YouVersion Logo
Search Icon

Eoin 3

3
1Anois bhí fear de na Fairiséigh arbh ainm dó Nicodémus, a bhí ina rialtóir i measc na nGiúdach. 2Tháinig sé chuig Íosa san oíche agus dúirt sé leis, “A Rabbí, aithnímid gur oide tú ó Dhia chugainn; mar ní fhéadfadh aon duine na comharthaí seo agat a dhéanamh, mura mbeadh Dia leis.” 3Ba é freagra Íosa air sin, “Is fíor atá, agus is fíor mo rá, mura n‑athbheirtear an duine, ní fhéadann sé amharc a fháil ar ríocht Dé.” 4Arsa Nicodémus leis, “Conas a bheirtear duine agus é aosta? An bhféadfadh sé dul isteach i mbroinn a mháthar athuair go mbeirtí é?” 5ʼDʼfhreagair Íosa, “Is fíor agus is fírinneach a deirim leat, mura n‑athbheirtear duine ó uisce agus ón Spiorad, ní fhéadann sé dul isteach i ríocht Dé. 6Feoil a bheirtear dʼfheoil agus spiorad a bheirtear den Spiorad. 7Ná bíodh sé ina ábhar iontais agat go ndúirt mé leat go gcaithfidh sibh bheith do bhur n‑athbhreith. 8Séideann an ghaoth mar a dtograíonn sí, agus cluineann tú a glór, ach níl fhios agat cá has a dtagann sí nó cá n‑imíonn sí; is amhlaidh a bhíos leis an uile dhuine dá n‑athbheirtear ón Spiorad.” 9Dúirt Nicodémus leis, “Conas is féidir dó seo a bheith amhlaidh?” 10Arsa Íosa leis, “A rá is de go bhfuil tusa i dʼoide in Iosrael, agus gan tuiscint a bheith agat ar na nithe seo? 11Is fíor atá, agus is fíor mo rá, bímid ag labhairt faoin ní is eol dúinn agus ag tabhairt fianaise ar a bhfuil feicthe againn; agus sin gan sibh ag glacadh lenár bhfianaise uainn. 12Má tá nithe saolta inste agam daoibh agus nach gcreideann sibh, conas a chreidfidh sibh má insim nithe neamhaí daoibh? 13Ní dheachaigh suas go neamh ach an té a tháinig anuas ó neamh, Mac an duine. 14Agus mar a dʼardaigh Maois an nathair nimhe san fhásach, is amhlaidh a chaithfear Mac an duine a ardú, 15i gcruth go bhfaighidh an uile dhuine a chreideas ann seilbh ar an mbeatha shíoraí.” 16Mar bhí grá Dé don domhan chomh mór sin gur thug sé uaidh a aon Mhac, ionas nach gcaillfí an té a chreideas ann ach go mbeadh an bheatha shíoraí aige. 17Mar níor chuir Dia an Mac uaidh isteach sa domhan leis an domhan a dhaoradh, ach mar i ndúil is go slánófaí an domhan tríd. 18An té a chreideas ann ní dhaortar é; an té nach gcreideann ann tá sé daortha cheana féin, de bhri nach bhfuil creidte aige in Ainm aon Mhac Dé. 19Agus is é seo an bhreith, go bhfuil an solas tar éis teacht ar an saol, agus gurbh ansa le daoine an dorchadas ná an solas, ar an tsiocair go raibh a ngníomhartha olc. 20Mar níl duine dá mbíonn ag déanamh an oilc nach mbíonn fuath aige ar an solas, agus ní thagann sé chun an tsolais, ar eagla go nochtfaí a ghníomhartha. 21Ach an té a bhíos ag cur na fírinne i ngníomh, bíonn seisean ag teacht chun an tsolais, sa chruth go bhfeicfí go soiléir gur oibríodh a ghníomharthasan i nDia.
22Ina dhiaidh sin thug Íosa agus a dheisceabail tír Iúdaea orthu féin; agus dʼfhan sé leo ansin agus bhíodh sé ag baisteadh. 23Bhi Eoin ag baisteadh freisin in Aénon cóngarach do Shalim, ó bhí mórán uisce san áit; agus bhíodh daoine ag teacht chuige agus á mbaisteadh. 24Mar níor cuireadh Eoin i bpríosún go fóill.
25Dʼéirigh conspóid ansin idir deisceabail Eoin agus Giúdach i dtaobh an ghlanta. 26Agus thángthas chuig Eoin agus dúradh leis, “A Rabbí, an té sin a bhí agat taobh thall den Iornán, ar thug tú an fhianaise air, seo anseo ag baisteadh é, agus an slua ag tarraingt air.” 27Dʼfhreagair Eoin, “Ní féidir le haon duine aon ní a fháil ach a mbronntar air ó neamh. 28Fágaim a fhianaise oraibh féin, go ndúirt mé, Ní mé an Críost, ach gur roimhe a cuireadh mé. 29An té a mbíonn an bhrídeog aige is é an fear nuaphósta é; ach cara an fhir nuaphósta, a sheasas leis agus a éisteas leis, bíonn glór an fhir nuaphósta ina ábhar mór lúcháire dó; dá bhrí sin de tá mo lúcháirse lán anois. 30Tá air dul i dtreise, ach tá orm maolú.”
31An té a thagann as na flaithis, tá sé os cionn an uile ní; an té atá as an talamh is leis an talamh é, agus is i dtaobh an talaimh a labhraíos sé; an té a thagann as na flaithis, tá sé os cionn gach uile dhuine. 32Tugann sé fianaise ar a bhfuil feicthe agus cluinte aige, ach ní ghlacann aon duine lena fhianaise; 33an té a ghlacas lena fhianaise, cuireann sé a shéala leis seo, go bhfuil an fhírinne ag Dia. 34Mar an té a chuir Dia uaidh, luann sé na briathra a labhair Dia, mar níl teorainn leis nuair a thugann sé an Spiorad; 35tá grá ag an Athair don Mhac, agus tá gach uile ní tugtha ina láimh aige. 36An té a chreideas sa Mhac bíonn an bheatha shíoraí aige; ach an té nach n‑umhlaíonn don Mhac ní fheicfidh sé an bheatha, ach fanann sé faoi fhearg Dé.

Currently Selected:

Eoin 3: OC1970

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

YouVersion uses cookies to personalize your experience. By using our website, you accept our use of cookies as described in our Privacy Policy