Lúcas 7

7
Caibidil VII
Leigheasann Críost giolla an cheanntúra: tógann sé mac na baintreabhaighe ó’n bhás: bheir sé freagair ar theachtairí Eoin: agus bheir sé maitheamhnas do’n mhnaoi a raibh aithreachas uirthí.
1Agus nuair a chríochnuigh sé a chuid cainnte uilig i n-éisteacht na ndaoine, chuaidh sé isteach go Capharnaum.#Mait. 8, 5.
2Agus bhí seirbhíseach tinn i riocht an bháis ag ceanntúir áirithe, agus cion mór aige air.
3Agus nuair a chuala sé fá Íosa, chuir sé seanóirí na n-Iúdach chuige d’iarraidh air teacht agus a sheirbhíseach a leigheas.
4Agus nuair a tháinic siad chuig Íosa, ghuidh siad é go dúthrachtach, ag rádh leis: Is airidhe air go ndéanfá seo dó;
5Óir tá grádh aige dár gcineadh, agus thóg sé an tsineagóg dúinn.
6Agus chuaidh Íosa leo. Agus nuair a bhí sé cheana féin i ngaobhar do’n tigh, chuir an ceanntúir cáirde chuige, a rádh: A Thighearna, ná bí do bhodhradh féin:#Mait. 8, 8. óir ní fiú mise go dtiocfá isteach faoi mo dhíon;
7Ar an adhbhar sin níor mheas mé gurbh fhiú mé féin teacht chugat; acht abair an focal, agus béidh mo ghiolla slán.
8Óir is duine mise fosta atá faoi smacht, agus tá saighdiuirí fúm, agus deirim leis an fhear seo: Imthigh, agus imthigheann sé; agus leis an fhear eile: Tar, agus tig sé; agus le mo sheirbhíseach: Déan seo, agus ghní sé é.
9Agus ar a chluinstin sin do Íosa, bhí iongantas air, agus ag tionntódh thart dó chuig na sluaighte a bhí ghá leanamhaint, dubhairt sé: Amén adeirim libh, ní fhuair mé a leithéid sin de chreideamh i n-Israél féin.
10Agus ar philleadh abhaile do na daoine a cuireadh chuige, fuair siad slán an seirbhíseach a bhí tinn.
11Agus thárla ina dhiaidh sin go ndeachaidh sé isteach i gcathair dá ngoirtear Naim, agus chuaidh a dheisciobail agus sluagh mór i n-aoinfheacht leis.
12Agus nuair a tháinic sé cómhgarach do gheafta na cathrach, féach, bhí duine marbh dá iomchar amach, aonmhac a mháthar; agus bhí sise ina baintreabhaigh: agus bhí sluagh mór de mhuinntir na cathrach léi.
13Agus nuair a chonnaic an Tighearna í, bogadh é le truaighe dí, agus dubhairt sé léi: Ná caoin.
14Agus tháinic sé ar aghaidh agus chuir sé a lámh ar an chróchar. (Agus sheasuigh na daoine a bhí ag iomchar.) Agus dubhairt sé: A óigfhir, deirim leat, éirigh.
15Agus d’éirigh an té a bhí marbh ina shuidhe, agus thoisigh sé a labhairt. Agus thug sé dá mháthair é.
16Agus tháinic eagla ortha uilig, agus thug siad glóir do Dhia, ag rádh:#Eoin 4, 19. D’éirigh fáidh mór i n-ár measc, agus dhearc Dia ar a mhuinntir.
17Agus chuaidh an scéal seo fá dtaoibh de amach fríd Iudaia go h-iomlán, agus fríd an tír uilig thart timcheall.
18Agus d’innis deisciobail Eoin dó fá na neithe seo uilig.
19Agus ghoir Eoin chuige beirt dá dheisciobail, agus chuir sé chuig Íosa iad, a rádh:#Mait. 11, 2. An tusa an té atá le theacht, nó an mbéimíd ag súil le duine eile?
20Agus nuair a tháinic na fir chuige, dubhairt siad: Chuir Eoin Baiste sinne chugat, a rádh: An tusa an té atá le theacht, nó an mbéimíd ag súil le duine eile?
21Agus an uair chéadna sin leigheas sé mórán ó ghalair agus ó chréachta agus ó ainspioraid, agus thug sé an t-amharc do mhórán dall.
22Agus dubhairt sé leo, ghá bhfreagairt: Imthighigidh agus innsigidh do Eoin na neithe a chuala sibh agus a chonnaic sibh, go bhfuil radharc#Isaias 35, 5. ag na daill, go bhfuil siubhal ag na bacaigh, go nglantar na lobhair, go bhfuil éisteacht ag an bodhair, go n-éirigheann na mairbh, go bhfuil an soiscéal dá theagasc do na bochta.
23Agus is beannuighthe an té ar bith nach bhfuighidh scainneal ionnam-sa.
24Agus nuair a d’imthigh teachtairí Eoin, thoisigh sé a rádh leis na sluaighte fá Eoin: Cad é a ndeachaidh sibh amach san fhásach a fheiceáil? Giolcach dá luascadh le gaoith?
25Acht cad é a ndeachaidh sibh amach a fheiceáil? Duine gléasta i n-éadaighe míne? Féach, is i dtighthe ríogh a bhíos lucht an éadaigh luachmhair agus an tsóigh.
26Acht cad é a ndeachaidh sibh amach a fheiceáil? Fáidh? Is eadh, deirim libh, agus duine is mó ná fáidh.
27Is é seo an té a bhfuil sé scríobhtha fá dtaoibh de:#Mal. 3, 1; Mait. 11, 10; Marc. 1, 2. Féach, tá mé ag cur m’aingil rómhat amach chun do shlighe a réidhteach rómhat.
28Óir deirim libh: Ní fhuil ortha sin a rugadh ó mhná aon fháidh is mó ná Eoin Baiste; acht an té ar lugha é i ríoghacht Dé, is mó é ná eisean.
29Agus na daoine uilig a bhí ag éisteacht, agus na puibliocánaigh, d’admhuigh siad ceart Dé#7, 29 D’admhuigh siad ceart Dé. Mhol siad Dia mar gheall ar a cheart, thug siad ómós dó, agus tháinic eagla Dé orta: d’admhuigh siad é bheith ceart agus é bheith trócaireach., óir bhí siad baistthe le baisteadh Eoin.
30Acht tharcuisnigh na Fairisínigh agus na dlightheoirí cómhairle Dé ina n-aghaidh féin, óir níor ghlac siad-san a bhaisteadh.
31Agus dubhairt an Tighearna: Cá leis mar sin a samhlóchardh mé muinntir na glúine seo?#Mait. 11, 16. agus cá leis ar cosamhail iad?
32Is cosamhail iad le páistí ina suidhe ar áit an mhargaidh, agus iad ag labhairt le chéile, agus ag rádh: Rinneamar píobaireacht díbh, agus ní dhearna sibh rinnce; rinneamar mairgneach díbh, agus níor chaoin sibh.
33Óir tháinic Eoin Baiste agus gan é ag ithe aráin ná ag ól fíona,#Mait. 3, 4; Marc. 1, 6. agus deir sibh: Tá deamhan ann.
34Tháinic Mac an Duine agus é ag ithe agus ag ól, agus deir sibh: Féach, duine craosach, póitire fíona, cara na bpuibliocánach agus na bpeacach.
35Agus fuair an eagna a saoradh ó n-a cloinn féin go léir.
36Agus d’iarr duine de na Fairisínigh#7, 36 Duine de na Fairisínigh. i.e. Síomon. air biadh a chaitheamh ina chuideachta, agus ar dhul isteach i dtig an Fhairisínigh dó, shuidh sé síos chun bídh.
37Agus féach, bean#Mait. 26, 7; Marc. 14, 3; Eoin 11, 2, agus 12, 3. a bhí ina peacach san chathair, nuair a b’eol dí go raibh sé ag caitheamh bídh i dtigh an Fhairisínigh, thug sí léi bocsa alabastair d’ungadh,
38Agus ina seasamh taobh thiar de ag a chosa, thoisigh sí a nighe a chos le n-a deora, agus á dtriomughadh le gruaig a cinn, agus bhí sí ag pógadh a chos agus ghá gcuimilt leis an ungadh.
39Agus ghá fheiceáil seo do’n Fhairisíneach a thug cuireadh dó, labhair sé leis féin, ag rádh: Dá mba fáidh é seo, bhéadh a fhios aige go cinnte cé h-í an bhean seo, agus cad é an cinéal mná í, atá ag baint leis, óir is peacach í.
40Agus dubhairt Íosa leis, ghá fhreagairt: A Shíomoin, tá rud éigin agam le rádh leat. Agus dubhairt seisean: A Mháighistir, abair é.
41Bhí dha fhiachamhnach ag fear áirithe, agus bhí cúig chéad pighinn aige ar dhuine acu, agus leith-chéad ar an duine eile.
42Agus mar nach raibh caoi díolaidheachta acu, mhaith sé dóibh araon. Cé acu, dá bhrígh sin, ar annsa leis é?
43D’fhreagair Síomon agus dubhairt: Creidim gurab é an té is mó ar mhaith sé dó. Agus dubhairt sé leis: Tá do bhreith ceart.
44Agus ag tionntódh chun na mná dó, dubhairt sé le Síomon: An bhfeiceann tú an bhean seo? Tháinic mise isteach i do thigh, agus ní thug tú uisce damh fá choinne mo chos; acht nigh sise mo chosa le n-a deora agus thriomuigh sí iad le n-a cuid gruaige.
45Ní thug tusa póg damh; acht ó tháinic sí seo isteach níor stad sí de phógadh mo chos.
46Níor ung tusa mo cheann le h-ola; acht d’ung sise mo chosa le h-ungadh.
47Ar an adhbhar sin, deirim leat: Tá mórán peacaidhe maithte dí, de bhrígh gur ghrádhuigh sí go mór#7, 47 De bhrígh gur ghrádhuigh sí go mór. Corr uair san Scrioptúir luaidhtear aon chúis amháin le toradh, gidh go mbíonn mórán de chúiseanna eile ag cómhoibriughadh leis an chúis sin i dtabhairt an tortha. Deirtear annseo go bhfuil a peacaidhe maithtce do’n mhnaoi seo, de bhrígh gur ghrádhuigh sí go mór, acht i béarsa a 50 deir Críost léi: Rinne do chreideamh slán thú. Mar sin de téigheann creideamh, dóchas, grádh, dólás, agus ullmhuighte eile, chun duine a thionntódh chun Dé.; acht an té dá maithtear an beagán, is lugha a ghrádh.
48Agus dubhairt sé léi: Tá na peacaidhe maithte duit.#Mait. 9, 2.
49Agus iad sin a bhí ina suidhe chun bídh ina chuideachta, thoisigh siad a rádh leo féin: Cé h-é seo a ghní fiú peacaidhe a mhaitheamh?
50Agus dubhairt sé leis an mhnaoi: Rinne do chreideamh slán thú; imthigh fá shíothcháin.

اکنون انتخاب شده:

Lúcas 7: ASN1943

های‌لایت

کپی

مقایسه

به اشتراک گذاشتن

None

می خواهید نکات برجسته خود را در همه دستگاه های خود ذخیره کنید؟ برای ورودثبت نام کنید یا اگر ثبت نام کرده اید وارد شوید