YouVersion Logo
Search Icon

Eoin 4

4
1Anois nuair a dʼaithin an Tiarna gur chuala na Fairiséigh go raibh Íosa ag sárú Eoin ag déanamh deisceabal agus á mbaisteadh, 2(cé nárbh é Íosa féin a bhíodh á mbaisteadh, ach a dheisceabail amháin), 3dʼfhág sé Iúdaea le himeacht go Galailí athuair. 4Agus bhí air dul trí Shamária. 5Tháinig sé mar sin go cathair de chuid Shamária a raibh Saicar mar ainm uirthi, a bhí cóngarach don ghort a thug Iácób dá mhac Iósaf. 6Is ansin a bhí tobar Iácóib, agus ó bhí Íosa tuirseach dá shiúl, shuigh sé faoi le taobh an tobair. Bhí sé i dtrátha an séú huair (den lá).
7Tháinig bean Shamaratánach le huisce a tharraingt. “Tabhair deoch dom,” arsa Íosa léi. 8Mar bhí a dheisceabail tar éis imeacht leo chun na cathrach le bia a cheannach. 9Dʼfhiafraigh an bhean Shamaratánach de, “Conas a dʼiarrfá deoch ar bhean Shamaratánach agus tú i do Ghiúdach?” Mar ní bhíonn na Giúdaigh ag déanamh caidrimh leis na Samaratánaigh. 10Dʼfhreagair Íosa í, “Dá mbʼeol duit tíolacadh Dé, agus cé sin a deir leat, ‘Tabhair deoch dom,’ bheifeá i ndiaidh a iarraidh air, agus é i ndiaidh fíoruisce na beatha fíre a thabhairt duit.” 11Arsa an bhean leis, “A Shaoi, níl aon ghléas tarraingthe agat, agus is domhain an tobar é; cá has a bhfaigheann tú an t‑uisce úd na beatha? 12An mó tusa ná ár ngarathair Iácób, a thug an tobar dúinn, agus a dʼól as é féin agus a chlann mhac agus a chuid eallaigh?” 13Arsa Íosa léi, “Níl duine dá n‑ólann an t‑uisce seo nach mbeidh tart air arís, 14ach an té a ólfas an t‑uisce a thabharfas mé dó, ní bheidh tart air choíche; éireoidh an t‑uisce a thabharfas mé dó ina thobar fíoruisce a mbíonn an bheatha shíoraí ag coipeadh as.” 15Arsa an bhean leis, “A Shaoi, tabhair an t‑uisce sin dom, ionas nach mbeidh tart orm, agus ionas nach mbeidh sé de shaothar orm teacht anseo le huisce a tharraingt.”
16Arsa Íosa léi, “Imigh, glaoigh ar do chéile fir, agus tagaigí anseo.” 17Dʼfhreagair an bhean é, “Níl céile fir agam.” Arsa Íosa léi, “Is ceart mar a dúirt tú é, go raibh tú gan céile fir; 18mar tá cúigear fear céile i ndiaidh a bheith agat, agus an té atá agat anois ní hé dʼfhear céile féin é; tá an fhírinne agat sa mhéid sin atá inste agat.” 19Arsa an bhean leis, “A Shaoi, táthar á thaibhsiú dom gur tú an fáidh feasa. 20Bhíodh ár sinsear ag adhradh ar an sliabh seo; agus is é a deir sibhse gurb í Iarúsailéim an áit ar chóir do dhaoine adhradh a dhéanamh inti.” 21Arsa Íosa léi, “A bhean úd, creid uaimse é, tá an t‑am ag teacht nach n‑adharfaidh sibh an tAthair ar an sliabh seo ná in Iarúsailéim ach oiread. 22Níl fhios agaibh cad é atá sibh á adhradh; is feasach dúinne cad é a bhíos á adhradh againn, mar is ó na Giúdaigh a thagann an slánú. 23Ach tá an uair ag teacht, agus tá sí ann cheana féin, a mbeidh lucht an fhíoradhartha ag adhradh an Athar sa Spiorad agus san fhírinne, mar is iad a leithéidí a lorgaíos an tAthair lena adhradh. 24Is Spiorad é Dia, agus caithfidh a lucht adhartha a adhradh sa Spiorad agus san fhírinne.” 25Dúirt an bhean leis, “Tá a fhios agam go bhfuil an Messía ag teacht (an té a dtugtar an Críost air); nuair a thiocfas seisean, níl ní nach nochtfaidh sé dúinn.” 26Arsa Íosa léi, “Is mise é, agus tá sé ag caint leat.”
27Ba é sin an t‑am ar tháinig a dheisceabail. Bʼiontach leo é a bheith ag caint le bean, ach ní raibh sé de dhánacht ag aon duine acu a rá, “Cad é atá uait?” nó “Cad chuige a bhfuil tú ag caint léi?” 28Dʼfhág an bhean mar sin a soitheach uisce ina diaidh, agus dʼimigh léi chun na cathrach, go ndúirt leis na daoine, 29“Tagaigí, go bhfeice sibh fear a dʼaithris dom a ndearna mé riamh. An féidir gurb é sin an Críost?” 30Dʼimigh siad amach as an gcathair agus bhí siad ag tarraingt air.
31Idir an dá linn chuaigh na deisceabail ag agairt air, á rá, “A Rabbí, caith bia.” 32Ach ar seisean leo, “Tá bia le n‑ithe agam nach eol daoibhse.” 33Bʼshiúd na deisceabail ag fiafraí dá chéile, “Ar thug aon duine bia chuige?” 34Ach is é a dúirt Íosa leo, “Is bia dom toil an té a chuir uaidh mé a dhéanamh, agus a obair a chomhlíonadh. 35Nach ndeir sibh, ‘Tá ceithre mhí ann go fóill, agus ansin tagann an fómhar?’ Deirim libhse, tógaigí bhur súile, agus féachaigí mar atá na cuibhrinn ag gealadh cheana féin le haghaidh an fhómhair. 36Faigheann an buanaí a thuarastal, agus cruinníonn sé toradh le haghaidh na beatha síoraí, mar dhúil is go mbeidh an buanaí agus fear curtha an tsíl faoi lúcháir le chéile. 37Mar is anseo a fhíoraítear an nath, ‘An té a chuir an síol, ní hé a bhainfeas an barr’. 38Chuir mé amach sibh le barr a bhaint nár oibrigh sibh air; rinne daoine eile an saothar, agus tá sibhse i ndiaidh dul i seilbh a saothairsean.”
39Chreid mórán Samaratánach as an gcathair úd ann de bharr fhianaise na mná, “Dʼaithris sé dom a ndearna mé riamh.” 40Nuair a tháinig na Samaratánaigh chuige dʼiarr siad air fanacht acu; agus dʼfhan sé dhá lá ann. 41Agus chreid tuilleadh mór de bharr a bhriathair féin. 42Ar siadsan leis an mbean, “Ní de bharr do bhriathairse a bhímid ag creidiúint feasta, mar chualamar lenár gcluasa féin é, agus tugadh le fios dúinn gurb é sin go cinnte Slánaitheoir an domhain.”
43I ndiaidh an dá lá úd, dʼimigh sé ag tarraingt ar Ghalailí. 44Mar thug Íosa é féin fianaise nach mbíonn meas fáidh ar aon duine ina dhúiche féin. 45Dá bhrí sin de, nuair a tháinig sé go Galailí, bhí fáilte ag na Galailéigh roimhe, nuair a bhí siad i ndiaidh a ndearna sé in Iarúsailéim ar an bhféile a fheiceáil, ó chuaigh siadsan chun na féile freisin.
46Tháinig sé mar sin an athuair go dti Cána i nGalailí, an áit a ndearna sé fíon den uisce. Agus bhí i gCaparnáum oifigeach a raibh a mhac breoite. 47Nuair a chuala sé go raibh Íosa i ndiaidh teacht ó Iúdaea go Galailí, chuaigh sé chuige agus dʼagair sé air teacht anuas agus a mhac a leigheas, a bhí i mbéala báis. 48Dúirt Íosa leis mar sin, “Mura bhfeiceann sibh comharthaí agus iontais, ní chreidfidh sibh.” 49Arsa an t‑oifigeach leis, “A Shaoi, tar anuas sula bhfaighe mo leanbh bás.” 50Arsa Íosa leis, “Imigh romhat; mairfidh do mhac.” Chreid an fear an briathar a labhair Íosa leis, agus dʼimigh sé roimhe. 51Tháinig a sheirbhísigh ina airicis agus é ar a chosán síos gur inis dó go raibh a mhac beo. 52Dʼfhiafraigh sé díobh mar sin cá huair a thosaigh sé ar fháil bisigh, agus ba é rud a dúirt siad leis, “Inné cothrom an seachtú huair dʼfhág an fiabhras é.” 53Dʼaithin an t‑athair gurbh é sin an uair chéanna a ndúirt Íosa leis, “Mairfidh do mhac”; agus chreid sé féin, agus a theaghlach uile.
54Ba é sin an dara comhartha a rinne Íosa i ndiaidh teacht ó Iúdaea go Galailí.

Currently Selected:

Eoin 4: OC1970

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy