Gníomhartha 12
12
1Ba faoin am úd a fuair an rí Iorua cuid de bhaill na heaglaise ina chrúba agus a thug sé drochíde dóibh. 2Dʼimir sé bás ar Shéamas deartháir Eoin leis an gclaíomh; 3agus nuair a chonaic sé gur thaitin sin leis na Giudaigh, rinne sé Peadar a ghabháil freisin. Tharla sin in am laethanta an Aráin gan Laibhín. 4Nuair a bhí sé gafa aige, chaith sé i bpríosún é, agus chuir sé ceithre cheathrar saighdiúirí mar gharda air, gach ceathrar ar a seal, agus é ar intinn aige a thabhairt amach chuig na daoine i ndiaidh na Cásca. 5Bhí Peadar mar sin faoi choimeád sa phríosún; ach bhí an eaglais ag guí Dé go dian dúthrachtach ar a shon.
6An oíche roimh an lá sin a raibh Iorua ar tí a thabhairt amach, bhí Peadar ina chodladh idir beirt shaighdiúir, agus dhá shlabhra á cheangal, agus na coimeádaithe os coinne na ndoirse agus iad ag coimeád an phríosúin; 7agus bʼshiúd aingeal ó Dhia á nochtadh, agus an solas ag lonradh sa chillín, agus bhuail sé bos ar thaobh Pheadair á mhúscailt, agus dúirt sé leis, “Éirigh i do shuí go tapaidh,” agus thit na slabhraí dá lámha. 8Agus dúirt an t‑aingeal leis, “Cuir ort do chuid éadaí agus do choisbheart.” Agus rinne sé amhlaidh. Agus dúirt sé leis, “Fill dʼfhallaing tharat agus tar i mo shála.” 9Agus chuaigh sé amach ina dhiaidh; ní raibh fhios aige gurbh fhíor é a ndearna an t‑aingeal, ach é ag sileadh gurbh aisling í a bhí á feiceáil aige. 10Nuair a ghabh siad thar an chéad agus an dara post faireoireachta shroich siad an geata iarainn a thabharfadh amach chun na cathrach iad. Dʼoscail sé rompu uaidh féin, agus shiúil siad fad aon sráide amháin; agus dʼfhág an t‑aingeal ansin i dtobainne é. 11Nuair a tháinig Peadar chuige féin dúirt sé ina intinn, “Aithním anois gur scéal cinnte é go bhfuil an Tiarna tar éis a aingeal a chur uaidh agus mé a tharrtháil ó láimh Iorua agus óna raibh faoi mo choinne ag an gcine Giúdach.”
12Nuair a bhí sin tuigthe go beacht aige, tharraing sé ar theach Mhuire, máthair Eoin dár chomhainm Marcas, áit ina raibh slua mór cruinnithe le chéile agus iad ag urnaí. 13Agus nuair a bhuail sé cnag ar chomhla gheata na cúirte, tháinig cailín a raibh Róda mar ainm uirthi aniar. 14Nuair a dʼaithin sí glór Pheadair, níor oscail sí an geata le méid a lúcháire roimhe, ach rith sí isteach le hinsint go raibh Peadar ina sheasamh os comhair an gheata. 15Dúirt siad léi, “Is ar mire atá tú.” Ach dhearbhaigh sise go raibh amhlaidh. Dúirt siad ansin, “Is é a aingeal coimhdeachta atá ann.” 16Ach mhair Peadar leis ag bualadh; agus dʼoscail siad an doras go bhfaca siad é agus go raibh dubhiontas orthu. 17Ach bhagair sé a lámh orthu le bheith ina dtost, agus dʼinis sé tríd síos dóibh conas a thug an Tiarna amach as an bpríosún é. Agus dúirt sé, “Inis an méid sin do Shéamas agus do na bráithre.” Dʼimigh sé as ansin go hionad eile.
18Ansin, nuair a ghealaigh an lá, bhí corraí nár bheag ann i measc na saighdiúirí agus iad ag iarraidh a fháil amach cad é a dʼéirigh do Pheadar. 19Agus nuair a chuardaigh Iorua é gan a thásc ná a thuairisc a fháil, chuir sé céasadh ar na saighdiúirí le heolas a bhaint astu agus thug sé ordú a gcur chun báis. Chuaigh sé síos ansin ó Iúdaea go Caesaríá, agus dʼfhan ansin.
20Anois bhí Iorua i bhfeirg le muintir Thiora agus Shiodóin; agus tháinig siad uile le chéile ina láthair, agus mheall siad leo Blastus, maor theaghlach an rí, agus dʼagair siad é faoi shíocháin, ó bhí a dtírsean taobh le tír an rí le haghaidh a soláthar bia. 21Agus ar an lá a bhí ainmnithe, chuir Iorua a fheisteas ríoga air féin, agus chuaigh sé ina shuí ar a ríchathaoir gur thug sé óráid dóibh. 22Agus ghlaoigh na daoine os ard, “Ní glór daonna é ach glór dé!” 23Bhuail aingeal ón Tiarna buille air, ó nár thug sé an ghlóir do Dhia; agus bhí sé á chreimeadh ag cnumhóga gur éag sé.
24Ach bhí fás agus méadú ar bhriathar Dé.
25Agus dʼfhill Barnabas agus Sáúl ó Iarúsailéim nuair a bhí a ngnóthaí déirciúla déanta acu, agus thug siad leo Eoin dár chomhainm Marcas.
Currently Selected:
Gníomhartha 12: OC1970
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland