1 Coraintigh 15
15
1Ba mhaith liom anois, a bhráithre, a chur i gcuimhne daoibh cad é an soiscéal a dʼfhógair mé daoibh, an soiscéal ar ghlac sibh leis, an soiscéal a bhfuil bhur seasamh air, 2an soiscéal a shlánós sibh, ach sibh greim daingean a choinneáil air—mura bhfuil creidte agaibh in aisce.
3Mar an príomhphointe a chuir mé romhaibh is é an pointe ar ghlac mé féin leis ó dhaoine eile, is é rud é go bhfuair Críost bás in éiric ár bpeacaí mar atá ráite sna scrioptúir, 4agus gur adhlacadh é, agus gur tógadh ar an aiséirí é an tríú lá mar atá ráite sna scrioptúir, 5agus gur thaispeáin sé é féin do Chéfas, agus don dáréag ansin. 6Thaispeáin sé é féin ansin do chorradh is cúig chéad bráthair in aon am amháin, a bhfuil a mbunús ina mbeatha go fóill cé go bhfuil cuid acu séalaithe leo. 7Thaispeáin sé é féin do Shéamas ansin, agus ina dhiaidh sin do na haspail uile le chéile. 8Agus thiar thall sa deireadh, thaispeáin sé é féin domsa, ionann is dá mbeinn i mo bhreith anabaí. 9Mar is mé is lú de na haspail, ó nach fiú mé mʼainmniú i mease na n-aspal, ó rinne mé géarleanúint ar eaglais Dé. 10Ach is le grásta Dé atáim mar a fheiceann sibh mé, agus ní raibh a ghrástasan in aisce orm. A athrach ar fad, mar dʼoibrigh mé níos crua ná aon duine acu, cé nach mé a rinne sin, ach an grásta a bhíos ionam ó Dhia. 11Ach is cuma cé acu mise nó iad, is é sin ábhar ár seanmóra, agus is é sin an ní a chreid sibh.
12Anois má bhítear ag seanmóireacht an Chríost atá i ndiaidh éirí ó mhairbh, conas a fhéadann cuid agaibhse a rá nach bhfuil éirí ó mhairbh ann? 13Mar más rud é nach bhfuil éirí ó mhairbh ann, níor tógadh Críost ar an aiséirí; 14agus más rud é nár tógadh Críost, is saothar in aisce dúinn bheith ag seanmóireacht agus níl bhur gcreideamh ach in aisce. 15Agus ní hamháin sin, táimidne inár bhlinnéithe bréige ar Dhia, sinne a bhíos ag tabhairt fianaise gur thóg sé Críost, mar níor thóg sé é ar chor ar bith más fíor nach dtógtar na mairbh. 16Mar mura dtógtar na mairbh, níor tógadh Críost. 17Agus murar tógadh Críost, níl éifeacht in bhur gcreideamh, agus is dubh go fóill bhur bpeacaí ar bhur n-anamacha. 18Agus lena chois sin tá deireadh go deo leis an dream a shéalaigh i gcreideamh Chríost. 19Más le haghaidh bheatha an tsaoil seo amháin a bhíos dóchas as Críost againn, is sinne an díol trua is mó den Ádhamhchlann uile.
20Ach is amhlaidh a tógadh Críost ar an aiséirí ó mhairbh, agus is é na chéadtorthaí é a tháinig as na mairbh atá ina gcodladh. 21Mar a tháinig an bás trí dhuine, is amhlaidh a tháinig an t-aiséirí ó mhairbh trí dhuine. 22Ó mar a fhaigheann daoine an tsaoil bás trí Ádhamh, is amhlaidh a dhéanfar beo iad uile i gCríost. 23Ach caithfidh siad uile bheith in ord agus in eagar: An Críost mar na chéadtorthaí, agus ansin an dream is le Críost nuair a thiocfas seisean. 24Is ansin a thiocfas an chríoch dhéanach, nuair a dhéanfas sé an ríocht a sheachadadh i lámha Dé i ndiaidh é deireadh a chur le gach riail agus gach údarás agus gach cumhacht. 25Mar caithfidh an réim a bheith aige go dtí go gcuirfidh sé a naimhde uile faoina chois. 26Is é an namhaid deiridh a dhioláithreofar an bás. 27“Mar níl ní nach bhfuil curtha faoina chosa ag Dia.” Ach nuair a deirtear, “nach bhfuil ní nach bhfuil curtha faoina chosa,” is léir go bhfágtar as an áireamh an té a chuir na nithe uile eile faoi. 28Nuair a chuir-fear na nithe uile faoina chois, is ansin a chuirfear an Mac é féin faoi smacht an té a chuir na nithe uile faoi, i dtreo nach mbeidh duine ann ar ní leis aon ní ach Dia.
29Mura bhfuil sin amhlaidh, cad chuige a bhfuil siad dó, ag baisteadh daoine in ionad daoine atá marbh? Mura dtógtar na mairbh ar an aiséirí, cad chuige daoine a bhaist-eadh ina n-ionad? 30Cad chuige a mbímse go síor i gcontúirt? 31Dearbhaím daoibh, a bhráithre, dar an mbród a chuireas sibh orm gach uile lá i láthair ár dTiarna Íosa Chríost, go mbím ag saothrú an bháis gach uile lá! 32Cad é an tairbhe dom é má throid mé, mar a déarfadh duine, le beithigh allta san Eiféis? Mura dtógtar na mairbh, “bímis ag ithe is bímid ag ól linn, mar is é an bás amárach a gheobhaimid.” 33Ná bíodh breall oraibh: “Cuireann drochchuideachta deireadh le dea-bhéasa.” 34Bígí in bhur gciall agus ná déanaigí a thuilleadh den pheaca. Mar tá siad ann nach eol dóibh Dia. Is mór an náire daoibh é mé á rá.
35Ach beidh duine éigin ag fiafraí, “Conas a thógtar na mairbh? Cad é an cineál coirp ina dtiocfaidh siad?” 36A dhaoi gan chiall! Ní thiocfaidh a gcuireann tú chun beatha gan bás a fháil. 37Agus ní ionann an síol a chuireas tú agus an corp atá le bheith ann, mar níl ann ach gráinne gann de chruithneacht nó dʼarbhar eile. 38Ach is é rud, tugann Dia di an corp a thogh sé, a chorp féin do gach síol. 39Mar ní mar a chéile iad na feolta uile, mar tá feoil amháin ag daoine, agus feoil eile ag beithigh, agus feoil eile ag éanlaith, agus feoil eile ag éisc. 40Tá coirp neamhaí agus coirp thalmhaí ann; ach ní ionann glóir an choirp neamhaí agus glóir an choirp thalmhaí. 41Tá glóir amháin ag an ngrian agus glóir eile ag an ngealach, agus glóir eile ag na réaltaí; mar is mór idir glóir réalta amháin agus glóir réalta eile.
42Mar an gcéanna dʼaiséirí na marbh. An síol a chuirtear is é a chaitear, ach is buan an ní a thógtar ar an aiséirí. 43Cuirtear in easonóir é, tógtar i nglóir é. Cuirtear i laige é, tógtar i gcumhacht é. 44Cuirtear ina chorp nádúrtha é, tógtar ina chorp spioradálta é. Má tá corp nádúrtha ann, tá corp spioradálta ann freisin. 45Is dá bhrí sin a scríobhtar, “Thosaigh an chéad Ádhamh ar bheith ina dhuine beo;” dʼéirigh an tÁdhamh deiridh amach ina sprid bheathbhronntach. 46Ach ní ag an spioradálta a bhíos an tús ach is amhlaidh a bhíonn an tús ag an nádúrtha, agus tagann an spioradálta ansin ina dhiaidh. 47An chéad fhear a bhí ann, ba den talamh é, agus gan ann ach luaith; ach an dara fear a bhí ann, bʼas neamh a tháinig sé. 48Bíonn an dream a thagann ón luaith mar an fear úd na luaithe; agus an dream is le neamh, bíonn siadsan mar an fear ó neamh. 49Mar a bhí go dtí seo dealbh fhear na luaithe orainn, is amhlaidh a bheidh dealbh an fhir ó neamh orainn. 50Tugaim seo le fios daoibh, a bhráithre: ní féidir le fuil agus feoil bheith ina n-oidhre ar ríocht Dé, ná le duine díomuan bheith ina oidhre ar an ní atá buan.
51Féach! Tá rúndiamhair agam lena hinsint daoibh. Níl an suan i ndán dúinn uile, ach tá athrú i ndán dúinn uile, 52íin aon móimint amháin, i bhfaiteadh súile, ag seinm an stoic dheiridh. Mar seinnfear an stoc, agus tógfar na mairbh go buan dochaite, agus tiocfaidh athrú crutha orainn. 53Mar caithfidh an ní so-chaite de dhúchas buanadas a chur air féin, agus an daonnacht atá so-mharthanach ó nádúr an bheatha shíoraí a chur air féin. 54Nuair a chuireann an so-chaite an buanadas air féin, agus nuair a chuireann an daonnacht bhásmhar an bheatha shíoraí uirthi féin, is ansin a fhíorófar an nath atá scríofa:
“Slogann an bua an bás.”
55“A bháis, cá bhfuil do bhua?
A éag, cá bhfuil do chealg?”
56Is é an peaca cealg an bháis, agus is sa dlí atá cumhacht an pheaca. 57Ach buíochas do Dhia, a thugas an bua dúinn trínár dTiarna Íosa Críost.
58Dá bhrí sin, a bhráithre mo pháirte, bígí daingean dochorraithe, agus bígí de shíor go fairsing i saothar an Tiarna, agus a dhea-fhios agaibh ón Tiarna nach fuar é bhur saothar más sa Tiarna atá sé.
Currently Selected:
1 Coraintigh 15: OC1970
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
Cóipcheart 1970 Cumann Gaelach na hEaglaise
Copyright 1970 The Gaelic Guild of the Church of Ireland