YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 13

13
1Anois bhí fáithe agus lucht teagaisc san eaglais in Antíoc, mar atá, Barnabas, Síomón ar gaireadh Niger de, Lucias as Círéne, Manaen duine de lucht cúirte Iorua an teatrarch, agus Sáúl. 2Nuair a bhí siad ag adhradh Dé ina dtroscadh, dúirt an Spiorad Naomh, “Cuirigí Barnabas agus Sáúl i leataobh dom le haghaidh na hoibre ar thogh mé iad lena déanamh.” 3Leag siad lámha orthu ansin tar éis urnaí agus troscaidh agus chuir siad iad i gcionn a n‑aistir.
4Ó chuir an Spiorad Naomh chun bealaigh mar sin iad, chuaigh siad síos go Saleúcia; agus sheol siad as sin go dtí an Chipir. 5Nuair a shroich siad Salamis, dʼfhógair siad briathar Dé i sionagóga na nGiúdach. Agus bhí Eoin acu mar thimire. 6Nuair a bhí an t‑oileán uile siúlta acu ó cheann ceann chomh fada le Páfós, casadh asarlaí orthu, Giúdach a bhí ina fháidh bréige, a raibh Bar Íosa mar ainm air. 7Bhí seisean i gcuideachta an phrochonsail, Sergius Paulus, fear tuisceanach, a thug cuireadh do Sháúl agus do Bharnabas agus a raibh fonn air briathar Dé a chluinstin uathu. 8Ach chuir Elimas an t‑asarlaí (mar sin brí a ainm i nGréigis) ina n‑éadan, agus é ag iarraidh an prochonsal a chosc den chreideamh. 9Ach bhí Sáúl, dá ngairtear Pól freisin, á líonadh leis an Spiorad Naomh, agus dʼfhéach sé go grinn san aghaidh air 10agus ar seisean, “A mhic úd an mhic mhallachta, a namhaid gach cirt, a bhithiúnaigh fhealltaigh, an é nach toil leat stad de bheith ag iarraidh cosáin dhíreacha an Tiarna a chamadh? 11Agus anois, seo Dia ag leagan a láimhe ort, agus beidh tú i do dhall nach bhfeicfidh an ghrian ar feadh tamaill.” Ní luaithe sin ráite ná thit ceo agus dorchadas air agus chuaigh sé a chuartú daoine lena threorú ar ghreim láimhe. 12Ba ansin a chreid an prochonsal, nuair a chonaic sé cad é a tharla, mar bʼiontach leis an teagasc i dtaobh an Tiarna.
13Thóg Pól agus a chomrádaithe a seolta ó Pháfós, gur tháinig i dtír i bPerga i bPamfilia. Dʼfhág Eoin ansin iad le filleadh ar Iarúsailéim; 14ach chuaigh siad ar aghaidh ó Pherga go raibh siad san Antíoc atá i gcríoch Phisidia. Agus lá na sabóide chuaigh siad isteach sa tsionagóg gur shuigh ansin. 15Nuair a léadh na sleachta as an dlí agus na fáithe, chuir rialtóirí na sionagóige focal chucu, á rá, “A bhráithre, má tá aon fhocal agaibh leis na daoine a ghríosú chun dúthrachta, abraigí é.” 16Dʼéirigh Pól ina sheasamh ansin, agus rinne sé comhartha lena láimh agus labhair sé mar seo:
“A Iosraelíteacha, agus a dhream a thugas ómós do Dhia, éistigí liom. 17Thogh Dia an cine seo, Dia Iosrael, ár sinsir, agus rinne sé cine mór díobh san am ar bhain siad fúthu i dtír na hÉigipte, agus thug sé amach as an tír sin iad le láimh in airde. 18Agus chuir sé suas leo conablach daichead bliain ar an bhfásach. 19Agus nuair a bhí seacht gcine scriosta aige i dtír Chánáin, thug sé a dtír dhúchais mar oidhreacht dóibh, ar feadh conablach ceithre chéad go leith de bhlianta. 20Thug sé breithiúna dóibh ina dhiaidh sin go dtí aimsir Shamuel, an fáidh. 21Dʼiarr siad rí air ansin; agus thug Dia dóibh Sáúl mac Cis, fear de threibh Bheniamin, i rith daichead bliain. 22Agus nuair a chuir sé as an riocht é, dʼardaigh sé Dáibhí le bheith ina rí orthu; ar thug sé fianaise air agus ar dhearbhaigh sé faoi, ‘Fuair mé i nDáibhí mac Iesse an fear a thaitníos le mo chroí, a dhéanfas mo thoil go huile is go hiomlán.’ 23Is de shliocht an fhir seo a thug Dia an Slánaitheoir, Íosa, chuig Iosrael mar a bhí geallta aige. 24Sul ar tháinig sé bhí baiste aithrí fógartha ag Eoin do mhuintir Iosrael uile. 25Agus nuair a bhí ceann a chúrsa sroichte ag Eoin, dúirt sé, ‘Cé a shíleann sibh is mise? Ní mise é. Ní mé, ach tá fear ag teacht i mo dhiaidh, nach fiú mé iallacha a chuarán a scaoileadh de’.
26“A bhráithre, a chlann mhac shliocht Abrachaim, agus a dhream atá ina measc a mbíonn ómós agaibh do Dhia, is chugainne a cuireadh an scéal seo an tslánaithe. 27Mar is é a rinne áitreabhaigh Iarúsailéim agus a lucht rialaithe, nuair nár aithin siad é agus nár thuig siad cainteanna na bhfáithe a léitear gach sabóid, is é rud, dʼfhíoraigh siad iad nuair a thug siad breithiúnas báis air. 28Siúd is nár fhéad siad aon chúis a thuill an bás a chur ina leith, ina dhiaidh sin dʼiarr siad ar Phíoláid a chur chun báis. 29Agus nuair a chomhlíon siad a raibh scríofa ina thaobh, thug siad anuas den chrann gur chuir ina luí i dtuama é. 30Ach is amhlaidh a thóg Dia ó mhairbh é; 31agus i rith mórán laethanta thaispeánadh sé é féin don dream a tháinig aníos ó Ghalailí go hIarúsailéim ina chuideachta, an dream atá anois mar fhinnéithe aige os comhair na ndaoine. 32Agus is amhlaidh atáimidne ag fógairt daoibh an dea-scéal go bhfuil ar gheall Dia dár sinsir, 33go bhfuil sin á chomhlíonadh dúinne, dá gclann siúd, in aiséirí Íosa; mar atá scríofa freisin sa dara salm,
‘Is tú mo mhac,
is inniu a ghin mé thú.’
34Agus an méid a bhaineas leis an aiséirí inar thóg sé é ó mhairbh, gan filleadh chun truaillithe, is mar seo a labhair sé air,
‘Tabharfaidh mé duit naomhbheannachtaí buanseasmhaca Dháibhí.’
35Dá bhri sin tá ráite aige i salm eile,
‘Ní ligfidh tú do do Naomh an truailliú a fheiceáil.’
36Mar níl amhras faoi Dháibhí, i ndiaidh é freastal ar chomhairle Dé ina ghlúin féin, gur thit sé ina chodladh, agus gur cuireadh san uaigh é, i gcuideachta a sheacht sinsear, agus gur bhlais sé an truailliú; 37ach an té a thóg Dia ar an aiséirí níor bhlais sé aon truailliú. 38Tugaim le fios daoibh mar sin, a bhráithre, go bhfuil maithiúnas na bpeacaí tríd an bhfear sin á fhógairt daoibh, 39agus gur trídsean a scaoiltear gach duine a chreideas ón ní nár fhéad dlí Mhaois sibh a scaoileadh uaidh. 40Seachnaigí, mar sin, ar eagla go dtiocfadh oraibhse an ní seo a mbíonn na fáithe ag trácht air:
41‘Féachaigí, a lucht na fonóide, a dtiocfadh an t‑iontas agus an t‑éag oraibh;
mar is in bhur laethanta a bheidh an gníomh á dhéanamh agam,
an gníomh nach gcreidfidh sibh choíche má insítear daoibh faoi.’”
42Agus nuair a bhíothas ag imeacht, chuir na daoine a n‑impí air na nithe seo a insint dóibh ar an tsabóid a bhí chucu. 43Agus nuair a bhí deireadh leis an gcruinniú a bhí sa tsionagóg, lean mórán de na Giúdaigh agus de na daoine cráifeacha a thiontaigh chun Giúdachais Pól agus Barnabas, agus labhair siadsan leo ag agairt orthu seasamh go daingean i ngrásta Dé.
44An tsabóid ina dhiaidh sin bhí lucht na cathrach uile beagnach cruinn le briathar Dé a chluinstin. 45Ach nuair a chonaic na Giúdaigh na sluaite, bhí siad lomlán dʼéad, agus iad ag cur in éadan a raibh le rá ag Pól, agus iad ag fonóid faoi. 46Agus labhair Pól agus Barnabas go dána neamh-eaglach, agus ar siadsan, “Bhí sé riachtanach briathar Dé a labhairt libhse ar dtús. Ach ó cuireann sibh uaibh é, agus ó measann sibh nach fiú sibh an bheatha shíoraí a fháil, féachaigí, seo ag tabhairt aghaidh ar na Gintlithe sinn. 47Mar tá ordaithe ag an Tiarna dúinn sin a dhéanamh, á rá,
‘Chuir mé thú mar sholas ag na Gintlithe,
ionas go dtuga tú an slánú go dtí an ceann is faide uainn den domhan.’”
48Ach nuair a chuala na Gintlithe é, bhí lúcháir orthu agus thug siad glóir do bhriathar Dé; agus chreid an méid acu a bhí ordaithe chun na beatha síoraí. 49Agus leathnaigh briathar Dé ar fud na críche. 50Ach shéid na Giúdaigh faoi mhná céimiúla cráifeacha agus faoi phríomhfhir na cathrach, agus dʼadhain siad géarleanúint in aghaidh Phóil agus Bharnabais, gur chuir tóir orthu as na críocha sin. 51Ach is é rud, chroith siad deannach a gcos uathu ina n‑éadan, agus thug siad Icónium orthu féin. 52Agus líonadh na deisceabail de lúcháir agus den Spiorad Naomh.

Currently Selected:

Gníomhartha 13: OC1970

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in