Salm 11
11
Muinín as Dia
1 Do stiúrthóir an chóir. [Salm] Dháiví.
Leis an Tiarna a fuair mé dídean;
cén chaoi a déarfaidh sibh le mʼanam:
“Eitil, amhail éan, chun an tsléibhe.”
2Féach na peacaigh ag teannadh an bhogha;
táid ag gléasadh a saighead ar an tsreang,
dá gcaitheamh leis an bhfíréan sa dorchacht.
3Ón uair a scriostar na fothaí
cad is féidir leis an bhfíréan a dhéanamh.
4Tá an Tiarna ina theampall naofa,
ar neamh atá a chathaoir ríoga.
Breathnaíonn a shúile [na hísle];
tástálann siad clann na ndaoine.
5Féachann an Tiarna an fíréan is an t‑ainfhíréan,
is fuath leis fear an fhoréigin.
6Fearfaidh sé tine agus ruibh ar na peacaigh:
gaoth fheannaideach loiscneach atá i ndán dóibh.
6b Is geal leis an Tiarna an fhíréantacht:
agus feicfidh na fíréin a aghaidh.
اکنون انتخاب شده:
Salm 11: ABN2012
هایلایت
به اشتراک گذاشتن
کپی

می خواهید نکات برجسته خود را در همه دستگاه های خود ذخیره کنید؟ برای ورودثبت نام کنید یا اگر ثبت نام کرده اید وارد شوید
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.