Filéamón 1

1
1Mise Pól, géibheannach ar son Íosa Críost, agus an bráthair Tiomóid, beannaímid dár gcara agus dár gcomhoibrí Filéamón, 2don tsiúr Aipfia agus dár gcomhshaighdiúir, Archapas, agus don eaglais a bhíonn i do theach agat. 3Grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost.
4Gabhaim buíochas le mo Dhia gach uair dá gcuimhním ort i mʼurnaithe. 5Mar tá iomrá dá chlos agam ar an gcreideamh agus ar an ngrá atá agat i leith an Tiarna Íosa agus an phobail naofa uile. 6Is é mo ghuí go gcuirfidh an creideamh atá i bpáirt againn ar do chumas duit gach maith atá againn i gCríost a thuiscint. 7Ba mhór an lúcháir agus an sólás dom-sa an grá sin agat-sa, a bhráthair, mar go bhfuil croí dá thabhairt agat don phobal naofa.
8Más ea, cé go bhfuil misneach mo dhóthain agam i gCríost chun ordú a thabhairt duit an rud ceart a dhéanamh, mar sin féin 9is fearr liom as ucht an mhuintearais é a iarraidh dʼachainí ort–mise Pól, atá i mo thoscaire agus i mo ghéibheannach freisin faoi láthair thar ceann Íosa Críost, 10tá achainí le hiarraidh agam ort ar son Onaesamas, ar son an mhic úd agam a ghineas i ngéibheann. 11Ba bheag an chabhair duit-se tráth é ach is fóinteach duit-se agus dom-sa anois é. 12Is é cnú mo chroí é ach táim dá chur ar ais chugat, 13cé go mbʼfhearr liom é a choimeád agam chun freastal orm thar do cheannsa, fad atáim i ngéibheann ar son an dea-scéil. 14Ach níor mhaith liom aon ní a dhéanamh gan do cheadsa, le heagla gur faoi éigean a dhéanfá an mhaith agus nach de do dheoin féin é.
15Bʼfhéidir gurb é fáth a raibh sé scartha leat ar feadh tamaill, i dtreo go bhfaighfeá seilbh shíoraí air, 16ach ní chun go mbeadh sé ina dhaor agat feasta é ach, rud is fearr ná sin, chun go mbeadh sé ina bhráthair ionúin. Mar dá ansa liom-sa é nach mó is ansa leat-sa é, mar dhuine agus mar Chríostaí.
17Dá bhrí sin, a dhuine na páirte, fáiltigh roimhe mar a dʼfháilteofá romham féin. 18Agus cibé égóir a rinne sé ort nó cibé fiacha atá air, cuir ar mo chuntas-sa é. 19Agus dearbhaímse, Pól, duit, faoi mo lámh féin, go gcúiteoidh mé leat é; agus ní áirím go bhfuil dʼanam féin mar fhiacha agam ort. 20Is ea, a bhráthair, táim ag iarraidh aisce ort sa Tiarna; tabhair tógáil chroí dom i gCríost.
21Agus mé dá scríobh seo táim cinnte go ndéanfaidh tú rud orm; ní hea, ach tá a fhios agam go ndéanfaidh tú thar mar a deirim. 22Rud amháin eile, ar mhiste leat seomra aíochta a ullmhú dom, mar tá súil agam go scaoilfear ar ais chugaibh mé de thoradh bhur n-urnaithe. 23Cuireann Eipeafas, mo chomhghéibheannach i gCríost Íosa, a bheannacht chugaibh, agus mo chomhoibrithe 24Marcas, Arastarachas, Déamas agus Lúcás mar an gcéanna. 25Grásta an Tiarna Íosa Críost go raibh agaibh.

اکنون انتخاب شده:

Filéamón 1: ABN2012

های‌لایت

کپی

مقایسه

به اشتراک گذاشتن

None

می خواهید نکات برجسته خود را در همه دستگاه های خود ذخیره کنید؟ برای ورودثبت نام کنید یا اگر ثبت نام کرده اید وارد شوید