2 Corantaigh 10

10
Pól dá Chosaint Féin
1Tá achainí phearsanta dá iarraidh agam oraibh as ucht chineáltas agus cheansacht Chríost, ós duine mise, Pól, a bhíonn go huiríseal agus mé in bhur láthair agus go dána libh agus mé i bhfad uaibh. 2Táim dá iarraidh oraibh gan a thabhairt orm a bheith dána nuair a thiocfaidh mé chugaibh agus feidhm a bhaint as an teanntas úd a mheasaim a úsáid in aghaidh daoine áirithe a cheapann gurb iad bealaí an tsaoil seo a leanaimid. 3Mairimid sa saol, is fíor, ach ní de réir ghnás an tsaoil seo a fhearaimid cath. 4Na hairm chogaidh a bheartaímid, ní airm shaolta iad ach airm a bhfuil cumas ó Dhia acu daingin a threascairt. Leagaimid ar lár leo argóintí 5agus gach sórt móiréise a sheasann in aghaidh eolas Dé, agus déanaimid cime de gach smaoineamh dʼfhonn é a chur faoi réir Chríost. 6Agus táimid réidh chun gach saghas míréire a smachtú an túisce a bheidh sibh-se faoi réir go hiomlán. 7Féachaigí ar a bhfuil os comhair bhur súl. Aon duine a áitíonn air féin gur le Críost é, smaoiníodh sé arís ar an méid seo: gur le Críost sinne chomh maith céanna leis. 8Má dhéanaim maíomh beagán thar fóir as ár gcuid údaráis–údarás a thug an Tiarna dúinn chun sibh-se a thógáil agus ní chun sibh a leagan–ní bhfaighidh mé aon náire mar gheall air. 9Ní maith liom go gceapfaí gur le litreacha amháin a dhéanaim bagairt. 10“Bíonn a chuid litreacha daingean, feidhmiúil,” deir daoine, “ach is dearóil an teacht i láthair atá ann agus tá a chuid urlabhra gan éifeacht.” 11Tuigeadh a leithéid sin ina aigne go mbíonn ár mbeart ar an láthair ag cur leis an mbriathar a scríobhtar i bhfad uaibh.
12Ní bheadh sé de dhánacht ionainn gan dabht sinn féin a chur i gcomórtas ná i gcóimheas le daoine áirithe a bhíonn dá gcur féin i gcion. Ach ní maith an chiall dóibh-sean iad féin a thomhas ná a mheas dá réir féin. 13Nílimidne chun dul thar fóir leis an maíomh, áfach; fanfaimid laistigh den limistéar a leag Dia amach dúinn agus a shíneann chomh fada libh-se. 14Nílimid ag dul thar teorainn amhail is nach mbeimis tagtha comh fada libh, mar bhíomar ar na chéad daoine a thug dea-scéal Chríost chugaibh. 15Nílimid ag dul thar cailc, más ea, agus ag maíomh as saothar daoine eile. Agus tá súil againn, de réir mar a mhéadaíonn ar bhur gcreideamhsa, go dtiocfaidh borradh agus fás ar an saothar a rinneamar in bhur measc laistigh dár limistéar féin, 16agus go ndéanfaimid an dea-scéal a fhógairt thar bhur gcríocha amach agus nach mbeimid ag maíomh as an obair atá déanta cheana ag duine eile sa ghort a bhí leagtha amach dó. 17“An té a bhfuil fonn maíte air, déanadh sé maíomh as an Tiarna,” 18mar ní hé an fear a mholann é féin atá dea-mheasta ach an fear a molann Dia é.

اکنون انتخاب شده:

2 Corantaigh 10: ABN2012

های‌لایت

کپی

مقایسه

به اشتراک گذاشتن

None

می خواهید نکات برجسته خود را در همه دستگاه های خود ذخیره کنید؟ برای ورودثبت نام کنید یا اگر ثبت نام کرده اید وارد شوید