Eifisigh 2
2
Ó Bhás go Beatha
1Lá den saol bhí sibh-se marbh de bharr na gcionta agus na bpeacaí a chleacht sibh 2nuair a leanadh sibh bealaí an tsaoil seo agus nuair a ghéilleadh sibh do phrionsa ríocht an aeir, don spiorad úd atá ag gníomhú inniu féin i lucht na míréire. 3Bhíomar-na uile ar an mbuíon sin tráth, nuair a ghéillimis dʼainmhianta na colainne agus nuair a dhéanaimis riar na colainne agus a cuid smaointe. Bhí fearg Dé anuas orainne ó dhúchas chomh maith le cách eile. 4Ach bhí Dia lán de thrócaire agus thug sé grá chomh mór sin dúinn 5fiú amháin nuair a bhíomar marbh de dheasca ár gcionta, gur athbheoigh sé sinn in éineacht le Críost–is in aisce a slánaíodh sibh– 6gur thóg sé sinn ó mhairbh in éineacht leis agus gur chuir inár suí sinn sna flaithis in Íosa Críost, 7dʼfhonn a léiriú do na haoiseanna a bhí le teacht chomh hollmhór is a bhí stór a ghrásta agus a fhlaithiúlacht a bhí sé linne i gCríost Íosa. 8Mar is le grásta a slánaíodh sibh, trí chreideamh. Ní uaibh féin é; is tabhartas é ó Dhia. 9Agus ní de bharr oibreacha i dtreo nach bhfuil cúis mhaíte ag duine ar bith. 10Is dá dhéantús sinn mar gur cruthaíodh i gCríost Íosa sinn chun ár saol a thabhairt i mbun na ndea-oibreacha a bhí ullamh roimh ré dúinn ag Dia.
Is aon Sinn uile i bPáirt le Críost
11Cuimhnígí, dá bhrí sin, ar an mbail a bhí oraibhse tráth–sibh-se na gintlithe ó dhúchas a raibh ‘lucht an fhorchraicinn’ mar ainm oraibh ag an dream a thugadh ‘lucht an timpeallghearrtha’ orthu féin, ag tagairt don mharc lámhdhéanta úd ar an gcolainn. 12Cuimhnígí go raibh sibh an uair úd ar deighilt ó Chríost, nach raibh aon chuid agaibh i stát Iosrael ná aon pháirt agaibh sna conarthaí ná sna gealltanais, go raibh sibh gan dóchas sa saol agus gan Dia féin. 13Anois, áfach, tá sibh i gCríost Íosa; sibh-se a bhí tráth i bhfad i gcéin, tá sibh tagtha i ngaire de bharr fhuil Chríost.
14Mar is eisean ár síocháin; is é a rinne aon bhuíon amháin den dá phobal nuair a leag sé ar lár an balla deighilte, an naimhdeas ina cholainn, 15agus chuir ar ceal an dlí agus a chuid aitheanta agus forálacha dʼfhonn aon duine nua amháin a dhéanamh den bheirt ann féin trí shíocháin a dhéanamh eatarthu, 16agus an dá bhuíon a thabhairt chun athmhuintearais le Dia in aon chorp amháin leis an gcros ar ar chuir sé an naimhdeas chun báis. 17Tháinig sé ag fógairt dhea-scéal na síochána daoibhse a bhí i bhfad uaidh agus dóibh sin a bhí ina chóngar; 18mar is tríd atá teacht againn araon ar an Athair faoi luí an aon Spioraid. 19Dá réir sin ní eachtrannaigh ná coimhthígh sibh a thuilleadh ach comhshaoránaigh leis na naoimh agus baill de líon tí Dé. 20Is foirgneamh sibh a bhfuil na haspail agus na fáithe ina mbunsraith faoi agus Críost Íosa féin ina chloch chinn chúinne aige. 21Is ann a nasctar an foirgneamh ar fad le céile agus éiríonn sé in airde ina theampall naofa sa Tiarna. 22Is ann chomh maith atá sibh-se do bhur gcomhthógáil agus áit chónaithe Dé dá dhéanamh díbh faoi luí an Spioraid.
اکنون انتخاب شده:
Eifisigh 2: ABN2012
هایلایت
کپی
مقایسه
به اشتراک گذاشتن
می خواهید نکات برجسته خود را در همه دستگاه های خود ذخیره کنید؟ برای ورودثبت نام کنید یا اگر ثبت نام کرده اید وارد شوید
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.