2 Timótéus 3
3
1Ach tuig é seo, go mbeidh am crua ann i laethanta deireanacha an domhain. 2Mar beidh na daoine mar mhaithe leo féin, santach, bródúil, diomasach, magúil, easumhal dá dtuismitheoirí, míbhuíoch, mínaofa, 3gan daonnacht, gan trócaire, cúlchainteach, drabhlásach, fíochmhar, fuath acu don mhaith, 4iad fealltach, ceanndána, á séideadh le huabhar, ina ndaoine ar fearr leo a bpléisiúr féin ná Dia, 5a mbíonn gné an chreidimh acu ach a dhiúltaíos dá chumhacht. Ná bíodh baint agat lena macasamhla siúd. 6Is díobh iad siúd a shnámhas isteach i dteaghlaigh agus a dhéanas braighde dʼóinseacha, atá faoi thromualach peacaí, agus a mbíonn tallannacha taodacha á luascadh, 7a éisteas le gach comhairle agus nach bhféadann teacht chun eolais na fírinne. 8Mar chuir lanes agus Iambres in éadan Mhaois, is mar sin a chuireann na fir seo in éadan na fírinne, fir na hintinne truaillithe agus an bhréagchreidimh; 9ach ní rachaidh siad i bhfad chun tosaigh, agus dála na beirte úd, beidh a gcuid amaidí soiléir don saol.
10Anois bhreathnaigh tú mo theagasc, eagar mo bheatha, mo chuspóir, mo chreideamh, mʼfhoighne, mo ghrá, mo bhuanseasmhacht, 11mo ghéarleanúintí agus a bhfuair mé de dhua ag Antíoc, in Icónium agus i Listra, cad iad na géarleanúintí a dʼfhulaing mé; ach thug an Tiama slán astu uile mé. 12Ar ndóigh níl duine dá dtoilíonn beatha dhiaganta a chaitheamh in Íosa Críost nach gcuirtear géarleanúint air. 13Agus beidh drochdhaoine agus mealltóirí ag dul in olcas, ag mealladh agus á mealladh. 14Ach maidir leat féin, cuir leanúntas ar ar fhoghlaim tú agus ar ar chreid tú ann, ó tá a fhios agat cé hiad ar fhoghlaim tú uathu é, 15agus ós aithnid duit ó aois linbh an scríbhinn dhiaga atá in ann eagnaíocht do shlánaithe a mhúineadh duit trí chreideamh in Íosa Críost. 16Tá tinfeadh Dé i ngach aon scríbhinn dhiaga agus fónann sí le dea-theagasc a thabhairt, agus drochtheagasc a bhréagnú, le daoine a chur ar bhealach a leasa agus lena n-oiliúint san fhíréantacht, 17ionas go mbeidh an duine is le Dia iomlán gan easpa agus é á ghléasadh le haghaidh gach cineál dea-oibre.
Currently Selected:
2 Timótéus 3: OC1970
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland