YouVersion Logo
Search Icon

1 Coraintigh 16

16
1Anois, i dtaobh an tsíntiúis le haghaidh na naomh: an ní a dʼordaigh mé dʼeaglaisí Ghalátia, is é a dhéanfas sibh freisin. 2Ar an gcéad lá de gach seachtain, caithfidh gach duine agaibh rud éigin a chur i leataobh agus a chur i dtaisce, de réir an ratha a bhíos air, sa chruth nach mbeidh síntiúis á dtabhairt nuair a thagaim chugaibh. 3Agus nuair a thiocfas mé, cuirfidh mé an dream a dtugann sibh litir chreidiúna dóibh amach le bhur mbronntanas a iompar leo go hlarúsailéim. 4Má fheictear dom gur ceart dom dul ann freisin, rachaidh siad i mo chuideachta. 5Tabhar-faidh mé cuairt oraibh tar éis dul tríd an Macadóin, mar tá sé curtha romham agam dul tríd an Macadóin, 6agus dʼfhéadfainn bheith agaibh seal tamaill nó i rith an gheimh-ridh féin, sa chruth go bhféada sibh mé a chomóradh ar mʼaistear, cibé áit a dtéim. 7Mar ní cuairt faoi dheifir atá uaim, ach tá dóchas agam tamall maith a chaitheamh libh, le deonú Dé. 8Ach fanfaidh mé san Eiféis go Cincís, 9mar tá doras leathan chun saothair éifeachtaigh ar oscailt romham, agus is iomaí duine ag cur i mʼéadan.
10Nuair a thiocfas Timótéus, bígí cinnte a chur ar a shocracht in bhur mease, mar is í obair an Tiarna atá á déanamh aige, mo dhála féin. 11Mar sin ná déanadh aon duine a bheag de. Soirbhígí a bhealach dó faoi shíocháin, sa chruth go bhfille sé orm; mar tá mé ag feitheamh leis agus leis na bráithre eile.
12I dtaca lenár mbráthair Apollós, bhí mé ag agairt go dian air cuairt a thabhairt oraibh i gcuideachta na mbráithre eile, ach níorbh é a thoil ar chor ar bith teacht anois. Tiocfaidh sé nuair a bhíos faill aige.
13Bígí faireach, seasaigí go daingean ar bhur gcreideamh, bígí mórmhisniúil láidir. 14Déanaigí a ndéanann sibh go grách.
15Anois, a bhráithre, is feasach daoibh gurb iad teaghlach Stefános an chéad bharr a baineadh in Acáia, agus gur thug siad iad féin do bheith ag freastal ar na naoimh; 16agraim oraibh umhlú dá leithéidí agus do gach comhoibrí agus saothraí. 17Tá lúcháir orm roimh Stefános agus Fortunátus agus Acaiacus, ó lion siad an ionad a dʼfhág sibh folamh; 18mar thug siad aigne domsa agus daoibhse. Aithnígí fir atá mar iad.
19Beannaíonn eaglaisí na hÁise daoibh. Beannaíonn Acuila agus Prisca agus an eaglais a bhíos ina dteach go croíúil daoibh sa Tiarna. 20Beannaíonn na bráithre uile daoibh. Beannaígí dá chéile le naomh-phóg.
21Mise, Pól, a scríobhas an beannú seo i lorg mo láimhe féin. 22Aon duine nach mbíonn grá aige don Tiarna, bíodh sé ina dhíol mallachta. Tar, a Thiarna atá orainn! 23Go raibh grásta an Tiarna Íosa libh. 24Bíodh mo ghrá-sa libh uile sa Chríost, in Íosa. Áiméan.

Currently Selected:

1 Coraintigh 16: OC1970

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in