1 Teasalónaigh 4
4
Naofacht agus Grá
1Rud eile de, a bhráithre, fuair sibh le fios uainne–conas ba chóir daoibh bhur saol a thabhairt chun Dia a shásamh agus tá sibh ag déanamh amhlaidh cheana. Táim dá iarraidh dʼachainí anois oraibh in ainm an Tiarna Íosa, déanamh níos fearr fós. 2Tá a fhios agaibh cad iad na treoracha a thugamar daoibh ar údarás an Tiarna Íosa. 3Is é is toil le Dia go mbeadh sibh naofa, go seachnódh sibh an drúis, 4go dtuigfeadh gach duine agaibh conas a chorp a choimeád go naofa agus faoi urraim 5agus gan a bheith tugtha do na paisin ainrianta ar nós na bpágánach nach bhfuil aon aithne ar Dhia acu; 6gan éagóir ná calaois a dhéanamh ar bhráthair i gcúis dlí, mar go n-agraíonn an Tiarna na nithe sin uile ar dhaoine faoi mar a dúramar agus mar a dhearbhaíomar daoibh cheana. 7Ní chun na neamhghlaine a ghlaoigh Dia sinn ach chun na naofachta. 8Más ea, an té a dhiúltaíonn don teagasc seo, ní do dhaoine a dhiúltaíonn sé ach do Dhia a thugann a Naomh-Spiorad daoibh.
9Maidir leis an ngrá bráthar ní gá aon ní a scríobh chugaibh ina thaobh mar go bhfuil teagasc faighte agaibh féin ó Dhia i dtaobh grá a thabhairt dá chéile. 10Sin é go díreach atá dá dhéanamh agaibh do na bráithre uile ar fud na Macadóine. Ach táimidne dá iarraidh oraibh, a bhráithre, déanamh níos fearr fós, 11agus é a bheith ina aidhm agaibh saol suaimhneach a chaitheamh, bhur ngnó féin a dhéanamh agus oibriú le bhur lámha féin de réir mar a dúramar libh cheana. 12Sa tslí sin beidh meas ag na díchreidmhigh oraibh agus ní bheidh sibh ag brath ar dhuine ar bith.
Téarnamh an Tiarna Íosa
13Níor mhaith liom, a bhráithre, go mbeadh sibh aineolach i dtaobh na marbh i dtreo nach mbeadh sibh dobrónach ar nós na ndaoine eile atá gan aon dóchas. 14Creidimid go bhfuair Íosa bás agus gur aiséirigh sé; ar an gcuma chéanna an mhuintir a fuair bás i bpáirt le Críost, tabharfaidh Dia iad siúd leis ón mbás chomh maith. 15Agus tá an méid seo le rá againn libh ar fhocal an Tiarna féin: an méid a fhágfar beo dínn go dtí teacht an Tiarna, ní bheidh aon bhuntáiste againn orthu sin a bheidh tar éis bháis: 16mar nuair a thabharfar an fógra le glór an ardaingil agus le trumpa Dé, tiocfaidh an Tiarna féin anuas ó neamh agus ar dtús éireoidh na mairbh i gCríost. 17Ansin an méid a bheidh fágtha beo dínn, ardófar chun siúil sinn mar aon leo trí na néalta in araicis an Tiarna sa spéir, agus ar an gcuma sin beimid i dteannta an Tiarna go deo. 18Déanaigí a chéile a mhisniú, más ea, leis na briathra sin.
اکنون انتخاب شده:
1 Teasalónaigh 4: ABN2012
هایلایت
کپی
مقایسه
به اشتراک گذاشتن
می خواهید نکات برجسته خود را در همه دستگاه های خود ذخیره کنید؟ برای ورودثبت نام کنید یا اگر ثبت نام کرده اید وارد شوید
© An Sagart 2012 Úsáidtear le cead. Used by permission.