib thogh se dhuinn,
Oighreacht dá ttug se grádh;
5Chuaidh Dia le caithréim ard suas,
Le stoc a’s fuaimneach blá.
6Seinnidhe do Dhia, sinn moladh, sinn,
Dar righ sinn moladh binn;
7Oir is righ mór os cionn gach tír,
Seinn do go heólgach grinn.
8Tha Dia na shuidhe na chathaoir naoimh,
’Se is righ air chinnibh ann;
9Uachdráinn na sluagh do chruinnigh iad,
Pobal Dé Abrahaim.
Air son gur le Iehobhah ’mháin,
Sgiath dhidin do gach tír;
’Se féin is airde is uirumuigh,
’S dho dlighthear moladh síor.
اکنون انتخاب شده:
Psalm 47: PSA1836
هایلایت
کپی
مقایسه
به اشتراک گذاشتن
می خواهید نکات برجسته خود را در همه دستگاه های خود ذخیره کنید؟ برای ورودثبت نام کنید یا اگر ثبت نام کرده اید وارد شوید
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836