Ach tuig é seo, go mbeidh am crua ann i laethanta deireanacha an domhain. Mar beidh na daoine mar mhaithe leo féin, santach, bródúil, diomasach, magúil, easumhal dá dtuismitheoirí, míbhuíoch, mínaofa, gan daonnacht, gan trócaire, cúlchainteach, drabhlásach, fíochmhar, fuath acu don mhaith, iad fealltach, ceanndána, á séideadh le huabhar, ina ndaoine ar fearr leo a bpléisiúr féin ná Dia, a mbíonn gné an chreidimh acu ach a dhiúltaíos dá chumhacht. Ná bíodh baint agat lena macasamhla siúd.